Clár Sheimineáir an Fhómhair 2020
Seo daoibh clár na seimineár atá á chur a fáil ar Zoom ag Gaeloideachas go dtí deireadh na bliana 2020.
Déanfar taifead ar na seimineáir seo uile agus is féidir teacht ar ár gcéad cheann ó 16 Meán Fómhair anseo.
Freastalóidh na seimineár seo ar an mbunleibhéal agus ar an iar-bhunleibhéal agus bunófar iad ar na hábhair thíos:
- Tumoideachas
- Uimhearthacht & Mata
- Litearthacht & Fónaic
- An Ghaeilge
- Teicneolaíocht
Tá roinnt de na seimineár thuas oscailte le haghaidh clárúcháin ar ár suíomh anois. Faigh tuilleadh eolais mar gheall ar ábhar, sonraí agus aoichainteoirí na n-ócáidí ar fad ar an leathanach seo: https://gaeloideachas.ie/claraigh/?lang=ga
Cláraigh luath seachas mall agus leag amach do dhialann do na míonna amach romhainn anois!
Scaipigí an scéal seo ar mhúinteoirí eile a mbeadh suim acu sna hábhair thuas.