Ceardlann: Intleacht Shaorga (AI) san Oideachas: Nuálaíocht, Tionchar, Cur i bhFeidhm
Seo an chéad taifead de na ceardlanna a reáchtáladh ag Tionól Forbratha 2024 i mí na Samhna seo caite. Is í Príomhoide Ghairmscoil Mhic Diarmada, Árainn Mhór, Tír Chonaill, Derval Newman a bhí ina bhun. Tá an cheardlann oiriúnach do gach múinteoir iar-bhunscoile atá ag iarraidh AI a ionchorprú ina gcleachtais teagaisc.
Pléann Derval cén chaoi ar féidir le múinteoirí Intleacht Shaorga (Chat GPT, Notebook LM, Brisk, MateCat) a úsáid go héifeachtach chun foghlaim agus teagasc a fheabhsú i suíomh iar-bhunscoile. I measc na n-ábhar a phléitear, tá:
- Conas is féidir le AI cabhrú le pleanáil níos éifeachtaí sa seomra ranga
- Bealaí chun difreálú a dhéanamh ar mhúineadh ag úsáid uirlisí AI
- Úsáid AI chun athbhreithniú agus aiseolas níos éifeachtaí a thabhairt do scoláirí
- Teicnící chun scileanna digiteacha agus smaointeoireacht chriticiúil a fheabhsú trí AI.
Is é Caoimhín ó hEadhra, An Foras Pátrúnachta a rinne cathaoirleacht ar an gceardlann.
Intleacht Shaorga (AI) san Oideachas: Nuálaíocht, Tionchar, Cur i bhFeidhm