Ceardlann ag Comhdháil Náisiúnta NAPD “Ranganna Speisialta in Iar-bhunscoileanna Lán-Ghaeilge & Gaeltachta”

Oct 5, 2026

Beidh Comhdháil Náisiúnta an NAPD ar bun in Óstán Galmont i nGaillimh  ar an 7, 8, 9 Deireadh Fómhair. Ar an Déardaoin 8 Deireadh Fómhair, beidh ceardlann “Ranganna Speisialta in Iar-bhunscoileanna LánGhaeilge & Gaeltachta” á eagrú  ag an gcomhdháil.

Roimh ár gceardlann “Ranganna Speisialta in Iar-bhunscoileanna LánGhaeilge & Gaeltachta”, ba mhaith linn cuireadh a thabhairt daoibh aon cheisteanna atá agaibh maidir le Riachtanais Speisialta Oideachais (RSO) nó ranganna speisialta a chur chugainn.

Is é cuspóir na foirme gairide seo ná na príomhcheisteanna agus na hábhair is mó a bhfuil suim agaibh iontu a aithint, ionas gur féidir linn a chinntiú go mbeidh an cheardlann chomh praiticiúil agus ábhartha agus is féidir.

Bheimis buíoch díbh dá bhféadfá an fhoirm ghearr a chomhlánú roimh an gceardlann. Tá nasc thíos Comhdháil Náisiúnta NAPD 2026 Ceardlann Gaeloideachais – Fill in form

Go raibh maith agaibh, agus táimid ag súil go mór le bualadh libh ag an gcomhdháil. Is féidir libh Clárú don cheardlann ar an Aip NAPD.