Clár Píolótach Drámaíochta d’Iar-Bhunscoileanna

Tá An tOireachtas ag seoladh Clár Píolótach Drámaíochta d’Iar-Bhunscoileanna i bhFómhar 2026. Roghnófar 10 n-iar-bhunscoil ó na ceithre chúige agus ó Bhaile Átha Cliath chun páirt a ghlacadh sa chlár. Beidh 12 seachtain de sheisiúin ar fáil, le sé sheisiún roimh shos na Nollag agus sé sheisiún eile ina dhiaidh. Cuirfear na seisiúin ar fáil le linn uaireanta scoile, agus díreofar ar mhuinín, scileanna agus cruthaitheacht na ndaltaí agus na múinteoirí a fhorbairt trí mheán na Gaeilge.
NÍ GÁ TAITHÍ ROIMH RÉ AR DHRÁMAÍOCHT NÁ AR LÉIRIÚ DRÁMAÍ SCOILE. TÁ AN CLÁR DÍRITHE AR MHÚINTEOIRÍ AG GACH LEIBHÉAL TAITHÍ.
Spriocdháta: 2 Deireadh Fómhair 2026