Bleaist Eolaíochta ESB 2026

Apr 14, 2026

Bhí Lá Mór na nGaelscoileanna / Scoileanna Gaeltachta le tacaíocht COGG agus an Foras Pátrúnachta mar chuid de Bleaist Eolaíochta ESB 2026 ar bun ar 5 Márta 2026 san RDS. Bhí halla taispeáintais an RDS lán le daltaí bunscoile agus Gaeilge ag dul go fraitheacha. Bhí an oiread sin fuinnimh le brath  óna paistí óga agus iad ar bís leis an mbród a bhí orthu as a gcuid tionscadal. Seo thíos grianghraif de chuid de na tionscadail sin óna Scoileanna Gaeltachta agus Gaelscoileanna. Chuir mé féin an-suim i dtionscadal Ghaelscoil Bharra, Cabrach, BÁC 7😊.