Bileog Stocaireachta d’Olltoghchán 2020

Jan 28, 2020

Anois an deis
Ar an 8 Feabhra, beidh deis againn Rialtas a thoghadh a mbeidh tionchar ollmhór aige ar thodhchaí na Gaeilge agus an earnáil oideachais lán-Ghaeilge agus Gaeltachta.

Seo thíos na héilimh atá ag Gaeloideachas do na hiarrthóirí uile a bheidh ag seasamh le bheith tofa mar ionadaithe orainn, éilimh a chreideann muid go mbeadh tionchar dearfach acu ní hamháin ar an ngort ina bhfuil muid ag treabhadh in éineacht le pobail na naíonraí agus na scoileanna, ach go mbeidís chun leasa muintir uile na tíre.

Tabhair faoi deara go bhfuil na héileamh i nGaeilge agus i mBéarla sna ceangaltáin le híoslódáil thíos, le gur féidir iad a roinnt go héasca le tuismitheoirí agus polaiteoirí gan Gaeilge.

Is mian linn gealltanais a fháil ó gach iarrthóir:-

  • Go bhforbrófar polasaí Stáit don Oideachas lán-Ghaeilge a bheidh láidir, cuimsitheach agus taighde-bunaithe, de réir sceideal comhaontaithe agus le hacmhainní cuí, soláthar múinteoirí san áireamh
  • Go leanfaí leis an tacaíocht don Pholasaí Oideachas Gaeltachta
  • Go gcuirfí tacaíochtaí cuí ar fáil don oideachas speisialta sa chóras lán-Ghaeilge agus Gaeltachta agus go gcinnteofaí córas a thacaíonn le riachtanais gach páiste
  • Go dtabharfaí cosaint do stádas na Gaeilge sa chóras oideachais

Cabhraigh linn!
Beidh ár n-éilimh á scaipeadh againn ar na hiarrthóirí uile, ach b’fhearr i bhfad go mbeidís á fháil acu óna bpobail féin, iad siúd a bhfuil vótaí acu le bronnadh orthu.

Iarraimid ort, mar sin, na héilimh a chur faoi bhráid d’iarrthóirí áitiúla – ar ríomhphost, trí na meáin shóisialta, nuair a chnagann siad ar an doras agus an dinnéar á réiteach agat – aon deis a fhaigheann tú.

Is féidir bileog agus póstaer dátheangach leis na héilimh a íoslódáil anseo, móide íomhánna gur féidir a roinnt ar na meáin shóisialta.

Bímis le cloisteáil agus todhchaí na tíre faoi chaibidil!

“A iarrthóir, a chara…”

Má tá cúpla nóiméad agat, is féidir ríomhphost leis na héilimh a sheoladh chuig na hiarrthóirí i do cheantar féin. Tá próifíl agus sonraí teagmhála na n-iarrthóirí i ngach dáilcheantar ar fáil anseo: https://www.thejournal.ie/election-2020/