Aiseolas ón seisiún Tae & Plé 24 Feabhra

Bhí slua breá i láthair don Tae & Plé ar an 24 Feabhra le smaointe agus taithí a roinnt ar a chéile maidir le riachtanais speisialta oideachais (RSO) sa naíonra. Táimid an-bhuíoch as bhur gcomhluadar ann, agus chomh fial is a mbíonn sibh leis na scéalta a roinnt...