Tionól Forbartha Gaeloideachas i bpáirt le COGG 2023

Ba mhaith linn ár mbuíochas mór a ghlacadh le chuile dhuine a bhí linn ag Tionól Forbartha Gaeloideachas i bpáirt le COGG, mar aon le Ceiliúradh 50 Bliain Gaeloideachas ar an 10 Samhain 2023. Chuir sé ríméad orainn an slua ollmhór a bhí i láthair a fheiceáil agus tá súil againn gur bhain sibh uile fiúntas is tairbhe as an ócáid. Seoladh Irisleabhar Ceiliúrtha 50 Bliain Gaeloideachas ann, agus féidir cóip crua a ordú trí ríomhphost a sheoladh chuig eolas@gaeloideachas.ie.

Aiseolas

Le cinntiú go bhfuil muid ag freastal ar bhur gcuid riachtanais éagsúla don Tionól Forbartha agus le barr feabhais a bhaint amach, bheadh muid an-bhuíoch díbh as an suirbhé gairid seo a líonadh dúinn. Ní thógfaidh sé ach cúpla nóiméad ach cabhróidh sé linn tuilleadh feabhais a chur ar an ócáid amach anseo. Tá an suirbhé oscailte do chuile dhuine, ní hamháin iad siúd a bhí i láthair, ach le héinne nár éirigh leo freastal chomh maith agus a mbeadh spéis agaibh bheith linn amach sin. Ba mhaith linn bhur dtuairimí uile a chloisteáil le go mbeidh an chéad imeacht eile chomh tarraingteach, fiúntach agus taitneamhach is gur féidir. Cliceáil anseo le tabhairt faoi.

Ceardlanna agus cainteanna

Thíos, gheobaidh tú cur síos ar na ceardlanna agus cainteanna a bhí ann ar an lá. Áit go bhfuil an t-ábhar ar fáil i bhfoirm sleamhnáin nó físeáin, tá siad roinnte againn ann. Táimid an-bhuíoch ar fad as chomh fiail is a bhí na rannpháirtithe uile ag roinnt a gcuid ama agus saineolais linn. Tá dath glas dírithe ar an mbunleibhéal, dath gorm dírithe ar an iar-bhunleibhéal agus dath liath feiliúnach do gach duine. Is féidir gach ceann a íoslódail mar comhad Zip amháin trí cliceáil anseo.

An Ghaeilge sa Chóras Oideachais in Éirinn: 1922 – 1972

An Ghaeilge sa Chóras Oideachais in Éirinn: 1922 – 1972 (Powerpoint)

Nótaí breise (PDF)

An tOllamh Áine Hyland, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh

Déanfaidh an aoi-léacht seo cur síos ar pholasaí Rialtas na hÉireann maidir le múineadh na Gaeilge and múineadh trí mheán na Gaeilge i mbunscoileanna agus meánscoileanna na tíre idir 1922 agus 1972. Ba é polasaí an rialtais ag an am ná an Ghaeilge a athbhunú mar theanga dhúchais na tíre. Bhí sé mar aidhm ag an Roinn Oideachais an córas scoile a úsáid chun é seo a bhaint amach. Toisc go mbeadh ar gach scoil náisiúnta gach ábhar a mhúineadh trí mheán na Gaeilge, chomh luath is a bheadh na múinteoirí cáilithe leis sin a dhéanamh, ní raibh aon ghá ag an am le Gaelscoileanna speisialta.  Faraor, níor éirigh leis an aidhm a bhí ag an Rialtas in 1922 agus déanfaidh an léacht seo cur síos ar cad a tharla.

Is iar-ollamh oideachais í Áine Hyland i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh. Tá breis is daichead bliain de thaithí aici ag plé le hoideachas múinteoirí – bunmhúinteoirí agus múinteoiri meánscoile. Tá suim ar leith aici i stair an oideachais agus chomheagraigh sí trí imleabhar de dhoiciméid oifigiúla maidir le stair an oideachais in Éirinn. Bronnadh dhá dhochtúireacht oinigh uirthi mar aitheantas ar an méid a rinne sí don oideachas sa tír seo agus is ball d’Acadamh Ríoga na hÉireann í.

Gluaiseacht na Gaelscolaíochta c.1973-2023

“Cath idir an pobal agus an murder machine”: Gluaiseacht na Gaelscolaíochta c.1973-2023 (PDF)

Sleamhnáin (Powerpoint)

An Dr Kerron Ó Luain, Ollscoil na Gaillimhe

Leathchéad bliain ó shin bunaíodh an eagraíocht Gaeloideachas, nó Comhchoiste Náisiúnta na Scoileanna Lán-Ghaeilge mar a tugadh air nuair a tháinig sé ar an bhfód i gColáiste Mhuire, Baile Átha Cliath in 1973. Lasmuigh den Ghaeltacht, ní raibh ach dornán scoileanna lán-Ghaeilge ann ag an am agus an líon sin ag titim de shíor a bhuíoch le béalghrá an stáit ó dheas agus naimhdeas an stáit ó thuaidh. Ach d’éirigh le hoideachasóirí agus gníomhaithe teanga deonacha an taoide a iompú agus bunaíodh beagnach 200 gaelscoil ó shin. Tá na céadta míle páiste ar fud na tíre imithe tríd an earnáil nach bhfuil an nimh san fheoil acu don teanga dá bharr. Sa chaint seo, cíorfar fás agus forbairt an tionscadail fhorásaigh dhíchoilínithe seo le caoga bliain anuas agus na dúshláin éagsúla ab éigean do ghníomhaithe, do mhúinteoirí agus do phríomhoidí dul in adharca leo chun go mbeadh rath ar an ngluaiseacht.

Is staraí é an Dr Kerron Ó Luain, as Ráth Cúil, Co. Bhaile Átha Cliath. Chaith sé tréimhsí ag múineadh na staire agus na Gaeilge in ollscoileanna in Éirinn agus i Meiriceá.

Bhí sé i mbun taighde le blianta beaga anuas ar thionscadal dar dteideal Stair Ghluaiseacht na Gaelscolaíochta, c.1973-2023 a mhaoinigh COGG agus an Chomhairle um Thaighde in Éirinn, as ar eascair léarscáil dhigiteach idirghníomhach, a léiríonn fás na hearnála, agus atá ar fáil ar shuíomh SEALBHÚ, DCU: www.dcu.ie/sealbhu/stair-ghluaiseacht-na-gaelscolaiochta-history-gaelscoil-movement

Is spéis leis an stair ón mbun aníos, an stair trí lionsa na Gaeilge, agus tionchar cúrsaí aicmeacha ar ghluaiseachtaí sóisialta forásacha.

Luath-thumoideachas iomlán

Aistear Scoil Gharbháin leis an luath-thumoideachas iomlán a chur i bhfeidhm: cur chuige, cleachtais, agus modheolaíochtaí éifeachtacha (PDF)

Seomra Woodford, 11-12.00

Silvia Uí Sheanlaoich, Scoil Gharbháin, Dún Garbháin, Co. Phort Láirge

Sa cheardlann seo, roinnfidh Silvia Uí Sheanlaoich, Príomhoide Scoil Gharbháin, aistear na scoile leis an luath-thumoideachas iomlán a chur i bhfeidhm. Pléifear deiseanna agus dúshláin a bhain leis an bpróiseas, agus torthaí an aistir do phobal uile na scoile inniu. Roinnfidh Silvia na dea-chleachtais agus modheolaíochtaí éifeachtacha a aithníodh sa scoil maidir leis an luath-thumoideachas agus conas a chuirtear i bhfeidhm go praiticiúil iad ó chéim na pleanála go céim an teagaisc ó lá go lá.

Is Príomhoide bunscoile í Silvia i Scoil Gharbháin, Gaelscoil i gCo. Phort Láirge. Tá cúig bliana de thaithí aici ag plé le luath-thumoideachas iomlán i suíomh scoile. In ainneoin go raibh luath-thumoideachas mar chleachtas sa scoil ó 1982, nuair a bunaíodh an scoil, is luath-thumoideachas iomlán atá mar chleachtas anois le cúig bliana anuas.  Áitíonn Silvia go bhfuil rath ar an gcleachtas ó cuireadh tús leis agus toradh na hoibre le feiscint agus le cloisint i measc na ndaltaí. Tá Máistreacht bainte amach aici ar an ábhar freisin i gColáiste Mhuire gan Smál. Teideal an tráchtais a chuir sí isteach ná ‘Iniúchadh ar chur chuige éifeachtach chun an luath-thumoideachas iomlán a chur i bhfeidhm i mbunscoileanna lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht ina raibh cleachtas eile ar bun iontu roimh ré.’ Ba mhór aici eispéireas an chleachtais a roinnt libh agus na céimeanna cuí a glacadh chun luath-thumoideachas iomlán a chur i bhfeidhm.

ETIM 📽️

Cúrsaí ETIM – conas iad a chur le chéile 📽️físeánsleamhnáin (PDF)

Miriam Ní Riain, Ollamh Cúnta i Mataoideachas, Scoil an Oideachais ETIM, Nuálaíocht & Staidéar Domhanda, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath

Sa cheardlann seo, roinnfear roinnt taighde agus smaointe maidir le conas modhanna ETIM a chur i bhfeidhm i ranganna bunscoile, ag díriú ar conas béim chuí a chur ar na heilimintí ETIM go léir a dtugtar aghaidh orthu i ngníomhaíocht. Tabharfar samplaí de ghníomhaíochtaí ETIM atá oiriúnach do ranganna ag leibhéil éagsúla, agus beidh plé ar conas freastal i gceart ar fhoghlaim fhiúntach na bpáistí sna gnéithe ETIM a bheidh á bhfiosrú. Bígí réidh le roinnt obair phraiticiúil a dhéanamh!

Is ollamh cúnta í Miriam in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath (DCU), áit a bhfuil sí ina ball den fhoireann teagaisc matamaitice. Tá sí freagrach as ábhair mhúinteoirí a ullmhú chun an mhatamaitic a mhúineadh ag leibhéal fochéime agus iarchéime. Tá suim ag Miriam sna hábhair taighde seo a leanas: Múineadh agus Foghlaim na matamaitice trí Ghaeilge, forbairt an mhúinteora chun feabhas a chur ar fhoghlaim agus ar mheasúnú na matamaitice agus STEM (Eolaíocht, Teicneolaíocht, Innealtóireacht agus Matamaitic) i gcomhthéacsanna tumoideachais. Is iarmhúinteoir í i nGaelscoileanna i mBaile Átha Cliath agus i gCill Dara agus tá taithí fhairsing aici ag múineadh páistí bunscoile.

Disléicse

Conas tacú le scoláirí a bhfuil disléicse nó deacrachtaí leitheoireachta (Gaeilge & Béarla) acu i suíomh lán-Ghaeilge?

Is oth linn nach bhfuil an t-abhar ar fail ón gceardlann seo. 

Seomra Cranaghan 1

Caitríona Uí Shoracháin, Scoil Uí Riada, Co. Chill Dara agus Sharon Ní Chasaide, Gaelscoil Lorgan, Co. Mhúineacháin

Ag deireadh na ceardlainne praiticiúla seo beidh tuiscint níos fearr ag daoine ar:

  • Disléicse: Cad go díreach í agus conas í a aimsiú agus tacú leis i nGaelscoil nó i Scoil Ghaeltachta.
  • Turas na léitheoireachta: na scileanna a bhaineann leis, ag díriú ar na scileanna is tabhachtaí do pháistí a bhfuil deacrachtaí/disléicse acu.
  • Tacaíocht ionchuimsitheach: Conas tacaíocht éifeachtach a chur ar fáil a dhíríonn ar na scileanna seo, a fhreastalaíonn ar gach páiste go háirithe ar na páistí a bhfuil deacrachtaí acu.
  • Measúnú: Conas na scileanna seo a thomhais.

Is múinteoirí bunscoile iad Caitríona agus Sharon agus tá Máistreacht céadonóracha i nDisléisce ag an mbeirt acu ó DCU. Tá ceathracha a cúig bliain taithí eatarthu ag obair mar mhúinteoirí ranga agus múinteoirí tacaíochta i nGaelscoileanna. Tá Caitríona ag obair i Scoil Uí Riada, Co. Chill Dara agus tá Sharon ag obair i nGaelscoil Lorgan i mBaile na Lorgan, Co. Mhúineacháin. Tá an bheirt acu thar a bheith paiseanta faoi Dhisléisce agus an tábhacht a bhaineann le tacaíocht ionchuimsitheach don litearthacht.

An Tairseach & forbairtí ETIM

An Tairseach agus forbairtí ETIM Bunscoile (Powerpoint)

Seomra Cavanagh

Frank Ó Tormaigh agus Tríona Nic Fhinn, An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta & Gaelscolaíochta

Sa cheardlann seo, beidh deis ag múinteoirí spléachadh a fháil ar na hacmhainní is déanaí atá ar fáil don oideachas lán-Ghaeilge. Beidh deis acu foghlaim conas acmhainní a aimsiú agus conas a gcluichí idirghníomhacha féin a chruthú don seomra ranga. Tá na hacmhainní bunscoile agus iar-bhunscoile ar fáil ar an Tairseach. Anuas air sin, tabharfar spléachadh ar na hacmhainní agus forbairtí is déanaí atá taghta chun cinn maidir le ETIM (STEM) ag leibhéal na bunscoile.

Ceapadh Frank Ó Tormaigh ina Oifigeach Oideachais (Digiteach) le COGG i Márta 2020. I ndiaidh dó Ard-Dioplóma san Oideachas Bunscoile a bhaint amach in 2008, chaith sé 12 bhliain ag saothrú mar mhúinteoir bunscoile. Chaith sé 2 bhliain den tréimhse sin mar Phríomhoide Cúnta 1 i nGaelscoil Eiscir Riada, Leamhcán. In 2017, bhain sé amach Máistreacht san Fhoghlaim Dhigiteach ó Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, áit inar chaith sé 2 bhlian ag obair mar léachtóir leis an bhfoireann SEIG.

Ceapadh Tríona Nic Fhinn ina hOifigeach Oideachais (ETIM) le COGG i Lúnasa 2023. Tá 11 bhliain déanta aici ag obair mar mhúinteoir bunscoile. D’oibrigh sí freisin leis an tSeirbhís um Fhorbairt Ghairmiúil do Mhúinteoirí, ar an bhfoireann bunscoile do ETIM. Tá Máistreacht san Eolaíocht (Ceannaireacht agus Bainistíocht) aici. I láthair na huaire, tá Máistreacht i Staidéar Oideachais Matamaitice Bunscoile idir lámha aici.

Sainphróifíl an Dea-Oide Tumoideachais 📽️

Sainphróifíl an Dea-Oide Tumoideachais: An Gort fós le Treabhadh 📽️físeánsleamhnáin (Powerpoint)

An Dr Sarah Ní Dhuinnín, Ollscoil Luimnigh

Sa cheardlann seo, tabharfar aghaidh ar shain-inniúlachtaí an mhúinteora tumoideachais sa chomhthéacs iar-bhunleibhéil. Leis sin, bunófar mórchuid na cainte ar thogra taighde PhD a dhírigh ar an gcleachtas comhtháite ábhar agus teanga a chur chun cinn san iar-bhunscolaíocht lán-Ghaeilge i gcomhthéacs na Gaeltachta. Clúdófar na téamaí a leanas mar chuid de chlár na cainte:

  • Bonn eolais an dea-oide tumoideachais le seicliosta eiseamláireach a nochtadh don earnáil lán-Ghaeilge trí chéile;
  • Móréileamh an chomhtháthaithe a mhaíonn go mbeadh gach múinteoir ábhair ina múinteoir teanga;
  • Teicnící oideolaíochta mar aon le dea-chleachtas rangbhunaithe ón ngort i leith an chomhtháthaithe; agus
  • An cosán dul chun cinn leis an gcleachtas comhtháite inmhianaithe a thabhairt chun críche.

Beidh an cheardlann seo oiriúnach do mhúinteoirí Gaeilge, do mhúinteoirí ábhair agus don cheannaireacht iar-bhunleibhéil lán-Ghaeilge araon.

Is múinteoir Gaeilge agus Eacnamaíocht Bhaile í Sarah a bhfuil taithí mhúinteoireachta éagsúla aici sa chomhthéacs T1 agus T2 araon. D’fheidhmigh sé mar mhodheolaí na Gaeilge i gColáiste San Aingeal, Sligeach, agus ina dhiaidh sin mar léachtóir agus mar chomhordaitheoir gníomhach ar an M.Oid. san Oideachas Lán-Ghaeilge agus Gaeltachta i gColáiste Mhuire gan Smál, Luimneach. Faoi láthair, tá sí ina Comordaitheoir ar an nGaeilge in Aonad na Gaeilge, Ollscoil Luimnigh. Tá taighde PhD bainte amach aici i mbliana i gColáiste Mhuire gan Smál, Luimneach, ar an gcomhtháthú ábhar agus teanga sa chomhthéacs iar-bhunscolaíochta lán-Ghaeilge.

Gaeilge mar theanga cumarsáide 📽️

Conas scoláirí a spreagadh chun a gcuid Gaeilge a úsáid mar theanga cumarsáide eatarthu féin? 📽️físeán – sleamhnáin (Powerpoint)

Bróna Ní Uallacháin, Coláiste Chroí Mhuire, Co. na Gaillimhe agus Rosa Nic Lochlainn, Co. Dhún na nGall.

Roinnfidh Bróna Ní Uallacháin agus Rosa Nic Lochlainn straitéisí uathúla atá i bhfeidhm ina gcuid scoileanna maidir leis an nGaeilge a chur chun cinn, a láidriú agus a shaibhriú mar theanga an tsóisialaithe agus na cumarsáide ar bhonn uile scoile. Pléifear an ceangal idir an scoil agus bunscoileanna áitiúla, conas a spreagtar na scoláirí sna blianta éagsúla, gníomhaíochtaí atá ar bun agus céard a oibríonn dóibh. Anuas air sin, pléifear ról phobal uile na scoile agus conas úinéireacht a thabhairt do na páirtithe éagsúla.

I measc na réimsí a phléifear, beidh:

  • Ról na drámaíochta agus na nEalaíon Béil chun iompar teanga agus smaointe a spreagadh
  • Freagracht agus úinéireacht sna scoláirí a chothú (Laochra Teanga)
  • Imeachtaí nuálacha Gaelacha a eagrú
  • Féiniúlacht na scoláirí a shainiú agus a chothú

Déanfar tagairt do Bheatha Teanga de chuid Gaeloideachas agus conas a bhaintear leas as an acmhainn seo go praiticiúil. Breis eolais: www.beathateanga.ie

Rugadh agus tógadh Bróna le Gaeilge i gceantar Oirialla i gCo. Lú. Tá sí anois ag múineadh i meánscoil bhríomhar Ghaeltachta sa Spidéal i nGaeltacht Chonamara. Ceapadh í mar nascmhúinteoir na Scéime Aitheantais i gColáiste Chroí Mhuire in 2017.

Tá Rosa ina Príomhoide Tánaisteach faoi láthair i gColáiste Ailigh i Leitir Ceanainn. Is céimí le Fisic agus Réaltfhisic í agus bhain sí an PGCE s’aicí amach ó Ollscoil na Ríona. Tá PQH (Professional Qualification in Headship) aici agus máistreacht aicí i mBainistíocht agus Ceannasaíocht san Oideachas ó Choláiste Ollscoile Naomh Muire, Béal Feirste. Theagasc sí i gColáiste Féirste agus bhí sí ina múinteoir Sinsearach ansin. Rinne sí na pleananna curaclaim do Chomhairle na Gaelscolaíochta nuair a bhí sí ag forbairt plean do mheánscoileanna úra sa Tuaisceart. Bhí sí ina comhordaitheoir do Foyle Learning Community agus ina Leasphríomhoide ar St Marys College i nDoire.

Teicneolaíocht leis na bunranganna

Caith súil ar scoilbhliain iomlán ag teagasc Úsáid Teicneolaíocht na Faisnéise agus na Cumarsáide ag bun na scoile

Is oth linn nach bhfuil an t-ábhar ar fail ón gceardlann seo. 

Seomra Woodford

Máire Uí Bhuadáin, Naíscoil agus Bunscoil Bheanna Boirche, Co. an Dúin

Sa cheardlann seo, pléifidh Máire bliain iomlán amháin i Rang 1 (Naíonáin Bheaga) ina seomra ranga agus an dóigh a ndéantar teicneolaíocht na faisnéise agus na cumarsáide a theagasc sa bhonnchéim. Pléifear Google Classroom, Seomra Nuachta agus Just2Easy, chomh maith le réimse d’áiseanna is aipeanna a bhíonn in úsáid aici ag bun na scoile chun cuspóirí foghlama don TFC a bhaint amach leis na daltaí óga i rith na scoilbhliana.

Tá gradaim éagsúla bainte amach ag Bunscoil Bheanna Boirche de bharr an úsáid nuálach a bhaintear as an teicneolaíocht sa scoil le spriocanna teagaisc agus foghlama a fheabhsú agus an chaoi a bhfuil an TFC leabaithe trí churaclam na scoile le gach rang, sa chomhoibriú idir daltaí, foireann agus tuismitheoirí, agus sa phlé le scoileanna lán-Ghaeilge eile.

Is múinteoir bunscoile í Máire i Naíscoil agus i mBunscoil Bheanna Boirche i gCaisleán Uidhilín, i gCo. An Dúin. Tá cúig bliana déag de thaithí aici sa seomra ranga lán-Ghaeilge agus ag obair leis an Údarás Oideachais sna sé chontae ag tacú le forbairt agus teagasc Úsáid TFC i scoileanna eile.

Cuireann sí oiliúint ar fáil do mhúinteoirí eile atá ag iarraidh an TFC a nascú le réimsí eile den churaclaim, go hairithe i gcomhthéacs an tumoideachais agus tá suim ar leith aici tacú le múinteoirí sa bhonnchéim agus ag bun na scoile.

Múineadh teangacha breise sa bhunscoil

“Cuir Fáilte roimh Theangacha”: Ag múineadh teangacha breise sa bhunscoil (Powerpoint)

Seomra Erne

Therese Eagers, Teangacha Iar-bhunscoile Éireann (PPLI) agus Meánscoil Naomh Raphaela, Co. Bhaile Átha Cliath

Sa cheardlann seo, díreofar ar straitéisí praiticiúla chun teangacha breise a mhúineadh do scoláirí bunscoile. Pléifear na réimsí seo lena linn:

  • Sampla de ghníomhaíochtaí oiriúnacha chun teangacha breise a mhúineadh
  • Acmhainní teagaisc atá ar fáil saor in aisce
  • Conas cur isteach ar an scéim “Cuir Fáilte roimh Theangacha”

Beidh an cheardlann seo feiliúnach do gach uile mhúinteoir bunscoile agus beidh fáilte roimh gach múinteoir ábhair.

Is as Co. na Mí ó dhúchas do Therese. Is múinteoir Seapáinise agus Gaeilge í atá anois mar chomhordaitheoir na foirne nuatheangacha iasachta i Meánscoil Naomh Raphaela, Stigh Lorgain, Baile Átha Cliath. D’oibrigh sí mar chomhlach le Teangacha Iar-bhunscoile Éireann (PPLI) ar feadh cúig bliana. Tá Therese ag obair mar chuid den fhoireann ar an MGO i gColáiste na hOllscoile Baile Átha Cliath. Is éascaitheoir í leis an gComhairle Múinteóireachta don chreat Cosán. Thosaigh sí ag múineadh sa bhunscoil anuraidh ar an gclár “Cuir Fáilte roimh Theangacha”. Tá máistreacht san oideachas bainte amach aici i gColáiste na hOllscoile, Má Nuad.

An Ghaeilge Chumarsáide 📽️

An Ghaeilge Chumarsáide: Dea-chleachtais ón naíonra go bunscoil 📽️físeán – sleamhnáin Áine (PDF) – sleamhnáin Laura (PDF)

Seomra Cranaghan 1

Áine Ní Thuathail, Scoil Náisiúnta na bhForbacha, Co. na Gaillimhe agus Laura Nic Grianna, Gaelscoil Eois, Co. Mhuineacháin    

Roinnfidh Áine Ní Thuathail agus Laura Nic Grianna straitéisí uathúla atá i bhfeidhm ina gcuid scoileanna maidir leis an nGaeilge a chur chun cinn, a láidriú agus a shaibhriú mar theanga an tsóisialaithe agus na cumarsáide ar bhonn uile scoile. Pléifear an ceangal idir an scoil agus an naíonra áitiúil, conas a spreagtar na páistí i ranganna éagsúla, gníomhaíochtaí atá ar bun agus céard a oibríonn dóibh.

Déanfar tagairt do Bheatha Teanga de chuid Gaeloideachas agus conas a bhaintear leas as an acmhainn seo go praiticiúil. Anuas air sin, pléifear ról phobal uile na scoile agus conas úinéireacht a thabhairt do na páirtithe éagsúla.

Beidh an cheardlann seo ábhartha do scoil ar bith atá ag iarraidh Polasaí Labhartha na Gaeilge a threisiú nó éinne atá ag smaoineamh ar Beatha Teanga a chur i bhfeidhm den chéad uair.

Breis eolais: www.BeathaTeanga.ie

Is múinteoir bunscoile í Áine i Scoil Náisiúnta na bhForbacha, Co. na Gaillimhe. Tá an-taithí aici as a bheith ag múineadh san earnáil lán-Ghaeilge agus Ghaeltachta. Tá sí tar éis máistreacht a dhéanamh i gColáiste Mhuire gan Smál ar an oideachas lán-Ghaeilge agus Gaeltachta agus tá sí ag tabhairt faoi dhioplóma iarchéime sa cheannaireacht scoile in Ollscoil Luimnigh i láthair na huaire. Ina theannta sin tá sí ag feidhmiú mar theagascóir páirtaimseartha le hOllscoil Chathair Bhaile Átha Cliath. Is í Áine an t-ionadaí bunscoile d’Éirinn sa Chúinne Foghlama mar chuid d’obair an Choimisiúin Eorpaigh.

Is as Rann na Feirste, Tír Chonaill, ó dhúchas de Laura. Tá sí ag obair mar phríomhoide teagaisc i nGaelscoil Eois, Cluain Eois, ó 2010. Tá sí ag múineadh na Naíonán le 8 mbliana anuas. Tá obair thógála ar siúl faoi láthair agus tá sí ag súil go mbeidh siad ag bogadh isteach i scoil úr nua i mí Lúnasa 2024.

 

An t-aistriú ón mbunscoil

An t-aistriú ón mbunscoil go dtí an iar-bhunscoil: deiseanna, dúshláin agus dearcthaí (Powerpoint)

Seomra Cuilcagh

Hilary Ní Chonchubhair, Coláiste na hOllscoile Corcaigh, Pádraig Ó Fionnmhúchán, Gaelcholáiste Mhic Shuibhne agus an Dr Róisín Ní Mhulláin, An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta

Sa cheardlann seo, pléifear an t-aistriú ón mbunscoil go dtí an iar-bhunscoil, tréimhse shuntasach i saol an fhoghlaimeora. Pléifear na droichid éagsúla idir an dá earnáil, agus díreofar ar dhroichead na teanga go príomha. Féachfar freisin ar na róil éagsúla a thacaíonn le haistriú rathúil. Roinnfidh Seán Ó Freaghaile, Múinteoir i bhFeighil, Gaelcholáiste Mhic Shuibhne, straitéisí aistrithe agus dearcthaí na scoláirí ar thréimhse an aistrithe.

Pléifidh an Dr Róisín Ní Mhulláin cúrsaí léitheoireachta agus litearthachta agus an t-aistriú ó Churaclam Teanga na Bunscoile go sonraíochtaí na Sraithe Sóisearaí agus bealaí ar féidir dul i ngleic le teanga agus téarmaíocht nua a fhoghlaim agus a shealbhú. Déanfaidh Róisín tagairt do Leabhrán Téarmaí COGG atá ar fáil ag: www.cogg.ie/leabhran-tearmai

Beidh an cheardlann seo feiliúnach do mhúinteoirí bunscoile agus múinteoirí iar-bhunscoile, araon.

Is léachtóir san oideachas í Hilary i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh. Sular ceapadh í mar chomhordaitheoir socrúcháin scoile ar an gclár B.Oid. Gaeilge anuraidh, chaith Hilary trí bliana mar Mhúinteoir i bhFeighil ar Aonad lán-Ghaeilge DEIS (Gaelcholáiste Mhic Shuibhne) i dtuaisceart chathair Chorcaí. Tá deich mbliana de thaithí aici mar mhúinteoir iar-bhunscoile. Tá máistreacht i gceannaireacht scoile agus dioplóma iarchéime san oideachas lán-Ghaeilge agus Gaeltachta aici agus tá PhD ar bun aici anois faoi stiúr an Dr T.J. Ó Ceallaigh agus an Dr Niamh Dennehy atá maoinithe ag an gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG). Tá spéis ar leith aici san aistriú, feasacht teanga agus oiliúint múinteoirí.

Is múinteoir iar-bhunscoile é Pádraig i nGaelcholáiste Mhic Shuibhne, Cnoc na hAoine, Contae Chorcaí. Tá trí bliana de thaithí aige ag múineadh Gaeilge agus Gnó sa seomra ranga lán-Ghaeilge agus cúrsa iarchéime i Riachtanais Speisialta Oideachais déanta aige i gColáiste Mhuire gan Smál. Tá an-suim aige i gCleachtas Machnamhach agus i mbreathnóireacht phiaraí Múinteoirí agus tá iarchéim sa Mheáncheannaireacht agus sa Mheantóireacht á críochnú aige faoi láthair.

Ceapadh an Dr Róisín Ní Mhulláin ina hOifigeach Iar-bhunscoile leis an gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) in Eanáir 2023. Chaith sí cúig bliana déag i gColáiste San Aingeal, Sligeach, mar léachtóir ag plé le hábhair oidí agus le mic léinn iarchéime agus tá taithí aici mar stiúrthóir ar thráchtais agus ar thaighde agus mar theagascóir ar shocrúcháin scoile. Tá taithí éagsúil mar theagascóir aici – le glantosaitheoirí, foghlaimeoirí bunscoile agus méanscoile, agus foghlaimeoirí fásta. Tá PhD aici ar litríocht Ghaeilge na nÓg agus tá an-spéis aici i litríocht do dhaoine óga agus i gcursaí léitheoireachta.

TG4 agus an fhísfhoghlaim

TG4 agus tairbhí na físfhoghlama ag leibhéal na hiar-bhunscoile

Is oth linn nach bhfuil an t-ábhar ar fail ón gceardlann seo. 

Seomra Claddagh

Conall Ó Máirtín, Eagarthóir Oideachais, TG4 Foghlaim

Tabharfaidh Conall spléachadh ar na háiseanna oideachais is déanaí atá ar fáil ar TG4 Foghlaim. Chomh maith leis sin labhróidh sé faoi na háiseanna eile atá ar fáil ar ardáin TG4 agus faoi na bealaí chun iad a úsáid sa seomra ranga.

Is Eagarthóir Oideachais é Conall le TG4. Tá taithí aige a bheith ag obair mar láithreoir le TG4 agus mar thráchtaire agus anailíse Peile ar GAA Beo.

Theagasc Conall i gColáiste Chaitríona in Ard Mhacha in Aonad na Gaeilge ar feadh dhá bhliain déag agus tá baint aige le Coláiste Ollscoile Naomh Muire, Béal Feirste, áit a mbíonn sé ag obair mar léachtóir comhlach i Roinn na Gaeilge.  Bíonn Conall ag obair le TG4 chun áiseanna oideachais a chruthú do scoileanna agus foghlaimeoirí. Mar chuid den ról seo, tá sé i gceannas ar TG4 Foghlaim. Is ardán ar líne TG4 Foghlaim a chuireann áiseanna oideachais ar fáil ar líne d’fhoghlaimeoirí agus scoileanna.

Labhróidh Conall ar na háiseanna is úire atá ar fáil ar TG4 Foghlaim agus ar na féidearthachtaí TG4 a úsáid sa seomra ranga. Féach www.foghlaim.tg4.ie

Sealbhú agus Saibhriú Teanga

Sealbhú agus Saibhriú Teanga sna Bunranganna

Is oth linn nach bhfuil an t-ábhar ar fail ón gceardlann seo. 

Seomra Woodford

Clár Ní Cheannabhuaidh agus Clíona Ní Dhúill, Oide

Déanfar plé sa cheardlann seo ar theanga chaidrimh an tseomra ranga, ag tacú le tuismitheoirí agus páistí gan Ghaeilge, straitéisí foghlama cosúil le rainn agus amhráin, ceartúchán agus aiseolas éifeachtach.

Is múinteoir bunscoile í Clíona Ní Dhúill atá ar iasacht faoi láthair le hOide ó Ghaelscoil Eiscir Riada, Leamhcán, Co. Bhaile Átha Cliath. Tá M.Oid san Oideachas Lán-Ghaeilge agus Gaeltachta bainte amach aici le déanaí ó Choláiste Mhuire gan Smál.

Is múinteoir ar iasacht í Clár Ní Cheannabhuaidh ó Chorcaigh ag obair le hOide. Tá Máistreacht san Oideachas bainte amach aici ó Choláiste na hOllscoile, Corcaigh.  Tá suim aici i gcúrsaí tumoideachais agus i dteagasc na Gaeilge.

An Fáinne Folláine 📽️

An Fáinne Folláine: Feabhas is féin-aire don mhúinteoir bunscoile 📽️físeán sleamhnáin (PDF)

Seomra Erne

Bairbre de Barra, Gealán Sláine & Folláine

Sa cheardlann seo, díreofar ar straitéisí praiticiúla chun tacú leis an bhfoireann bhunscoile cúram a dhéanamh dá bhféin-aire.

Pléifear na réimsí seo lena linn:

  • Tuiscint ar thábhacht féin-aire agus strus a aithint
  • Léargas ar an ‘bhFáinne Folláine: na toscaí a chuireann le saol sláintiúil is folláin a iniúchadh
  • Conas an ‘Fáinne Folláine’ a úsáid le do leagan pearsanta de shaol sona, sláintiúil a dhearadh

Tabharfar treoir agus deis duit le triail a bhaint as cleachtaí simplí agus praiticiúla san aireachas, análú agus gluaiseacht gur féidir a dhéanamh i do rang, nó le do rang.

Beidh an cheardlann seo feiliúnach do gach uile mhúinteoir bunscoile agus beidh fáilte roimh phríomhoidí agus roimh bhaill foirne scoile uilig.

Is múinteoir í Bairbre de Barra i nGaelscoil Mhic Amhlaigh i nGaillimh, áit a bhfuil cúig bliana caite aici mar oide riachtanais oideachais speisialta. Tá Ard-Dioplóma i gCeanaireacht Folláine san Oideachas bainte amach aici le deireanaí ó Choláiste Mhuire gan Smál agus tá spéis faoi leith aici sa nasc idir cúrsaí oideachais agus an fholláine iomlán. Tá sí cáilithe mar mhúinteoir ióga agus machnamh ó 2012 agus creideann sí gur cheart agus gur féidir an t-aireachas a bheith fite fuaite sa saol scoile. Tá teastas cáilíochta aici freisin mar Oiliúnóir Sláinte Iomláin (Integrative Nutritional Health Coach). Mar bhunaitheoir ‘Gealán Sláine agus Folláine’, cuireann sí cúrsaí agus ceardlanna ar fáil in ióga, machnamh, aireachas agus cúrsaí folláine agus féin-aire. Tríd an bpaisean atá aici don tsláinte iomlán a threisiú, cuidíonn sí le todhchaí níos gile a chothú don phobal scoile iomlán.

Creat Teanga do dhaltaí bunscoile 📽️

Creat Teanga do pháistí i suíomhanna bunscoile lán-Ghaeilgefíseánsleamhnáin (PDF)

Is oth linn nach bhfuil an t-ábhar ar fail ón gceardlann seo.

Seomra Claddagh

Dr Seán Mac Corraidh agus Helen O’Donnell, Coláiste Ollscoile Naomh Muire, Béal Feirste

Teastaíonn creat struchtúrtha Gaeilge go géar in earnáil na gaelscolaíochta. Tógfaidh an creat ar an dea-chleachtas atá ann cheana féin le múineadh na teanga agus baint amach spriocanna a éascú. Mar chuid den tionscadal fosta tabharfar cúnamh do bhunscoileanna lán-Ghaeilge le feidhmiú an chreata teanga. 

Cuirfear an lucht éisteachta ar an eolas maidir le stair an tionscadail agus leis an staid ina bhfuil an taighde san am i láthair. Inseofar cad é a rinneadh go dtí seo, cad é atá ar siúl anois agus cad é atá le déanamh sa todhchaí beag.  

Is in dhá chuid a dhéanfar an taighde seo. Bhí an chéad chuid deascbhunaithe agus fiosraíodh cleachtais idirnáisiúnta i bhforbairt na sprioctheanga i suíomhanna tumoideachais a d’fhéadfadh eolas a thabhairt d’fhorbairt an chreata teanga do bhunscoileanna lán-Ghaeilge.  

Sa dara cuid, táthar ag bailiú sonraí ó chomheagraithe litearthachta in earnáil an ghaeloideachais a bhfuil taithí na mblianta acu ag plé leis an obair seo. Tá sin á dhéanamh trí chomhráití agus cheardlanna. Tá siad ag tabhairt breithúnas gairmiúil ar chaighdeáin reatha na bpáistí sna scileanna teanga seo: éisteacht, tuiscint, labhairt, léamh, agus scríobh ó bhliain 1 go bliain 7. Cuideoidh an t-eolas seo le tógáil an chreata.   

Is léachtóir sinsearach i gColáiste Ollscoile Naomh Muire, Béal Feirste é an Dr Seán Mac Corraidh a bhfuil leabhair agus ailt foilsithe aige ar réimsí léann na Gaeilge agus léann an oideachais. Tá sé féin agus a chomhghleacaí Tomás Rogan i mbun taighde, i gcomhar le hoifigeach taighde lánaimseartha Helen O’Donnell agus le cleachtóirí a bhfuil cúraimí orthu i bhforbairt na litearthachta i mbunscoileanna lán-Ghaeilge sa tuaisceart. Labhrófar ar an phráinn atá leis an tionscadal seo agus ar an tacaíocht a chuirfear ar fáil do mhúinteoirí nuair a bheas an creat i gceann a chéile mar is ceart.  

Is oifigeach taighde i gColáiste Ollscoile Naomh Muire Béal Feirste í Helen O’Donnell atá ag obair ar thionscadal taighde le Creat Teanga a dhearadh le húsáid i mbunscoileanna Gaeilge i dTuaisceart na hÉireann. Tá cúlra sa dlí aici agus bhain sí céim amach ó Ollscoil Uladh in 2017 i LLB (Onóracha sa Dlí). Tá sí paiseanta faoin Ghaeilge agus faoin oideachas, agus i ndiaidh di bheith ag obair roinnt blianta i suíomhanna Gaelscolaíochta, ghnóthaigh sí MA ó Ollscoil Uladh san Aistriúchán, Ateangaireacht agus Scileanna Proifisiúnta Teanga in 2021. Chuir sí i gcrích a cáilíocht iarchéime sa mhúinteoireacht i gColáiste Ollscoile Naomh Muire in 2022. 

Bunú agus Buanú Ranganna Speisialta 📽️

An Chomhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta ag Fás agus Forbairt: Bunú agus Buanú Ranganna Speisialta agus tacaíochtaí eile atá ar fáil don oideachas speisialtafíseánsleamhnáin (Powerpoint)

Seomra Cranaghan 1

Mandy McGarvey, Bainisteoir Foirne, An Chomhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta (NCSE)

Seo seisiún eolais trasearnála ó bhaill foirne na Comhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta (NCSE) do mhúinteoirí agus phríomhoidí bunscoile agus iar-bhunscoile, araon. Roinnfear eolas maidir le forbairtí reatha atá ag tarlú sa CNOS agus tabharfar noda praiticúla ar na nithe seo a leanas:

  • Iarratais do riachantais
  • Deontais agus cistiú a bhaineann le rang speisialta
  • Forbairt Ghairmiúil Leanúnach atá ar fáil trí Ghaeilge do scoileanna ag an dá leibhéal
  • Iarratais do rang príomhshrutha
  • Tacaíochtaí eile atá ar fáil ón CNOS

Tá Mandy McGarvey ag obair leis an gComhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta (NCSE) ó 2008. Tá cáilíocht mar mhúinteoir bunscoile agus mar theiripeoir ulabhra agus teanga, araon, aici. Bhíodh Mandy ag obair mar Eagraí um Riachtanais Speisialta Oideachais (SENO) leis an NCSE roimhe seo. Is bainisteoir foirne í ó 2018 agus bíonn sí ag plé leis na múinteoirí ar cuairt do dhaoine óga bodhra nó dhaoine faoi allaíre agus na múinteoirí ar cuairt do dhaoine óga lagmhairc nó dalla. Is bainisteoir í ar na comhairleoirí freisin. 

An Fhoghlaim Chomhtháite Ábhar agus Teanga (FCÁT) 📽️

Cad iad na bealaí is éifeachtaí le tacú le sainmhúinteoirí iar-bhunscoile teanga a chomhtháthú ina gcuid ábhar? Cás-staidéar ar chur chuige déach: pleanáil agus forbairt ghairme 📽️físeán sleamhnáin (Powerpoint)

Caitlín Ní Ruanaidh, Coláiste Feirste, Béal Feirste

Sa cheardlann roinnfear straitéisí praiticiúla agus roinnt taighde maidir leis an bhealach is éifeachtaí chun teanga a chomhtháthú sna sainábhair ag leibhéal iar-bhunscoile, bunaithe ar chás-staideár ar Choláiste Feirste in 2022-23. Go hiondúil bíonn comhtháthú na Gaeilge mar aincheist do chleachtóirí iar-bhunscoile, tabharfaidh an cheardlann seo spléachadh ar an chur chuige déach a cuireadh i bhfeidhm i gColáiste Feirste le comhtháthú na Gaeilge a neartú trasna na ranna. Déanfaidh an cheardlann cur síos ar na ceisteanna taighde a bhí ag Caitlín anuraidh;

  • Luacháil scoile: Cén chuma a bhí ar phleanáil don chomhtháthú ábhar agus teanga sa scoil ag tús na bliana?
  • Pleanáil teanga: Cén chuma a bheas ar phleanáil éifeachtach don chomhtháthú ábhar agus teanga i gcomhthéacs na scoile i mbliana?
  • Forbairt ghairme: Cad iad na deacrachtaí atá ag sainmhúinteoirí ag iarraidh teanga a chomhtháthú ina sainábhair agus cad é atá de dhíth mar thacaíocht chun na deacrachtaí seo a shárú?
  • Cén tionchar a bhí ag an chur chuige déach seo ar chleachtas na sainmhúinteoirí agus ar fhoghlaim na ndaltaí? Déanfar cur síos ar na torthaí taighde.

Is múinteoir iar-bhunscoile í Caitlín Ní Ruanaidh i gColáiste Feirste, Co. Aontroma. Is ceannaire roinne í ar an Roinn Staire, feidhmíonn sí mar mhúinteoir-teagascóir ag tacú le múinteoirí ionduchtúcháin sa scoil agus is múinteoir sinsearach í chomh maith. Tá trí bliana déag do thaithí múinteoireachta ag Caitlín in earnáil na gaelscolaíochta, ag leibhéal iar-bhunscoile. Thug sí faoi MA san oideachas anuraidh le Coláiste Ollscoile Naomh Muire. Dhírigh sí ar an fhoghlaim chomhtháite ábhar agus teanga mar ábhar máistreachta.

Nuacht Anois 📽️

Nuacht Anois – Acmhainn nua dhigiteach do dhaltaí agus do mhúinteoirí scoile 📽️físeán sleamhnáin (Powerpoint)

Seomra Woodford

Aingeal Nic an tSábhaisigh, An tÁisaonad

Sa cheardlann seo, léireofar na féidearthachtaí atá ar fáil leis an áis úrnua dhigiteach seo chun tacú le gnéithe éagsúla den churaclam. Míneofar dóigheanna praiticiúla chun úsáid mhaith a bhaint as “Nuacht Anois” sa seomra ranga leis an Ghaeilge labhartha, léite agus scríofa a chur chun cinn i measc na ndaltaí trí réimse d’ábhair churaclaim.

Is seirbhís saor in aisce atá i gceist le Nuacht Anois. Eisítear alt nuachta ar líne gach lá le linn na scoilbhliana, ag déanamh tagairt do scéalta reatha sa nuacht, nó do thopaicí atá ábhartha don churaclam, go háirithe ag leibhéal na Bunscoile.

Is í Aingeal an Comhairleoir Oideachais san Áisaonad atá suite i gColáiste Ollscoile Naomh Muire, Béal Feirste. Tá an tÁisaonad ag dearadh agus ag foilsiú acmhainní oideachasúla do Ghaelscoileanna le 25 bliain anuas, idir leabhair mhóra, leabhair léitheoireachta, téacsleabhair, cluichí agus acmhainní digiteacha ar an iliomad ábhar curaclaim.  Ba mhúinteoir bunscoile í Aingeal ar feadh 20 bliain, agus iar-phríomhoide ar Bhunscoil Bheanna Boirche, Caisleán Uidhilín. Tá sí ag plé le cur chun cinn na foghlama trí theicneolaíocht an oideachais a úsáid i gcomhthéacs Gaelscoile le roinnt mhaith blianta anuas, agus tá aitheantas agus duaiseanna bainte ag a hiar-scoil dá bharr sin. Mar Chomhairleoir Oideachais, cuidíonn sí le háiseanna úra an Áisaonaid a chruthú agus le monatóireacht a dhéanamh orthu chun bheith cinnte de go bhfreagraíonn siad do riachtanais na scoileanna. Cuireann sí ceardlanna oiliúna ar fáil, chomh maith, ar dhea-úsáid acmhainní an Áisaonaid sa seomra ranga.

Saibhriú teanga sa bhunscoil

Saibhriú teanga trí Churaclam Teanga na Bunscoile (PDF)

Seomra Erne

Bairbre Ní Thuairisg agus Pádraig Mac Cába, Oide

Sa cheardlann seo, roinnfear straitéisí praiticiúla maidir le conas tacú le páistí bunscoile an cumas teanga atá acu a shaibhriú.

  • Iniúchadh a dhéanamh ar thuiscintí ar ‘Saibhreas Teanga’ i gcomhthéacsanna éagsúla scoile
  • Deiseanna chun saibhreas teanga a fhorbairt trí shnáitheanna an churaclaim agus ar fud na scoile a chíoradh
  • Dea-chleachtas chun saibhreas teanga a fhí le chéile le teagaisc agus foghlaim na teanga a phlé
  • Eispéiris foghlama a aithint/a chleachtadh a thacaíonn le saibhreas teanga i dtimpeallacht ilteangach scoile

Beidh an cheardlann seo feiliúnach do gach uile mhúinteoir bunscoile.

Is príomhoide teagaisc bunscoile í Bairbre i Scoil na Maighdine Muire gan Smál i gCamus, Co. na Gaillimhe, agus tá sí ar iasacht le hOide i láthair na huaire.  Tá blianta fada de thaithí aici ag plé le saibhriú teanga sa seomra ranga Gaelscoile agus scoil Ghaeltachta agus mar chuiditheoir leis an tSFGM (Oide) le roinnt blianta anuas. Tá céim máistreachta aici i múineadh teangacha agus chaith sí tréimhsí ag plé le bearta oideachasúla éagsúla: mar chomhlach le COGG don Pholasaí don Oideachas Gaeltachta, an clár Mar a Déarfá! a chur in oiriúint do Naíonáin i scoileanna Gaeltachta ó thaobh áiseanna foghlama agus measúnaithe de agus scéim Saibhrithe Teanga a chur ar bun i Scoileanna Gaeltachta ag baint úsáide as cartlann RnaG mar bhunús de scéalta digiteacha.

Is múinteoir bunscoile agus príomhoide cúnta 1 é Pádraig Mac Cába i Scoil Phóil Naofa, An Uaimh, Co. na Mí, agus tá sé ar iasacht le hOide. Tá neart blianta de thaithí aige ag plé leis an nGaeilge & saibhriú teanga ag leibhéal na bunscoile, ag an tríú leibhéal le hábhair oidí i gcoláistí oiliúna éagsúla, i suíomhanna Gaeltachta (Coláiste Bhríde, Rann na Feirste) agus leis an tSFGM. Tá B.A. agus M.A. aige sa Nua-Ghaeilge ó Ollscoil Mhá Nuad. Tá spéis mhór aige i saibhriú teanga an pháiste trí mheán na léitheoireachta, scríbhneoireachta agus teanga ó bhéal agus na féidearthachtaí chun cuidiú le múinteoirí an teanga a shaibhriú ag leibhéal na bunscoile.

Turas na Scríbhneoireachta

Turas na Scríbhneoireachta: Áis teagaisc do mhúineadh struchtúrtha na scríbhneoireachta curtha in oiriúint do scoileanna an Deiscirt ag COGG.

Is oth linn nach bhfuil an t-ábhar ar fail ón gceardlann seo. 

Seomra Cranaghan 1

Bríd Ní Dhonnchadha agus Máire Nic an Rí, an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta

Múinteoirí ó earnáil an Ghaeloideachais i dTuaisceart Éireann a d’fhorbair Turas na Scríbhneoireachta i gcomhar le CCEA, le tacú le múinteoirí an scríbhneoireacht a theagasc ar bhealach struchtúrtha. Tá Turas na Scríbhneoireachta curtha in oiriúint do scoileanna an Deiscirt ag COGG. Tabharfaidh Bríd Ní Dhonnchadha agus Máire Nic an Rí léargas ar an bpacáiste teagaisc sa cheardlann seo.

Is múinteoir bunscoile í Bríd Ní Dhonnchadha atá ar iasacht ó Ghaelscoil Raifteirí i gCaisleán an Bharraigh, Co. Mhaigh Eo. Bhain sí a céim B.Oid. amach i gColáiste Phádraig agus tá taithí aici mar mhúinteoir bunscoile i gcomhthéacsanna éagsúla sa chóras oideachais. Tar éis di Ard-Dioplóma sa Staidéar Gnó a bhaint amach, chaith sí tréimhse ag obair in earnáil na teilifíse. D’oibrigh Bríd leis an tSeirbhís um Fhorbairt Ghairmiúil do Mhúinteoirí mar Chomhairleoir Litearthachta. Tá ocht mbliana déag caite aici ag obair i bhforbairt ghairmiúil leanúnach do mhúinteoirí le béim ar leith ar thacaíocht a chur ar fáil do mhúinteoirí agus do cheannairí scoile i réimsí na teanga agus na litearthachta. Tá suim aici i ngach gné de theagasc na Gaeilge agus teagasc trí Ghaeilge. Thosaigh Bríd ag obair le COGG i Meán Fómhair 2023.

Is múinteoir bunscoile í Máire Nic an Rí a ghnóthaigh céim B.Ed. ó Choláiste Mhuire gan Smál. Tá céim M.A. sa Ghaeilge agus sa Bhéaloideas aici ó Ollscoil Mhá Nuad agus tá cáilíocht Ardteastas Gaeilge ón Roinn Oideachais aici. Ceapadh í ina hOifigeach Oideachais Bunscoile le COGG in 2016 go dtí Meitheamh 2022. Bhí sí ar iasacht ó Scoil Chéile Chríost, Co. Chill Dara. D’oibrigh sí mar Chomhairleoir Gaeilge leis an gClár Tacaíochta don Curaclam Bunscoile agus an tSeirbhís um Fhorbairt Ghairmiúil do Bhunscoileanna ó 2007-2010. D’oibrigh sí leis an tSeirbhís um Fhorbairt Ghairmiúil do Mhúinteoirí (PDST) ó 2011-2016 mar Chomhairleoir ar dtús agus ansin mar Cheannaire Foirne na Gaeilge. Tá Máire fós ag déanamh roinnt mhaith oibre do COGG agus tá sí ar fáil do scoileanna chomh maith mar chomhairleoir neamhspleách. Tá a sonraí teagmhála ag COGG más mian le scoileanna teagmháil a dhéanamh léi.

Cultúr agus cothú na folláine

Cultúr agus cothú na folláine ag leibhéal na hiar-bhunscoile: pleanáil, cleachtais agus gníomhaíochtaí uile scoile (Powerpoint)

Seomra Claddagh

Proinsias de Poire, Coláiste Eoin, Co. Bhaile Átha Cliath

Labhróidh Proinsias de Poire, Príomhoide Choláiste Eoin, maidir le cultúr agus cothú na folláine ar bhonn traschuraclaim agus uile scoile i gColáiste Eoin. Tá Brat Ómra ag Coláiste Eoin le fada agus roinnfear roinnt dá aistear foghlama thar na blianta, mar aon le straitéisí cabhracha chun tacú leis na scoláirí a bheith feasach faoina gcuid sláinte mheabhrach, conas dul i ngleic le dúshláin agus scileanna teacht aniar a fhobairt.

Pléifear an phleanáil, na cleachtais agus na gníomhaíochtaí uile scoile a bhíonn idir lámha le timpeallacht shláintiúil, thacúil agus ionchuismitheach a chothú do phobal na scoile. Labhrófar faoi roinnt de na himeachtaí a chuirtear ar siúl freisin leis an bhfolláine a chur chun cinn agus taispeánfar físeán a léireoidh roinnt de chur chuige praiticiúil na scoile ó lá go lá.

Is é Príomhoide Choláiste Eoin é Proinsias ó 2016. Rugadh agus tógadh é cúpla míle ón gColáiste. Is ann a fuair sé a chuid oideachais agus traenála múinteoireachta. Tá nach mór 50 bliain caite aige sa choláiste agus tá an-chuid athruithe feicthe aige thar na blianta “Fiche Bliain ag Fás”. Tá an-dúil aige sa cheol tradisiúnta agus i gcúrsaí spóirt. Is é croílár chultúr na scoile atá leagtha síos le blianta fada ná Meas agus Misneach a chothú i measc na scoláirí.

Gairmeacha le Gaeilge 📽️

Gairmeacha le Gaeilge – Deiseanna agus Cur Chuigefíseánsleamhnáin (Powerpoint)

Seomra Cuilcagh

Seán P Ó Briain, Iarchigire i gcúrsaí Treorach agus iarmhúinteoir nuatheangacha, agus Aoife Ní Shéaghdha, An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta

Ceardlann spreagúil idirghníomhach faoin bpacáiste eolais (Pacáiste Eolais um Threoir: Deiseanna Gairmeacha le Gaeilge, COGG 2023)  agus faoi na hacmhainní treorach ar líne atá curtha le chéile ag COGG (i gcomhar le Saoloibre.ie) maidir leis an iliomad deiseanna Gairmeacha le Gaeilge atá ar fáil do dhaoine óga sa saol mór.  Pléifear na hacmhainní féin agus an cur chuige is fearr chun iad a úsáid sa seomra ranga. An aidhm atá ann ná daoine óga a mhealladh chun smaoineamh níos eolaí agus níos géarchúisí a dhéanamh ar na roghanna agus na gairmeacha le Gaeilge atá ann dóibh, más mian leo an deis sin a thapú.

Is iarchigire i gcúrsaí Treorach agus is iarmhúinteoir nuatheangacha é. Rinne sé go leor cigireachtaí as Gaeilge ar Ghaelcholáistí i gCúige Laighean, i gcathair Luimnigh agus i nGaeltacht Mhuscraí. Tá an-taithí aige ar an Treoir agus tá an-suim aige sa ghaeloideachas. Faoi láthair, tá sé ag cuidiú mar chomhairleoir le COGG ar an togra ‘Gairmeacha le Gaeilge’.

Is Oifigeach Oideachais Iar-bhunscoile le COGG í Aoife ó mhí Eanáir 2023. Tá 20 bliain taithí ag Aoife ag teagasc agus i mbun taighde d’Institiúidí triú leibhéal éagsúla, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Gaillimh, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh, agus Coláistí Chorca Dhuibhne (cúrsaí na n-ábhar oidí).  Tá roinnt mhaith tograí taighde curtha i gcrích aici i réimse an Tumoideachais agus na Sochtheangeolaíochta sa Ghaeltacht.