Clár oideachais múinteoirí bunscoile trí Ghaeilge seolta ag Coláiste na hOllscoile, Corcaigh

Oct 24, 2026

Tá oiliúint múinteoirí bunscoile á thairiscint den chéad uair riamh i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh tar éis don Chomhairle Mhúinteoireachta, clár nua oideachais múinteoirí trí Ghaeilge a fhaomhadh.

Tosóidh na chéad mhic léinn ar an Máistreacht Ghairmiúil san Oideachas (Bunoideachas) i mí Mheán Fómhair 2027. Cúrsa iarchéime, Leibhéal 9 a bheidh ann. Mairfidh an cúrsa lánaimseartha dhá bhliain, agus ullmhóidh sé céimithe chun bheith láncháilithe mar mhúinteoirí bunscoile. Cuirfear béim ar leith sa chlár ar an teagasc trí Ghaeilge i suíomhanna tumoideachais. Tuilleadh Eolais ANSEO