CEARTA – 25,000 ag máirseáil i mBÁC ar son na Gaeilge

Sep 21, 2025

Screenshot 2025 10 17 154227

Bhí Gaeloideachas i measc na 25,000 Gael a bhí ag éileamh a gcuid Cearta ag mór agóid náisiúnta i mBaile Átha Cliath ar an Satharn 20 Meán Fómhair. Tacaíonn Gaeloideachas le mór-éilimh na hagóide – sé sin cearta mar a bhaineann le Maoiniú, Tithíocht Ghaeltachta, Oideachas & Cearta Teanga.

Ag croílár obair Gaeloideachas tá na héilimh:

  • Go mbeidh sé de cheart ag gach dalta freastal ar Naíonra, Gaelscoil agus Gaelcholáiste agus go gcuirfidh an Rialtas soláthar cuí ar fáil go h-áitiúil agus ar ardchaighdeán
  • Go mbeidh sé de cheart ag gach dalta scoile atá ag freastal ar scoil a fheidhmíonn trí mheán an Bhéarla eispéireas sásúil foghlama Gaeilge a bheith acu, a chabhraíonn leo barr a gcumas a bhaint amach sa teanga.

Tréaslaíonn Gaeloideachas le gach uile dhuine atá páirteach sa bhfeachtas seo, agus is léir gur ar scáth a chéile a mhaireann na daoine agus muid ag díriú ar chaomhnú, forbairt agus fairsingiú na Gaeilge

Anois an t-am don Rialtas gníomhú ar ár son.

(Pic : Tuairisc.ie)