Beatha Teanga: ag cothú na Gaeilge labhartha ag an iar-bhunleibhéal

Nov 15, 2022

22.11.2022 Beatha Teanga; ag cothú na Gaeilge labhartha ag an iarbhunleibhéal

Dé Máirt 22ú beidh Eoghan Ó Ceallaigh (Príomhoide, Coláiste na Coiribe), Róisín Ní Dhúshláine (Príomhoide, Coláiste Pobail Rath Cairn) agus Pa Ó Fionnmhúchán (Ceann bliana, Gaelcholáiste Mhic Shuibhne) ag labhairt faoi shlite chun na Gaeilge labhartha a chur chun cinn lasmuigh den seomra ranga in iarbhunscoil.

Beidh leagan nua de Beatha Teanga forbartha ag Gaeloideachas an bhliain seo chugainn, bunaithe ar thaithí agus ar dhea-chleachtas ó scoileanna. Is í sprioc Beatha Teanga ná dearcthaí dearfacha agus gníomhartha a spreagadh i measc phobail na scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta a chuirfidh le cur chun cinn na Gaeilge mar theanga na cumarsáide, an spraoi agus an tsóisialaithe.

Beidh an seimineár seo ag tosú ag 19:00 ar Teams; beidh deis ceisteanna a chur agus beidh sé 50 nóiméad ar fad.