Bainisteoir an Ionaid Tacaíochta Teaghlaigh

Feb 19, 2024

folúntas   bainisteoir F2024 méadaithe

Fáiltíonn an Crann Taca/Ionad Tacaíochta Teaghlaigh (ITT), Indreabhán, Condae na Gaillimhe roimh iarratais ar phost mar Bhainisteoir an ITT. Beidh an té a cheapfar freagrach as riaradh agus bainistiú sheirbhísí an ITT ina n-iomláine, idir na seirbhísí naíolainne, naíonraí, chlubanna bricfeasta agus seirbhísí iarscoile.

Ní mór d’iarrthóirí taithí bainistíochta agus riaracháin a bheith acu. Tá caighdeán maith Gaeilge riachtanach don phost. Bheadh cáilíocht sa réimse cúraim leanaí ina bhuntáiste.

Scála tuarastail: €55,000 go €60,000 in aghaidh na bliana

Seoltar iarratais agus CV faoina 5.00 i.n. Dé Máirt, 27 Feabhra 2024 chuig ittancranntaca@gmail.com nó:
An Rúnaí,
An Crann Taca/Ionad Tacaíochta Teaghlaigh
Na hAille,
Indreabhán,
Condae Na Gaillimhe.

Beidh eolas breise ar fáil maidir le sonraí an phoist ach teagmháil a dhéanamh le 091 399199 nó ríomhphost a sheoladh chuig ittancranntaca@gmail.com.
Is fostóir comhionannais deiseanna é an ITT.

Post Bhainisteoir an ITT (turastal méadaithe)