Ballraíocht 2020-21

Sep 8, 2020

Ballraíocht 2020 21

Is féidir Ballraíocht Gaeloideachas a fháil anois don scoilbhliain 2020-21!

Táillí ballraíochta

Is féidir le haon scoil atá ag cur oideachas lán-Ghaeilge ar fáil clárú le bheith mar bhall de chuid na heagraíochta.
Costas €100 in aghaidh na scoilbhliana atá i gceist, le lascaine 50% do scoileanna nua (a d’oscail don chéad uair i 2020) agus do scoileanna oileáin.
Maireann ballraíocht Gaeloideachas ó Mheán Fómhair 2020 go Samhradh 2021.

Buntáistí d’ár mbaill

Seo na seirbhísí a chuireann Gaeloideachas ar fáil do bhaill amháin:

  1. Scéimeanna na heagraíochta, ina measc Le Chéile trí Ghaeilge agus Ar Scáth a Chéile
  2. Cóipeanna crua d’fhoilseacháin uile na heagraíochta (treoirleabhair agus ábhar bolscaireachta
  3. Táille laghdaithe agus tús freatail do bhaill le freastal ar ócáidí, seimineáir agus comhdhálacha na heagraíochta
  4. Rúin agus ainmniúcháin a chur faoi bhráid Chruinniú Ginearálta Bliantúil Gaeloideachas (11 Feabhra 2021)

Téigh chuig an leathanach ballraíochta ar ár suíomh le clárú linn mar bhall anois! https://gaeloideachas.ie/maidir-gaeloideachas/ballraiocht/?lang=ga