Bainisteoir Cúraim Leanaí in Indreabhán
Fáiltíonn an Crann Taca / Ionad Tacaíochta Teaghlaigh (ITT), Indreabhán, roimh iarratais ar phost mar Bhainisteoir Cúraim Leanaí. Beidh an té a cheapfar freagrach as riaradh agus bainistiú sheirbhísí an ITT ina n-iomláine, idir na seirbhísí naíolainne, naíonraí, chlubanna bricfeasta agus seirbhísí iarscoile.
Ní mór d’iarrthóirí taithí bainistíochta agus riaracháin a bheith acu, chomh maith le taithí sa réimse cúraim leanaí agus cáilíocht Leibhéal 6 nó níos airde i gCúram Leanaí (QQI/FETAC nó a chomhionann). Tá caighdeán maith Gaeilge riachtanach don phost. Bheadh cáilíocht tríú leibhéal sa réimse cúraim leanaí ina bhuntáiste.
Seoltar iarratais agus CV faoina 5.00 i.n. Dé hAoine, 3 Feabhra 2023 chuig:
An Rúnaí,
An Crann Taca / Ionad Tacaíochta Teaghlaigh
Na hAille,
Indreabhán,
Condae na Gaillimhe.
Beidh eolas breise ar fáil maidir le sonraí an phoist ach teagmháil a dhéanamh le 091 399199 nó ríomhphost a sheoladh chuig ittancranntaca@gmail.com.
Is fostóir comhionannais deiseanna é an ITT.