Ceisteanna le n-ardú faoin luach atá á chur ar theagasc agus ar fhoghlaim na Gaeilge sa Creatchuraclam Bunscoile a foilsíodh inniu
“Le foilsiú an chéad chreatchuraclaim bunscoile riamh inniu, tá idir dhóchas do chur chuige nuálaíoch i leith seachadadh an churaclaim agus imní mór faoi laghdú stádais do theagasc agus foghlaim na Gaeilge sna bunscoileanna,” a deir Bláthnaid ní Ghréacháin, Ardfheidhmeannach Gaeloideachas.
Tá laghdú 30 nóiméad sa tseachtain beartaithe don Ghaeilge sna scoileanna meán-Bhéarla, agus cé go maíonn an creatchuraclam go bhfuil sé faoi dhiscréid an mhúinteora breis ama a chur leis an nGaeilge mar chuid den ‘am solúbtha’ sa churaclam, “tuigeann muid go maith go bhfuil sé seo ag brath go mór ar chumas, muinín agus meon an mhúinteora i leith na Gaeilge,” a deir ní Ghréacháin.
Léiríonn an taighde a foilsíodh mar chuid den phróiseas chomhairliúcháin seo nach í an Ghaeilge an t-ábhar is mó a thaitníonn le daltaí bunscoile sna scoileanna meán-Bhéarla. Léiríonn an taighde chomh maith céanna go bhfuil an Ghaeilge ar cheann de na hábhair is mó a thaitníonn le daltaí sna scoileanna lán-Ghaeilge, “rud a dheimhníonn go bhfuil nasc dearfach idir an t-am teagmhála a chaitear leis an teanga, agus an meon dearfach ina leith. Is mór an fáilí é nach bhfuil na torthaí seo á n-úsáid mar bhealach le teagmháil mhéadaithe a chothú leis an teanga trí páirt-tumoideachas, áit a thumtar na páistí sa teanga le haghaidh roinnt ábhair, agus a chothaítear meon dearfach ina leith dá bharr.”
“Toradh eile a bheifeá ag súil leis uaidh seo,” a deir ní Ghréacháin “ná go n-aithnítear an ról fíorthábhachtach a imríonn na scoileanna lán-Ghaeilge i leith meon dearfach a chothú i leith na teanga, as a eascraíonn cumas méadaithe sa teanga. Tá an fhianaise uile ann le fada go bhfuil éileamh mór ar na scoileanna lán-Ghaeilge, tá sé in am don Roinn Oideachais gníomhú air agus deiseanna a mhéadú do gach páiste eispéireas dearfach i leith na teanga a bheith acu.”
Deir Uachtarán Gaeloideachas, Micheál S Mac Donnacha i leith na bhforbairtí seo “Tá gá le fís shoiléir maidir leis an nGaeilge. Tá gá freisin i gcónaí le tábhacht a thabhairt do chultúr agus d’oidhreacht na teanga agus seo a cheiliúradh tríd an gcuraclam, go háirithe mar a bhaineann le tír le dhá theanga oifigiúil. Tá gá le hard-chaighdeán Gaeilge a bheidh ag teacht amach as gach bunscoil, mar tá tionchar ag an gcaighdeán ar an eispéireas foghlama sa tSraith Shóisearach agus ar aghaidh uaidh sin sa chóras oideachais, agus go deimhin na himpleachtaí do stádas na Gaeilge san oiliúint tosaigh mhúinteoirí.”
Críoch
Nótaí don eagarthóir
Teagmháil Bláthnaid ní Ghréacháin, Ardfheidhmeannach| blathnaid@gaeloideachas.ie | 01 8535195 | 086-8050335 Micheál S. Mac Donnacha, Uachtarán | uachtaran@gaeloideachas.ie | 087-2891544 |
Gaeloideachas Tugann Gaeloideachas comhairle, cúnamh agus tacaíocht do dhaoine ar mian leo oideachas lán-Ghaeilge dá bpáistí, chomh maith le seirbhísí tacaíochta agus abhcóideachta do scoileanna lasmuigh agus laistigh den Ghaeltacht mar aon le naíonraí lasmuigh den Ghaeltacht. |