Products

Cart

Ceardlann Amhránaíochta do Naíonraí ar Athló

by | Dec 4, 2019 | Ginearálta, Muinteoirí

Faraor is gá dúinn an ceardlann amhránaíochta do naíonraí a bhí beartaithe don Déardaoin beag seo, an 5 Nollaig, a chur siar de dheasca tinnis. Déanfaimid dáta eile a shocrú a luaithe agus is féidir (sula dtagann Daidí na Nollag!) agus tá súil againn go mbeidh sibh in ann a bheith linn. Coinnigh súil amach d’fhógra uainn.

Seo thíos atá beartaithe, ar eagla gur chaill sibh an fógra sa nuachtlitir!

Tugaimid cuireadh do stiúrthóirí agus múinteoirí naíonra bailiú in Oifig Gaeloideachas le cúpán tae a ól, pióga míonra a ithe agus amhrán na Nollag a chanadh!

Beimid ag múineadh cúpla amhrán nua daoibh le hatmaisféar na Nollag a chruthú sa seomra naíonra ag druidim i dtreo deireadh na bliana.

Más mian libh, tabhair libh bhur n-amhráin nó dánta féin le roinnt ar mhúinteoirí naíonraí eile, agus éinne atá toillteanach cur lenár gCnuasach Amhrán do Naíonra, beidh deis taifead fuaime a dhéanamh!

Tá an-fháilte romhaibh bhur n-amhráin a sheoladh chuig jill@gaeloideachas.ie.

Beidh an ócáid seo saor in aisce agus deimhneofar dáta nua a luaithe agus is féidir.

Moltar duit do gheansaí Nollag agus do hata Saintí a chaitheamh!

Is féidir éisteacht le hamhráin don naíonra ar SoundCloud anseo.