Beatha Teanga – Leagan do na hIar-bhunscoileanna

Tá leagan Iar-bhunleibhéil den leabhar Beatha Teanga ar fáil anois ar líne agus mar chóip crua. Foilsíodh Beatha Teanga ar dtús mar leabhar tacaíochta do bhunscoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta chun an Ghaeilge a chur chun cinn mar “Theanga na Cumarsáide, an Spraoi agus an tSóisialaithe – Spreagsmaointe d’Iar-bhunscoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta”. Tá an leagan nua dírithe ar na hiar-bhunscoileanna agus cuirfear cóip crua amach chuig gach iar-bhunscoil Gaeltachta & Lán-Ghaeilge.
Tá trí réimse i mBeatha Teanga (1) An Leabhar (2) Suíomh idirlín – beathateanga.ie (3) Ceardlanna do mhúinteoirí.
Aithnítear i mBeatha Teanga go bhfuil ról ag gach duine i bpobal na scoile an Ghaeilge a chothú mar an teanga cumarsáide agus spraoi lasmuigh den suíomh ranga. Tugtar spreagadh sa leabhar /ar an suíomh Beatha Teanga chun daltaí, múinteoirí, tuismitheoirí agus gach duine a bhfuil teagmháil acu leis an scoil an teanga a úsáid go nádúrtha.
Beidh imeachtaí bunaithe ar Beatha Teanga á n-eagrú ag Tionól Forbartha Gaeloideachas 2025 ar an 21 Samhain in Óstán Pháirc Bhaile an Róistigh, Corcaigh. Ba bhreá linn casadh libh ansin. Gach eolas: peigi@gaeloideachas.ie / tonai@gaeloideachas.ie.