Bualadh bos, bualadh bos, buailimís go léir,
Tá Daidí na Nollag ag teacht anocht,
anuas an similéar.
Ó, bualadh bos, bualadh bos, buailimís go léir,
Tá Daidí na Nollag ag teacht anocht
anuas an similéar.
Tá an Nollaig buailte linn,
tá áthas ins an aer.
Tá sneachta ar an dtalamh,
tá réaltaí ins an spéir.
Táimid ag dul a chodladh
is tá ár stocaí réidh.
Tá Daidí na Nollag ag teacht anocht
anuas an similéar.
Curfá
A Dhaidí, brostaigh ort,
is cuir do mhála síos.
Líon suas an stoca beag
le feiríní arís.
Is mithid duit imeacht
suas an simléar.
Tá leanaí beaga ag feitheamh ort
i ngach aon áit faoin speir.
Curfá
Tuilleadh ar fáil ar 🎶 Amhráin na Nollag 👼🎄🎅