Campaí Samhraidh 2021 (gach scoil DEIS)
Soláthar Samhraidh 2021 Clár Scoilbhunaithe i mBunscoileanna agus i Scoileanna Speisialta
Athruithe ó na blianta roimhe
- Oscailte do gach scoil DEIS; Banda 1, Banda 2, faoin tuath
- Íocaíocht na múinteoirí ag tiacht díreach tríd an gCóras um Éilimh ar Líne (OLCS)
- Cead ag scoileanna dhá champa, seachtain amháin, a reáchtáil
- Múinteoir breise chun tacú le hobair an champa; le cois ar mhúinteoir do gach 12 dalta
Maoiniú
- Deontas €30 in aghaidh na seachtaine i leith gach dalta
- Clár Béilí Scoile – iarratas curtha chuig an Roinn Cosanta Sóisialta arís i mbliana
- Suas go 36 dalta ceadaithe
- Múinteoirí íoctha (ceann do gach 12 + múinteoir breise)
- Cead ar fáil do chúntóirí riachtanas speisialta
Tacaíocht
- Lámhleabhar do Mhúinteoirí
- Clár Samhraidh Leathnaithe 2021
- Treoir ar an gClár Samhraidh 2021 do Bhunscoileanna
- Litir faoin gClár Samhraidh 2021
- Seisiún traenála 90 nóiméad ar líne Dé Céadaoin 16ú ar a seacht
- Eolas, moltaí agus tacaíocht ar fáil as Gaeilge ó Dhaithí Ó Murchú agus ó Mháirín Ní Chéileachair (Ionad Oideachais Bhaile Átha Cliath Thiar) campaisamhraidh@dwec.ie
Tá na cáipéisí thuas ar fad ar fáil ar www.gov.ie/ga/foilsiuchan/solathar-samhraidh-clar-scoilbhunaithe-i-mbunscoileanna-agus-i-scoileanna-speisialta/
Ní mór do scoileanna léiriú spéise a dhéanamh ar líne roimh, nó ar, an 10ú Meitheamh. Tá an fhoirm ar fáil, i mBéarla amháin faraor, anseo: https://dessurveys.education.gov.ie/surveys/Summer-Programme-Primary