Ceiliúradh 40 bliain Ghaelscoil Thomáis Dáibhís

May 2, 2026

Bhí ócáid cheiliúrtha 40 bliain ag Gaelscoil Thomáis Dáibhís, Mala, Co Chorcaí ar siúl ar an 20ú Márta agus bhí Bláithín ó Gaeloideachas i láthair. Seo mar a chuir sí síos uirthi “Ócáid thar a bheith speisialta a bhí ann, agus pobal na scoile ar fad i láthair, iar-dhaltaí, múinteoirí agus tuismitheoirí ina measc. Bhí Seán Ó Ceallaigh FPE, i láthair mar aoi speisialta, chomh maith le Teachtaí Dála agus Comhairleoirí áitiúla.

Bhí neart ceoil, amhránaíochta agus damhsa á léiriú go cumasach ag daltaí na scoile. Cuireadh leis an ócáid le hóráidí spreagúla ó dhaoine a raibh baint acu leis an scoil thar na mblianta, ag léiriú stair shaibhir agus tionchar na scoile ar an bpobal.

Ba dheis iontach í chun breathnú siar ar an méid atá bainte amach ag an scoil le 40 bliain. Comhghairdeachas ó chroí leo as a gcuid éachtaí go dtí seo, agus guímid gach rath orthu don todhchaí!”

Thaifead Molscéal mír ghearr faoin ócáid atá le feiceáil ag an nasc thíos:

Molscéal – Ceiliúradh 40 bliain Ghaelscoil Thomáis Dáibhís