Clár Oiliúna: Tacú le leanaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu san oideachas luath-óige lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht

Dec 2, 2025

Cáipéisí A4 Gaeloideachas

Ba mhaith linn buíochas ó chroí a ghabháil leis an Dr Sinéad Nic Aindriú as tabhairt faoin obair thábhachtach seo ar ár son.

Tugann an stáidéar seo aghaidh ar an mbearna taighde a bhaineann le soláthar oideachais speisialta agus leitheadúlacht/cineálacha na riachtanas bhreise oideachais (RBO) i réamhscoileanna lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht. 

Tá ar a laghad 53 réamhscoil lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht a chuireann teagasc trí Ghaeilge ar fáil agus a úsáideann an Ghaeilge mar theanga chumarsáide laethúil. D’fhéadfadh sé a bheith níos dúshlánaí leanaí a bhfuil RBO acu a aithint i dtimpeallachtaí mionteanga/tumoideachais. 

Mar thoradh ar an taighde seo, tá i gceist go n-ullmhófar clár oiliúna praiticiúil do mhúinteoirí Naíonra lasmuigh den Ghaeltacht a bheidh taighde-bunaithe agus a thacóidh leo freastal ar pháistí le riachtanais bhreise oideachais sa suíomh lán-Ghaeilge. Cuimseofar raon na riachtanas is mó a bhíonn ag páistí sa naíonra agus cuirfear ar chumas na múinteoirí bunús teoiricúil agus cur chuige praiticiúil a fhorbairt. Nósfaidh torthaí an taighde na riachtanais is mó a chuimseofar sa chlár oiliúna.

Tá Gaeloideachas anois ag glacadh le léirithe spéise chun tabhairt faoin obair seo. Is féidir tuilleadh eolais a fháil ó katie@gaeloideachas.ie

Tacú le leanaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu san oideachas luath-óige lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht

Supporting children with special educational needs in Irish-medium early childhood education outside of the Gaeltacht