Bainisteoir Cúraim Leanaí i gCois Fharraige

Dec 3, 2025

Fogra poist ITT bainisteoir Samh2025   dronuilleog

Fáiltíonn an tIonad Tacaíochta Teaghlaigh (ITT), Indreabhán roimh iarratais do phost mar Bhainisteoir Cúraim Leanaí. Beidh an té a cheapfar freagrach as riaradh agus bainistiú sheirbhísí an ITT ina n-iomláine.

Ní mór d’iarrthóirí taithí bainistíochta agus riaracháin a bheith acu. Tá caighdeán maith Gaeilge riachtanach don phost. Bheadh cáilíocht sa réimse cúraim leanaí ina bhuntáiste. Scála tuarastail: €55,000 go €60,000 in aghaidh na bliana.

Seoltar litir iarratais agus CV faoi Dhéardaoin, 4 Mí na Nollag 2025, chuig bordstiurthaanitt@gmail.com nó:
An Bord Stiúrtha,
An tIonad Tacaíochta Teaghlaigh,
Na hAille,
Indreabhán,
Co. na Gaillimhe,

Déanfar gearrliostú ar na hiarratais. Beidh agallaimh ar siúl don phost in Indreabhán idir an 8-11 Mí na Nollag 2025.
D’fhéadfaí painéal a bhunú de bharr an chomórtais earcaíochta seo.
Tá eolas breise ar fáil ach ríomhphost a chur chuig bordstiurthaanitt@gmail.com.
Is fostóir comhdheiseanna é an ITT.