Ceadaíonn an tAire Foley satailít de Choláiste Ghlór na Mara, Baile Brigín, ar champas lonnaithe i nDún Dealgan

Mar 31, 2021

Tá faomhadh tugtha ag an Aire Oideachais Norma Foley TD do shamhail satailíte nua don soláthar iar-bhunoideachais lán-Ghaeilge atá le píolótú i nDún Dealgan. Is éard atá sa tsamhail ná satailít/campas Dhún Dealgan-bhunaithe de Ghaelcholáiste An Foras Pátrúnachta i mBaile Brigín – Coláiste Ghlór na Mara.

Cruthaíonn píolótú na samhla satailíte lán-Ghaeilge deis chun samhail a iniúchadh a bhféadfadh tairbhí straitéiseacha agus infheidhmeacht a bheith aici in áiteanna eile sa tír mura mbíonn sé indéanta faoi láthair gaelcholáiste ann féin a bhunú ach má bhíonn leibhéal éilimh nár comhlíonadh ann don iar-bhunoideachas trí mheán na Gaeilge.

Dúirt an tAire Foley: “Tá an soláthar ar oideachas lán-Ghaeilge mar thosaíocht ag mo Roinn agus ag an Rialtas seo, agus táimid araon tiomanta go láidir don líon áiteanna atá ar fáil trí mheán na Gaeilge a mhéadú.

“Tá an-áthas orm gur féidir liom faomhadh na samhla seo a dheimhniú ar bhonn píolótach. Cuireann an togra píolótach rogha nua sa soláthar lán-Ghaeilge ar fáil do thuismitheoirí i nDún Dealgan sa bhreis ar an soláthar atá ann cheana féin á chur ar fáil ag scoileanna sa cheantar. D’fhéadfadh an fhoghlaim ón togra píolótach cuidiú le polasaí/cur chuige féideartha a fhorbairt chun an tsamhail a chur i bhfeidhm in áiteanna eile, faoi réir athbhreithnithe rathúil. Guím gach rath ar An Foras Pátrúnachta agus ar Choláiste Ghlór na Mara leis an tionscnamh píolótach seo agus beidh mé ag súil le cloisteáil conas mar a fhorbraíonn an tionscnamh.”

Cuimsíonn an tsamhail satailíte soláthar ar champas breise do scoil atá ann cheana seachas scoil nua a bhunú.

Is éard atá sa togra píolótach ná Gaelcholáiste iar-bhunscoile faoi phátrúnacht An Foras Pátrúnachta (Coláiste Ghlór na Mara i mBaile Brigín) a leathnú chun campas a bheith i nDún Dealgan.

Tá sé i gceist go gcuirfear tús leis an satailít píolótach ag an láthair ionad pobail i nDún Dealgan a mhol An Foras Pátrúnachta agus beidh na socruithe praiticiúla atá riachtanach á ndéanamh ag údaráis na scoile ionas gur féidir leis seo tarlú ó Mheán Fómhair 2021.

Déanfar monatóireacht rialta ar an togra píolótach agus beidh athbhreithniú cuimsitheach i gceist tar éis cúig bliana d’fheidhmiú an phíolótaigh mar chuid d’athbhreithniú ar an oideachas iar-bhunscoile trí mheán na Gaeilge i nDún Dealgan, ar mhaithe le cinneadh a dhéanamh maidir le leanúint leis nó a mhalairt.

Leanfaidh an Roinn ag tabhairt tacaíochta don Aonad (aonad lán-Ghaeilge) atá cheana féin ag Coláiste Chú Chulainn chun leanúnachas soláthair a dheimhniú do na daltaí atá cláraithe ann.

www.education.ie