Bua mór don bhfeachtas i gcoinne chinneadh an Aire Oideachais Páipéar 1 Gaeilge na hArdteiste a scrúdú sa Chúigiú Bliain
Cuireann Gaeloideachas fáilte roimh an gcinneadh a fógraíodh inniu go dtarraingeofar siar an moladh go ndéanfar scrúdú ar Pháipéar 1 Gaeilge na hArdteiste ag deireadh an Chúigiú Bliain. Bhí Gaeloideachas in eindí le heagraíochtaí oideachais agus Gaeilge eile chun tosaigh sna díospóireachtaí conspóideacha seo, agus ag déanamh abhcóideachta ar son na scoláirí, a gcuid tuismitheoirí agus múinteoirí a bhí an-mhíshásta agus buartha faoin gcinneadh.
“Ní raibh aon bhunús eolaíoch ná oideachasúil leis an moladh, agus ní dhearnadh aon anailís ar na himpleachtaí d’eispéireas foghlama an scoláire, do theagasc agus foghlaim na teanga síos tríd an gcóras oideachais, ná do thodhchaí agus stádas na teanga,” a deir Bláthnaid ní Ghréacháin, Ardfheidhmeannach Gaeloideachas. “D’aithin na páirtithe uile go raibh sé den riachtanas go gcuirfear gach deis ar fáil do scoláirí a gcuid scileanna sealbhaithe teanga a fhorbairt níos mine roimh dóibh tabhairt faoin gceapadóireacht agus cluastuiscint, agus le cinntiú go mbeadh cainteoirí níos inniúla Gaeilge ann ag an deireadh, seachas na deiseanna sin a bhaint uathu sa Séú Bliain.”
Deir ní Ghréacháin, “ní raibh ciall ná réasún le leasú a dhéanamh ag an staid seo fad is atá athbhreithniú níos leithne ar bun ar an tSraith Shinsearach. Ní féidir cur chuige à la carte mar seo a ghlacadh, gan phróiseas cuimsitheach anailíse glactha ar réasúnaíocht, torthaí inmhianaithe agus impleachtaí gach cinneadh mar a bhaineann le teagasc agus foghlaim na Gaeilge. Tá sé thar am go n-aithneoidh an tAire go bhfuil fís láidir agus polasaí soiléir de dhíth maidir leis an teanga sa chóras oideachais trí chéile”.
“Aithnímid go mbíonn an-chuid brú ar scoláirí agus iad ag dul i ngleic le córas na hArdteiste, ach dá mbogfaí Páipéar 1 go deireadh an Chúigiú Bliain, feictear dúinn go mbeadh laghdú sna spriocanna agus sna caighdeáin teanga atá le baint amach. Tá riosca láidir ann go n-athrófar leibhéal rannpháirtíochta na scoláirí sa teanga sa Séú Bliain gan trácht ar an leibhéal spéise agus fonn úsáidte go sóisialta amach anseo,” a deir Uachtarán Gníomhach Gaeloideachas, Seán Ó hArgáin.
“Tá an cinneadh ceart déanta ag an Aire Oideachais gan leanúint leis an gcinneadh. Tá súil againn go dtógfar tuairimí na n-oideoirí, an phobail agus na n-eagraíochtaí tacaíochta san áireamh agus anailís ar bun maidir le leasuithe ar an tSraith Shinsearach. Leanfaidh Gaeloideachas ar aghaidh ”.
Críoch
Nótaí don eagarthóir
Teagmháil Bláthnaid ní Ghréacháin, Ardfheidhmeannach| blathnaid@gaeloideachas.ie | 01 8535195 | 086-8050335 Seán Ó hArgáin, Uachtarán Gníomhach | 087-4192322 |
|
Gaeloideachas Tugann Gaeloideachas comhairle, cúnamh agus tacaíocht do dhaoine ar mian leo oideachas lán-Ghaeilge dá bpáistí, chomh maith le seirbhísí tacaíochta agus abhcóideachta do scoileanna lasmuigh agus laistigh den Ghaeltacht mar aon le naíonraí lasmuigh den Ghaeltacht. |