Bhí Tionól Forbartha Gaeloideachas i bpáirt le COGG 2024 ar siúl in Óstán Slieve Russell, Contae an Chabháin, ar an 22 Samhain 2024.
Thíos, gheobaidh tú cur síos ar na ceardlanna agus cainteanna a bhí ann ar an lá. Áit go bhfuil an t-ábhar ar fáil i bhfoirm sleamhnáin nó físeáin, tá siad roinnte againn ann. Táimid an-bhuíoch ar fad as chomh fiail is a bhí na rannpháirtithe uile ag roinnt a gcuid ama agus saineolais linn.Tá dath glas dírithe ar an mbunleibhéal, dath gorm dírithe ar an iar-bhunleibhéal agus dath liath feiliúnach do gach duine.
Cailíní agus NHEA (ADHD) sa Seomra Ranga - Louisa Ní Éideáin
09.55-10.20 Eochairchaint le Louisa Ní Éideáin (eolas thíos)
Cailíní agus NHEA (ADHD) sa Seomra Ranga
Sa chur i láthair seo, déanfar plé ar chailíní le NHEA (ADHD) agus na himpleachtaí sa seomra ranga. Déanfaidh Louisa seo a phlé lena taithí féin mar bhunús.
Beathaisnéis
Is fuirseoir agus scríbhneoir í Louisa atá lonnaithe i mBaile Átha Cliath. Díoladh amach a seó aonarach dátheangach is déanaí ‘Dopa-Mean Girl’, seó grinn dírithe ar NHEA/ ADHD. Ba cuid d’fhéile Fringe BÁC 2023 an seó, áit a bhuaigh sé an duais First Fortnight. D’fhreastal Louisa ar scoileanna lán-Ghaeilge. Bíonn sí ag obair mar bhainisteoir d’fhoireann teagascóirí i gcomhlacht teic. Is tuismitheoir í Louisa le páiste ag freastal ar scoil lán-Ghaeilge agus tá sí bainteach leis an bhfeachtas le Gaelcholáiste a bhunú do cheantar BhÁC 2, 4, 6, 8.
An Bhfuil Súile Mata Agat? Cruthaitheacht, Cumarsáid & Curaclam - Tríona Nic Fhinn & Gráinne Ní Ghriallais
Seomra Woodford
Sa cheardlann seo, déanfar iniúchadh ar an gcur chuige “Súile Mata” agus conas is féidir é a nascadh le spriocanna Churaclam Matamaitice nua na Bunscoile. Beidh an seisiún dírithe ar chruthaitheacht agus ar chumarsáid, agus lán le smaointe praiticiúla agus straitéisí ó mhúinteoirí ar conas an mhodheolaíocht seo a chur i bhfeidhm sa seomra ranga, sa scoil iomlán, agus fiú sa bhaile.
I measc na n-ábhar a phléifear, beidh:
- Conas is féidir “Súile Mata” a bheith spraíúil, oscailte agus oiriúnach do gach leibhéal foghlama
- Na bealaí ina bhféadfadh an cur chuige seo tacú le forbairt teanga matamaitice na bpáistí
- Samplaí praiticiúla de ghníomhaíochtaí atá curtha i bhfeidhm ag múinteoirí cheana féin
- Conas an cur chuige seo a úsáid le haghaidh smaointeoireacht chriticiúil agus tuiscint níos doimhne ar mhatamaitic a fhorbairt
Beidh an cheardlann seo oiriúnach do gach múinteoir bunscoile, agus cuirfear fáilte roimh cheisteanna agus rannpháirtíocht ghníomhach i rith an tseisiúin. Sa cheardlann seo, déanfar iniúchadh ar an gcur chuige “Súile Mata” agus conas is féidir é a nascadh le spriocanna Churaclam Matamaitice nua na Bunscoile. Beidh an seisiún dírithe ar chruthaitheacht agus ar chumarsáid, agus lán le smaointe praiticiúla agus straitéisí ó mhúinteoirí ar conas an mhodheolaíocht seo a chur i bhfeidhm sa seomra ranga, sa scoil iomlán, agus fiú sa bhaile.
I measc na n-ábhar a phléifear, beidh:
- Conas is féidir “Súile Mata” a bheith spraíúil, oscailte agus oiriúnach do gach leibhéal foghlama
- Na bealaí ina bhféadfadh an cur chuige seo tacú le forbairt teanga matamaitice na bpáistí
- Samplaí praiticiúla de ghníomhaíochtaí atá curtha i bhfeidhm ag múinteoirí cheana féin
- Conas an cur chuige seo a úsáid le haghaidh smaointeoireacht chriticiúil agus tuiscint níos doimhne ar mhatamaitic a fhorbairt
Beathaisnéisí
Ceapadh Tríona Nic Fhinn ina hOifigeach Oideachais Bunscoile don ETIM le COGG i 2023. Roimhe sin, d’oibrigh sí leis an tSeirbhís um Fhorbairt Ghairmiúil do Mhúinteoirí (PDST), ag dearadh agus ag éascú forbairt ghairmiúil do mhúinteoirí bunscoile i réimsí an Mhatamaitic, na hEolaíochta, agus ETIM. Tá taithí fairsing aici ag obair sa chóras gaelscolaíochta. Tá Máistreacht i Léann an Oideachais (Oideachas Matamaitice Bunscoile) aici. Tá Tríona dírithe ar ETIM a chur chun cinn ar bhealach praiticiúil agus spreagúil do mhúinteoirí agus daltaí bunscoile.
Is múinteoir bunscoile í Gráinne Ní Ghriallais a bhfuil cónaí uirthi in Indreabhán. Tá sí ag múineadh le cúig bliana déag anois. Tá réimse ranganna chomh maith le tacaíocht foghlama agus rang uathachas múinte aici. Tá taithí aici ag múineadh i scoileanna Gaeltachta agus scoil DEIS. Tá iarchéim bainte amach aici sa cheannaireacht scoile agus tá post príomhoide cúnta II aici i Scoil na bhForbacha. Tá teastas aici sa teiripe spraoi agus tuigeann sí an tábhacht atá le spraoi i bhfoghlaim agus saol na bpáistí. Sa rang baineann sí úsáid as na súile mata chun spraoi a spreagtha sa cheacht matamaitice le spriocanna an curaclam matamaitice nua na bunscoile a bhaint amach.
Taighde ar an Tumoideachas - Claire Dunne
Seomra Erne
An Tumoideachas ag an mBunleibhéal in Éirinn: Léargais ón Taighde Náisiúnta
Tabharfaidh an chaint seo foramharc ar an scagadh agus iniúchadh atá déanta ar an tumoideachas ag an mbunleibhéal in Éirinn. Féachfar ar:
- Fás agus forbairt an tumoideachais in Éirinn
- Na buntáistí taighdebhunaithe a bhaineann leis an tumoideachas
- Dea-chleachtais sa tumoideachas
Beathaisnéis
Is í Claire Dunne an Ceann Roinne ar Roinn an Bhéarla agus Roinn na Gaeilge in Institiúid Oideachais Marino. Tá an-spéis aici i bhfoghlaim agus múineadh na Gaeilge. Tá leabhair acmhainní scríofa aici do mhúinteoirí: Sceitimíní: Gníomhaíochtaí Spraíúla Gaeilge agus Drámaíochta, Scéalta den Scoth: Ag Cothú Fonn Léitheoireachta agus Léitheoirí Líofa: Scil agus Toil Léitheoireachta. An tuarascáil taighde dheireanach atá déanta aici ná An Tumoideachas ag an mBunleibhéal in Éirinn. Léargais ón Taighde Náisiúnta.
Dea-Chleachtas maidir le soláthar RSO sa suíomh tumoideachais – Micheál S. Mac Donnacha & Rita Nic Amhlaoibh
Seomra Cranaghan 1
Ag breathnú ar an dea-chleachtas maidir le soláthar RSO sa suíomh tumoideachais.
Beidh na rannpháirtithe sa gceardlann seo ag imscrúdú a gcleachtas maidir leis an soláthar oideachais do dhaltaí le RSO, bíodh sin mar mhúinteoir ranga, mar mhúinteoir oideachas speisialta, mar chomhordaitheoir RSO, mar phríomhoide, nó mar bhall den bhainistíocht in-scoile.
Beathaisnéis
Is múinteoir bunscoile Gaeltachta é Micheál S. Mac Donnacha, atá ag obair faoi láthair mar Oifigeach Oideachais Gaeltachta de chuid COGG. Bhí sé roimhe seo leis an PDST, mar Iar-Chathaoirleach ar Óige na Gaeltachta agus Feachtas, ina Rúnaí ar Chraobh Iar-Chonnacht agus ina Oifigeach Gaeilge na Meán le CMI. Is Cathaoirleach é ar bhoird bhainistíochta scoileanna Gaeltachta, Cathaoirleach ar Chomhairle Raidió na Gaeltachta, agus tá M.Oid san Oideachas lán-Ghaeilge agus Gaeltachta bainte amach aige.
Ón nGaeltacht ó dhúchas í Rita Nic Amhlaoibh. Is iar-mhúinteoir oideachais speisialta, príomhoide Gaelscoile, oiliúnóir, cigire, iar-bhainisteoir ar sheirbhísí cuartaíochta do pháistí atá bodhar/le deacrachtaí éisteachta nó dall /le lagú amhairc agus iar-bhall foirne réigiúnach oideachais agus teanga (REALT) í le cáilíochtaí agus spéis ar leith aici san oideachas speisialta.
Treisiú ar Chearta Teanga - Páidí Ó Lionáird
Seomra Cuilcagh
Treisiú ar Chearta Teanga anois le feidhm tugtha (d’fhormhór) d’Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021
Déanfaidh Páidí cur i láthair faoi na forálacha atá tagtha i bhfeidhm agus tráchtaireacht orthu san atá fós le teacht i bhfeidhm roimh dheireadh na bliana.
Beathaisnéis
Bainisteoir Cumarsáide le hOifig an Choimisinéara Teanga é Páidí Ó Lionáird i ndiaidh dó le cois 25 bliana a chaitheamh mar chraoltóir le TG4, RTÉ agus RnaG. Oileadh mar oide bunscoile i gColáiste Mhuire Gan Smál agus mhúin ar feadh seal gairid i nGaelscoil Dáibhís i Maigh Eala. D’oibrigh sé le Gaelscoileanna ‘sna 1990daí luatha – ag forbairt ar an nGaelscolaíocht i gCúige Mumhan. As Cúil Aodha i gCo Chorcaí ach ina chónaí le fada i gCois Fharraige.
Intleacht Shaorga san Oideachas - Derval Newman 📽️
Seomra Claddagh
Intleacht Shaorga san Oideachas: Nuálaíocht, Tionchar, agus Cur i bhFeidhm
Sa cheardlann seo, pléifear conas is féidir le múinteoirí AI (Intleacht Shaorga) a úsáid go héifeachtach chun foghlaim agus teagasc a fheabhsú i suíomh iar-bhunscoile. Beidh Derval ag roinnt a cuid eolais agus taithí ar conas atá AI á úsáid aici chun torthaí foghlama níos fearr a bhaint amach. Labhróidh sí faoi conas is féidir le múinteoirí an teicneolaíocht seo a chur i bhfeidhm ar bhealach praiticiúil ina scoileanna féin.
I measc na n-ábhar a phléifear, beidh:
- Conas is féidir le AI cabhrú le pleanáil níos éifeachtaí sa seomra ranga
- Bealaí chun difreálú a dhéanamh ar mhúineadh ag úsáid uirlisí AI
- Úsáid AI chun athbhreithniú agus aiseolas níos éifeachtaí a thabhairt do scoláirí
- Teicnící chun scileanna digiteacha agus smaointeoireacht chriticiúil a fheabhsú trí AI
Beidh an cheardlann seo oiriúnach do gach múinteoir iar-bhunscoile atá ag iarraidh AI a ionchorprú ina gcleachtais teagaisc.
Beatháisnéis:
is Príomhoide iar-bhunscoile í Derval Newman ar Ghairmscoil Mhic Diarmada, Árainn Mhór, agus í ag tabhairt léi raidhse taithí san earnáil oideachais. Roimh a ceapachán, bhí sí mar phríomhoide tánaisteach i gColáiste Eoghain, Bun Cranncha, agus i gColáiste Ailigh, Leitir Ceanainn. Tá breis is trí bhliain déag de thaithí bainistíochta aici sna scoileanna sin.
Chomh maith leis an ról seo, bhí Derval ina teagascóir agus iniúchóir ar mhúinteoirí ar shocrúchán sa chúrsa MGO (Máistreacht Gairmiúil san Oideachas) in OÉ Gaillimh, áit a raibh sí ag treorú agus ag tacú le múinteoirí faoi oiliúint. Tá an-suim aici i bhforbairt ghairmiúil leanúnach agus an teagasc trí Ghaeilge ach go háirithe.
An Luath-Thumoideachas - Bríd de Lóndra & Róise Nic Corraidh
Seomra Woodford
Taithí ó Scoil Ghaeltachta & Scoil Lán-Ghaeilge
Sa cheardlann seo, roinnfear eolas agus straitéisí praiticiúla maidir le conas an luath-thumoideachas a chur chun cinn sa Scoil Ghaeltachta & Scoil Lán-Ghaeilge.
Labhróidh painéal múinteoirí faoi mhodhanna múinte agus acmhainní a chabhraíonn leo ina gcuid seomraí ranga féin agus conas a d’fhéadfadh múinteoirí eile iad a chur i bhfeidhm go héifeachtach ar mhaithe le scileanna teanga na bpáistí a fhorbairt.
Beathaisnéisí
Is múinteoir bunscoile í Bríd de Lóndra a d’fhreastail ar Choláiste Mhuire gan Smál. Tá a saol múinteoireachta ar fad caite aici i scoileanna lán-Ghaeilge, ag tosú i 1996 i Scoil Lorcáin, Co. Bhaile Cliath agus anois, le beagnach 20 bliain anuas, i Scoil Neasáin, BÁC 5. Tá ceithre bliana déag de thaithí aici ag múineadh na naíonán sóisir, ag díriú ar agus ag tacú leis na páistí an Ghaeilge a shealbhú. Tá sí an-sásta an t-eolas, na hacmhainní agus cleachtais atá foghlamtha aici sa seomra ranga thar na blianta a roinnt le múinteoirí eile.
ríomhoide ar Scoil Náisiúnta Mhín Tine Dé in Ard a’Rátha, Co. Dhún na nGall í Róise Nic Corraidh, D’oibrigh sí mar mhúinteoir tacaíochta teanga i gceithre scoil Ghaeltachta roimh seo. Tá MA i dTeanga agus Litríocht na Nua-Ghaeilge. Aici. Tá sí mar ionadaí réigiúnach ar Bhord Stiúrtha Gaeloideachas.
An Ghaeilge agus an Teicneolaíocht - Robbie Irwin
Seomra Erne
Bímis Cruthaitheach: Úsáid na teicneolaíochta chun cruthaitheacht a spreagadh sa seomra ranga.
Sa cheardlann seo, roinnfear smaointí agus gníomhaíochtaí éagsúla chun an teicneolaíocht a úsáid sa seomra go héasca ach go cruthaitheach. Tá an cheardlann oiriúnach dóibh siúd a bhfuil spéis acu in úsáid na teicneolaíochta a ionchorprú sna ceachtanna níos mó ach ní gá dóibh ardchumas teicneolaíochta a bheith acu féin.
– Féachfaidh muid ar shuíomhanna agus aipeanna ar leith a spreagann cruthaitheacht agus a chuireann comhoibriú chun cinn
– Féachfaidh muid ar shamplaí d’uirlisí digiteacha difriúla a úsáidtear sa seomra ranga (crua-earraí difriúla).
Beathaisnéis
Is léachtóir cúnta san oideachas é Robbie in Institiúid Oideachais Marino. Is as Béal Feirste dó áit a raibh sé ag obair mar mhúinteoir Gaelscoile. Chaith sé bliain ag obair le COGG mar Oifigeach Oideachas Bunscoile sular thosaigh sé i Marino. Tá spéis mhór aige i múineadh na Gaeilge agus in úsáid na teicneolaíochta chun cuidiú le múineadh agus foghlaim ag an mbunleibhéal. Tá máistreacht aige i nDearadh agus Forbairt Ríomhfhoghlama agus tá sé ag tabhairt faoi dhochtúireacht faoi láthair san Oideachas Digiteach.
An tAistriú go dtí Naíonáin Shóisearacha - Noreen Fiorentini & Caitríona Uí Ghrianna
Seomra Cranaghan 1
Ag tacú le leanaí leis an aistriú ó shuíomhanna foghlama agus cúraim na luath-óige (nó ón mbaile) go dtí naíonáin shóisearacha.
Is é an t-aistriú ón mbaile nó ón naíonra go dtí an bhunscoil ceann de na haistrithe oideachasúla is tábhachtaí i saol an linbh. Sa cheardlann seo, roinnfear léargas ó thionscadal na cigireachta ar straitéisí praiticiúla a thacaíonn le folláine leanaí óga agus a dteaghlaigh, agus na leanaí ag dul ón naíonra nó ón mbaile go dtí an bhunscoil.
I measc na n-ábhar a phléifear, beidh:
- Pleanáil agus ullmhúchán agus naisc leis na naíonraí
- Timpeallachtaí foghlama a thacaíonn le foghlaim na bpáistí trasna an churaclaim, taobh istigh agus lasmuigh agus conas a spreagann siad neamhspleáchas na leanaí óga
- Teagasc agus foghlaim chun tacú le leanúnachas agus dul chun cinn na leanaí óga
Beatháisnéisí
Is Roinnchigire leis an Roinn Oideachais í an Dr Nóirín Fiorentini. Thosaigh Nóirín sa Chigireacht i 2002 agus bhí bunscoileanna i nDún na nGall faoina cúram le blianta fada anuas. Bhí sí ina príomhoide i Scoil Cholmcille, Gleann Gad, Málainn ó 1995-2002 agus ar feadh dhá bhliain bhí sí ar iasacht mar thraenálaí/cuiditheoir don Chlár Tacaíochta don Churaclam Bunscoile. Nuair a thosaigh na cigirí luathbhlianta sa Roinn Oideachais in 2015, chuaigh sí ag obair leo. Tá taithí fhairsing ag Noreen ar cháilíocht an teagaisc agus na foghlama a mheas i suíomhanna luathfhoghlama agus cúraim agus i mbunscoileanna i gcomhthéacsanna Gaeltachta agus Gaelscolaíochta. Cuireann Noreen comhairle polasaí ar fáil freisin don Roinn Oideachais maidir le cúrsaí curaclaim agus measúnachta.
Is Roinnchigire leis an Roinn Oideachais í an Dr Caitríona Uí Ghrianna. Tá taithí fhairsing aici ar mheastóireacht an teagaisc agus na foghlama i mbunscoileanna. D’oibrigh Caitríona mar phríomhoide bunscoile roimhe sin. Tá an-suim agus saineolas ag Caitríona i measúnú foghlama agus i gcur i bhfeidhm an oideachais trí mheán na Gaeilge agus i gcúrsaí ceannaireachta i scoileanna. Taobh le taobh lena hobair chigireachta i scoileanna, tugann Caitríona tacaíocht don obair san Aonad um Oideachas Gaeltachta sa Roinn Oideachais. Tá Caitríona ina ball den Choiste Comhairleach um Polasaí don Oideachas Gaeltachta agus den Choiste Stiúrtha um Fhorbairt Polasaí Nua don Oideachas Lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht.
Na hAonaid Lán-Ghaeilge mar sholáthar Iar-bhunleibhéil - Máire Uí Chonghaile 📽️
Seomra Cuilcagh
Léiríonn torthaí taighde seo go bhfuil tionchar dearfach ar bhonn inmharthana ag na haonaid ar an nGaeilge mar theanga bheo agus ar an gcultúr Gaelach san hóstscoileanna. Ach é sin ráite, deimhníonn an taighde seo go láidir go bhfuil deacrachtaí agus dúshláin shuntasacha fós le sárú sna haonaid lán-Ghaeilge atá faoi bhainistíocht scoileanna a fheidhmíonn trí mheán an Bhéarla. Le fócas ar na haonaid reatha agus i bhfianaise thorthaí an taighde seo, aithneofar na saincheisteanna agus léireofar táscairí i dtreo feabhsúcháin mar réitigh ar dhúshláin aitheanta sa cheardlann seo.
Beathaisnéis
Bhí Máire Uí Chonghaile mar chigire bunscoile agus ag léachtóireacht go páirtaimseartha i gColáiste Mhuire gan Smál. Bíonn Máire ag feidhmiú mar stiúrthóir don chúrsa M. Oid san Oideachas Lán-Ghaeilge agus Gaeltachta.
Snas TV agus snas.ie - Aisling Ní Bheacháin
Seomra Claddagh
Snas TV agus www.snas.ie: Lárphointe Nua Acmhainní do Lucht Teagaisc agus Foghlama na Gaeilge
Tá www.snas.ie forbartha mar lárphointe acmhainní do lucht teagaisc agus foghlama na Gaeilge. Sa cheardlann seo, taispeánfar SnasTV Nuacht agus SnasTV Ros na Rún, acmhainní nuálacha teagaisc agus foghlama bunaithe ar ábhar dílis ó chláir TG4 agus léireofar conas an úsáid is éifeachtaí a bhaint as na hacmhainní sin sa seomra ranga Pléifear chomh maith na hacmhainní eile atá ar an suíomh a thacóidh leis an bhforbairt ghairmiúil dóibh siúd atá ag múineadh na Gaeilge.
Beatháisnéis
Tar éis cáilíocht iarchéime a bhaint amach in Ollscoil na Gaillimhe, chaith Aisling Ní Bheacháin tréimhsí ag obair mar theagascóir agus mar dhearthóir acmhainní teagaisc in institiúidí tríú leibhéal éagsúla. Tá sí ar fhoireann Lárionad na Gaeilge, Ollscoil Mhá Nuad ó 2008 ag comhordú na dtograí éagsúla atá idir lámha ansin: Teastas Eorpach na Gaeilge, Vifax don Ghaeilge, agus cúrsaí teanga agus oiliúna do mhúinteoirí ina measc. I bpáirt lena comhghleacaithe i Lárionad na Gaeilge, tá Aisling tar éis a bheith ag obair ar an suíomh idirlín nua www.snas.ie a bhfuil sé mar chuspóir aige ábhar teagaisc saibhir dílis a chur in oiriúint d’fhoghlaimeoirí an lae inniu, chomh maith le hacmhainní oiliúna a chur ar fáil do mhúinteoirí Gaeilge.
Oideachas Saoránachta Domhanda (OSD) sa Churaclam le Global Village - Ailbhe Seoige, Clare Glavey & Sinéad Ní Uallacháin
Seomra Woodford
Foghlaimeoidh na rannpháirtithe faoin Oideachas Saoránachta Domhanda, agus a bhaint leis an gCuraclam, ach go háirithe san Tíreolas agus Stair. Rachaidh siad i ngleic le modheolaíochtaí gníomhach éagsúlachta le téamaí domhanda a chur chun cinn sa seomra ranga.
Is é Global Village, an chomhpháirtíocht straitéiseach d’Oideachas Saoránachta Domhanda (OSD) i mbunscoileanna, idir Cúnamh Éireann ag an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus ceithre chomhpháirtí: Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath (DCU), Cumann Múinteoirí Éireann (INTO), Líonra Príomhoidí Bunscoile na hÉireann (IPPN) agus Trócaire.
Beathaisnéisí
Tá breis agus 10 mbliana de thaithí ag Ailbhe Seoige mar mhúinteoir bunscoile idirnáisiúnta, le speisialtóireacht san oideachas faoin aer. Faoi láthair, tá sí ag obair mar Oifigeach Oideachais le Global Village, áit a bhfuil sí tiomanta do chur chun cinn acmhainní agus tionscnamh a spreagann an saoránacht dhomhanda agus feasacht idirchultúrtha sna scoileanna. Tugann a cúlra sa seomra ranga léargas domhain di ar riachtanais na múinteoirí agus na ndaltaí araon, agus tá sí fós paiseanta faoi thimpeallachtaí foghlama uilechuimsitheacha agus spreagúla a chothú.
Is Oifigeach Oideachais í Claire Glavey le Global Village. Mhúin Claire i mbunscoileanna ar feadh cúig bliana. Roimhe sin, d’oibrigh sí ar réimse leathan clár oideachais bainteach le cearta daonna agus saoránachta domhanda. Bhí sí dírithe ar oideachas fhoirmiúil (bunscoileanna, iar-bhunscoileanna agus an tríú leibhéal) agus ar oideachas neamh-fhoirmiúil; ag forbairt acmhainní, ag tabhairt tacaíocht do mhúinteoirí agus foghlaimeoirí, agus ag déanamh taighde.
Bronnadh bunchéim san oideachas ó Choláiste Muire gan Smál ar Shinéad Ní Uallacháin sa bhliain 2007 agus tá sí ag obair mar mhúinteoir príomhshraithe i nGaelscoil Naomh Pádraig i Leamhcán, Co. Áth Cliath ó shin. Bhí fonn ar Shinéad forbairt gairmiúil a dhéanamh agus d’fhill sí ar an gcoláiste chun máistreacht san Oideachas Lán-Ghaeilge agus Gaeltachta a bhaint amach. Ghlac scoil Sinéad páirt sa chlár píolóta Oideachas Saoránacht Domhanda i gcomhpháirt le hOllscoil Chathair Bhaile Átha Cliath (DCU) agus Irish Aid.
Acmhainní Ranga leis An Áisaonad - Aingeal Nic an tSábhaisigh 📽️
Seomra Erne
Cleite: Banda 5 agus Nuacht Anois
Sa cheardlann seo, léireofar na hacmhainní fiúntacha seo atá faoi fhorbairt. Míneofar na dóigheanna a gcuidíonn siad le cur chun cinn na léitheoireachta i lár na bunscoile. Díreofar ar na leabhair a thiocfaidh amach i mBanda 5 gan mhoill, na téamaí atá iontu, tascanna molta a bhaineann leo, srl. Amharcfar chomh maith ar Nuacht Anois, suíomh nuachta saor in aisce do Ghaelscoileanna, agus ar straitéisí éifeachtacha lena úsáid sa seomra ranga.
Beathaisnéis
Is í Aingeal Nic an tSábhaisigh Comhairleoir Oideachais an Áisaonaid. Dearann agus foilsíonn an tÁisaonad acmhainní oideachasúla do Ghaelscoileanna, idir leabhair mhóra, leabhair léitheoireachta, théacsleabhair, chluichí agus acmhainní digiteacha ar an iliomad ábhar curaclaim. Ba mhúinteoir bunscoile í Aingeal ar feadh 20 bliain, agus iar-phríomhoide ar Bhunscoil Bheanna Boirche, Caisleán Uidhilín. Tá sí ag plé le cur chun cinn na foghlama trí theicneolaíocht an oideachais a úsáid i gcomhthéacs Gaelscoile le roinnt mhaith blianta anuas. Mar Chomhairleoir Oideachais, cuidíonn sí le háiseanna úra an Áisaonaid a chruthú agus le monatóireacht a dhéanamh orthu chun bheith cinnte de go bhfreagraíonn siad do riachtanais na scoileanna. Cuireann sí ceardlanna oiliúna ar fáil, chomh maith, ar dhea-úsáid acmhainní an Áisaonaid sa seomra ranga.
An Tionscadal Taighde Gníomhaíochta do Chnuasaigh Scoileanna Beaga - David Brennan
Seomra Claddagh
An Tionscadal Taighde Gníomhaíochta do Chnuasaigh Scoileanna Beaga chun tacú le h-inbhuanaitheacht Scoileanna Beaga faoin tuath
Léargas ó David Brennan, Comhordaitheoir Náisiúnta an Tionscadail & ó Phríomhoidí Chnuasach Scoileanna Iorras Aithnigh, Conamara – Caroline Ní Chonghaile, Scoil Mhuire, Carna ; Róisín Ní Chualáin, Scoil Naomh Colmáin, Muigh-Inis; Sinéad Ní Mhullaoidh, Príomhoide Scoil na hAirde Móire; Cáit Ní Choistealdha, Scoil Naomh Ciarán, Cill Chiaráin.
Sa gceardlann seo, tabharfaidh David Brennan, Comhordaitheoir Náisiúnta an Tionscadail léargas dúinn ar struchtúr agus aidhmeanna an tionscadail ag an leibhéal náisiúnta agus ar na rudaí atá déanta agus foghlamtha ag na na scoileanna sna sé chnuasach atá páirteach sa tionscadail faoi láthair. Ina dhiaidh sin déanfaidh Caroline Ní Chonghaile, Róisín Ní Chualáin, Sinéad Ní Mhullaoidh, agus Cáit Ní Choistealbha, cur síos ar chúlra na scoileanna atá i gCnuasach Scoileanna Iorras Aithneach agus pléifidh siad céard a d’oibrigh go maith dhóibh mar Chnuasach, céard iad na dúshláin a bhíonn le sárú acu agus céard iad na forbairtí a fheiceann siad atá riachtanach chun gur féidir le Cnuasaigh Scoileanna Beaga feidhmiú ar bhonn atá inbhuanaithe agus inmharthana sa todhchaí.
David Brennan
Tá David ina Chomhordaitheoir Náisiúnta ar an Tionscadal Taighde Gníomhaíochta do Chnuasaigh Scoileanna Beaga ag obair le OIDE, Seirbhís Tacaíochta de chuid na Roinne Oideachais. Tá fíor-phaisean aige as pobail scoile a fhorbairt agus a thacú chun a n-inbhuanaitheacht agus a bhfeidhmíocht a fheabhsú. Tá sé dírithe ar dheiseanna agus tionscnaimh a fhiosrú chun dul i bhfeidhm ar bheartais reatha agus ar bheartas amach anseo, chun a chinntiú go gcoimeádfaidh scoileanna beaga a ról lárnach inár bpobail. Tá B.Ed. (Coláiste Mhuire gan Smál), MSc. i gCeannaireacht & Bainistíocht (UCD), MSc. i Teicneolaíochtaí Digiteacha (MTU), Ard-Dioplóma sa Dlí agus san Oideachas (Cumann Onórach Óstaí an Rí) agus faoi láthair tá PhD ar bun aige i gCeannaireacht san Oideachas (UL) ag díriú ar Phobail Scoile Tuaithe a Thógáil trí Cheannaireacht Chomhoibríoch.
Cnuasach Scoileanna Beaga Iorras Aithnigh
Chláraigh Cnuasach Scoileanna Iorras Aithneach, i Meán Fómhair 2021, leis an Tionscadal Taighde Gníomhaíochta do Chnuasaigh Scoileanna Beaga. Is í aidhm an tionscadail seo, triail a bhaint as bealaí nuálacha chun tacú le scoileanna beaga agus aitheantas a thabhairt don luach a bhaineann leo ina bpobail. Eascraíonn an scéim as comhpháirtíocht idir an An Roinn Oideachais, na Páirtnéirí Oideachais (An Chomhairle Mhúinteoireachta, INTO, IPPN, CIBE, CPSMA agus Gaeloideachas), agus na bunscoileanna atá páirteach sa scéim. Tá Gaeloideachas ina chomhpháirtí ag obair le Cnuasach Scoileanna Iorras Aithneach. Leanfaidh an scéim seo ar aghaidh go dtí 2026.
Príomhfhócas an tionscadail sa tréimhse phíolóiteach ná triail a bhaint as tacaíochtaí nua do scoileanna beaga de réir riachtanais na scoileanna féin agus na féidearthachtaí atá ann, leis an tuiscint nach mbeadh na gníomhaíochtaí go léir a mbainfear triail astu inoibrithe, ach go gcuirfeadh an tionscadail deis ar fáil le triail a bhaint astu go sábháilte ar feadh tréimhse dhá bhliain.
Ina theannta sin, leag Cnuasach Scoileanna Iorras Aithneach rompu, le linn an tionscadail a bheith á chur i bhfeidhm, tuiscint níos fearr a fháil ar na buntáistí agus na míbhuntáistí atá ag scoileanna beaga, agus ar an ngaol atá eatarthu, agus go bhforbródh siad múnla nua a chuirfidh ar ár gcumas tabhairt faoi phleanáil agus forbairt scoile, agus forbairt an chórais oideachais bunscoile in Iorras Aithneach, ar bhealach níos éifeachtaí agus níos córasaí sa todhchaí – múnla a thagann as na smaointe agus na tuairimí a tháinig chun cinn le linn an tionscadail, múnla a bheas iontach do na páistí, do na teaghlaigh agus don phobal – agus múnla go mbeidh muide ar bís faoi.
Polasaí don Oideachas Lán-Ghaeilge - Deirbile Nic Conghamhna & Déaglán Ó Laoire
Seomra Cranaghan 1
Polasaí don Oideachas Lán-Ghaeilge – Ó Chreat go Polasaí, Peirspictíochtaí na hEarnála
Deirbile Nic Conghamhna, Príomhoide Scoil Neasáin & Déaglán Ó Laoire, Príomhoide Choláiste Ráithín.
Beathaisnéisí
Deirble Nic Conghamhna: Is as Baile Átha Cliath do Dheirble agus a cuid oideachais ar fad faighte aici in earnáil na Gaelscolaíochta. Tá sí ag múineadh i Scoil Neasáin, Baile Hearman le breis agus tríocha bliain anuas agus í mar phríomhoide ann ó 1999. Chríochnaigh Deirble máistreacht san oideachas lán Ghaeilge agus Gaeltachta i gColáiste Mhuire gan Smál i 2022. Teideal an tráchtais a bhí aici ná ‘Ní neart go cur le chéile’ Forbairt acmhainn na ceannaireachta i gcur chun cinn na Gaeilge sa suíomh lan-Ghaeilge.
Déaglán Ó Laoire: Príomhoide i gColáiste Ráithín, Bré, Co Chill Mhantáin. Múscraíoch ó dhúchas, a chaith seal fada ag múineadh Gaeilge i mBleá Cliath. Tá BA sa Ghaeilge agus Iarchéim san Oideachas aige, bhain sé MA sa Cheannaireacht Scoile amach i 2016. Bronnadh na gradam uilig air in Ollscoil Mhá Nuad. Tá sé mar ionadaí ar Earnáil na nIar-bhunscoileanna ar Bhord Stiúrtha Gaeloideachas
FCÁT san Iar-bhunscoil - Sinéad Ní Dhonnchú 📽️
Seomra Cuilcagh
Sa cheardlann seo, déanfar plé ar chur i bhfeidhm an FCÁT ar bhonn uile scoile. Is é sprioc na ceardlainne seo ná straitéisí a roinnt ar féidir feasacht teanga na múinteoirí tumoideachais a ardú agus scoláirí a nochtadh do theanga atá deartha ar ghnéithe gramadaí a mbíonn deacrachtaí acu leo. Díreofar ar na réimsí seo a leanas;
- Cén fáth an FCÁT
- Soláthar na forbartha gairmiúla leanúnaí i leith na teanga agus an FCÁT
- Cleachtais an mhúinteora tumoideachais
- Ról na Foirne FCÁT – idir mhúinteoirí agus scoláirí araon
Beatháisnéis
Is múinteoir Gaeilge, staire agus tíreolaíochta í Sinéad Ní Dhonnchú atá ag múineadh i gColáiste Cois Life, Leamhcán le sé bliana anuas. Tá sí díreach tar éis an M. Oid san Oideachas lán-Ghaeilge agus Gaeltachta a bhaint amach. “Iniúchadh a Dhéanamh ar Thionchar Chlár Oiliúna Theagasc Foirm-dhírithe (TFD) ar Mhuinín Teanga an Mhúinteora Iarbhunscoile Lán- Ghaeilge maidir le Cur i bhFeidhm an Teagaisc Fhoirm-dhírithe ina gCuid Ranganna” ab ea teideal a tráchtais. Cuireann sí oiliúint ar fáil do mhúinteoirí ina scoil féin i dtaobh cur i bhfeidhm Foghlaim Comhtháite Ábhar agus Teanga agus tá suim faoi leith aici i muinín teanga an mhúinteora iar-bhunscoile lán-Ghaeilge a fhorbairt.
Ceardlann Puipéadóireachta le Branar - Niamh Ní Fhlatharta, Branar Téatar do Pháistí
Seomra Woodford
Tóg do phuipéad féin sa rang. Tá Niamh Ní Fhlatharta ó Branar Téatar do Pháistí chun ceardlann puipéadóireacht a chuir i láthair ag úsáid ábhair atá le fail go héasca sa seomra ranga. Foghlaimeoidh tú:
- Conas puipéad a dhéanamh as páipéar
- Bunscileanna puipéadóireachta, cosúil le conas an puipéad a bhogadh.
Beathaisnéis
Tá Branar Téatar do Pháistí ar cheann de phríomhchompántais amharclannaíochta na hÉireann a chruthaíonn saothar ealaíne do pháistí. Lonnaithe in iarthar na hÉireann, tá cáil ar Branar as an tsárobair álainn, shamhlaíoch a dhéanann siad. Tá siad tiomanta dá lucht féachana agus freastal a dhéanamh orthu cibé áit a bhfuil siad.
Tá Niamh Ní Fhlatharta ag obair le Branar le 5 bliana anuas, ag obair idir ceardlanna agus léiriúcháin i scoileanna agus in amharclanna. Tá BA ag Niamh sa Dramaíocht agus sa Ghaeilge ó Ollscoil na Gaillimhe.
Teanga na Comharthaíochta - Niamh Ní Fhainín & Clodagh Ní Dhonabháin
Seomra Erne
An Clár “Cuir Fáilte Roimh Theangacha!” Teanga Chomharthaíochta na hÉireann
Niamh Ní Fhainín, Gaelscoil Áine B.Á.C. agus Clodagh Ní Dhonabháin, Teagascóir Teanga Chomharthaíochta na hÉireann (ISL)
Beathaisnéisí
Niamh Ní Fhainín
Cháiligh Niamh ó Institiúid Oideachais Marino sa bhliain 2019 le Baitsiléir san Oideachas agus le gradam sa Ghaeilge. Tá taithí múinteoireachta faighte aici ag obair i ngaelscoileanna éagsúla i mBaile Átha Cliath agus i scoil idirnáisiúnta in Aontas na nÉimíríochtaí Arabach araon. I mbliana, tá an-bhród uirthi a bheith mar chuid d’fhoireann Ghaelscoil Áine mar mhúinteoir Rang 4. Tá an-tairbhe á bhaint aici as na ceachtanna teanga chomharthaíochta a bhíonn ar siúl ag a rang gach seachtain agus tá sí ag súil go mór lena taithí ina leith, a roinnt le múinteoirí agus le scoileanna eile.
Clodagh Ní Dhonabháin
Ag fás aníos le beirt chol ceathracha bodhar, fuair Clodagh léargas ar shaol na lagéisteachta agus ar na fadhbanna a bhí le sárú ag daoine bodhar. I ndiaidh di an ollscoil a chríochnú, d’fhoghlaim sí ISL ar chúrsa oíche san ionad bodhar. Bhí iontas uirthi go raibh sí féin agus a múinteoir in ann cumarsáid a dhéanamh gan fiú aon fhocal amháin a bheith ráite eatarthu. Tá an-taithí agus saineolas ag Clodagh ar Theanga Chomharthaíochta na hÉireann tar éis di a bheith ag obair go deonach le grúpaí leanaí faoi mhíchumas agus le páistí lagéisteachta ach go háirithe. Le bliain anuas, bhí sé de phribhléid aici, ISL a thabhairt isteach sa seomra ranga chuig na daltaí i nGaelscoil Áine. Tá sí paiseanta faoin teanga chomharthaíochta agus tá sí iontach sásta go bhfuil sí in ann í a roinnt le haos óg an lae inniu chun cabhrú leo a bheith níos cuimsithí le pobal na mbodhar.
Féinchúram agus Folláine an Mhúinteora - Julie Nic Giolla Bháird
Seomra Cuilcagh
Tabharfaidh an ceardlann seo léargas praiticiúil ar
- an tábhacht a bhaineann le féinchúram do mhúinteoirí
- conas is féidir le folláine phearsanta dul chun tairbhe don seomra ranga
- straitéisí indéanta chun strus a bhainistiú, féinmhuinín a fheabhsú, agus cothromaíocht níos fearr a chruthú idir obair agus saol pearsanta
- teicnící chun dea-bhail a chothú, lena n-áirítear féinphlé dearfach, bainistíocht ama, agus cleachtais aireachais
- rannpháirtíocht ghníomhach, ceisteanna, agus léargais ó thaithí na rannpháirtithe
Beathaisnéis
Tá 22 bliain de thaithí ag Julie san oideachas ag obair mar mhúinteoir ranga in Éirinn agus sa Mheánoirthir. Chaith sí 4 bliana mar leas-phríomhoide agus róil cheannaireachta aici le freagracht as folláine na scoile ar fad. Is cóitseálaí cáilithe í Julie sa Chlárú Néarealíneolaíoch (NLP) agus tá máistreacht aici sa tsíceolaíocht. Faoi láthair tá sí ag déanamh máistreachta sa tSíceolaíocht Shaothair. Deimhnithe in aireachas do leanaí, tá an-suim ag Julie a bheith ag obair le múinteoirí le straitéisí praiticiúla a chur i bhfeidhm chun tacú le folláine na múinteoirí agus na daltaí.
Beatha Teanga - Seosamh Ó Dochartaigh & Caitríona de Róiste
Seomra Claddagh
Cén chaoi le daltaí Iar-bhunoideachais a ghríosadh chun an Ghaeilge a úsáid go sóisialta?
Seosamh Ó Dochartaigh, Pleanálaí Teanga, Carn Tóchair, Co Dhoire agus Caitríona de Róiste, Múinteoir i gColáiste Chilliain, Cluain Dolcáin, BÁC
Beathaisnéisí
Is as Charn Tóchair, deisceart Chontae Dhoire do Joe Ó Dochartaigh agus é ag obair in earnáil na Gaeilge le 14 bliain anuas tar éis blianta a chaitheamh mar leictreoir. I measc na blianta sin bhí sa bhreis agus 12 mbliana caite aige mar oifigeach óige i gCarn Tóchair, ag díriú ar dhaingniú agus forbairt an chomhphobail. Tá Joe anois fostaithe ag Coiste Forbartha Charn Tóchair mar oifigeach pleanála teanga le Líonra Charn Tóchair.
Sa cur i láthair seo déanfar scagadh ar roinnt de na coincheapanna a thig linn mar gníomhaithe teanga a úsáid le daoine óga a spreagadh tabhairt faoi labhairt na Gaeilge lasmuigh den seomra ranga fríd lionsa na pleanála teanga.
Ina measc sin;
- Mol an Óige agus tiocfaidh sí ach an leor moladh amháin
- Ag iompú teanga an ghrúpa
- Ról an cheannaire teanga sa phiarghrúpa
- Tionchar cumas teanga ar úsáid teanga
Caitríona de Róiste
Is múinteoir meánscoile í Caitríona agus ceithre bliana déag caite aici ag múineadh na Gaeilge agus na Tíreolaíochta i scoileanna T1 agus T2 agus is iar-dhalta í de Choláiste Chilliain. Tá taithí aici mar mhúinteoir/ phríomhoide ar choláiste samhraidh, ina cruthaitheoir ábhair do chomhlacht leabhair, agus ar dhuine de bhunaitheoirí na cúrsaí Gaeilge ar líne ag StudyBase.com, a chuireann cúrsaí idirghníomhacha beochana ar fáil d’fhoghlaimeoirí na Gaeilge.
Tá sí paiseanta faoin nGaeilge a chur chun cinn mar theanga labhartha ach go háirithe, agus déanann sí a dícheall daoine a spreagadh chun na Gaeilge, idir pháistí agus daoine fásta.
Sa chur i láthair seo, díreofar ar straitéisí praiticiúla chun tacú le múinteoirí daltaí a spreagadh chun an Ghaeilge a úsaid go sóisialta.
I measc na n-ábhar a phléifear, tabharfar léargas ar:
- Stráitéisí éagsúla scoile agus foirne
- Guth an Dalta- Imeachtaí scoile
- Ról an phlean feabhsúcháin scoile.
Lig do scíth le Ióga - Róisín Uí Choinn
Seomra Cavanagh
Is múinteoir ióga, aireachais agus machnaimh í Róisín. Tá taithí aici ag obair le daoine fásta agus daoine óga araon. Tá breis is 20 bliain de thaithí aici ag obair mar mhúinteoir iar-bhunscoile Bitheolaíochta agus Gaeilge. Tá suim aici an ióga a roinnt leis an mhórphobal mar uirlis saoil chun dul i ngleic le strusanna an lae i mbealach taitneamhach.
Beidh Róisín ag éascú seisiún ióga le staidéir roghnaithe go cúramach a scaoilfidh teannas ó do chorp, a chruthóidh spás intinne agus a chothóidh fuinneamh ionat in athuair. Beidh an seisiún seo ag freastal ar lán-tosaitheoirí agus ar éinne a dtaitníonn sé leo seisiún ióga aireach a chleachtadh. Críochnóidh sí an seisiún le machnamh deas suaimhneach.
Cuirfidh Róisín na mataí Ióga ar fáil.
Seisiún Aireachais le strus an lae a laghdú - Katie McGreal
Seomra Claddagh
Is múinteoir aireachais í Katie a bhíonn ag obair le múinteoirí, daltaí scoile agus tuismitheoirí. Tá os cionn ocht mbliana taithí aici ag múineadh le bun agus meánscoileanna agus tá sí ag cleachtadh aireachais le os coinn deich mbliana. Cuireann sí ranganna ar fáil ar an láthair agus ar líne agus tá dialann aireachais ar fáil uaithi freisin atá feiliúnach do pháistí bunscoile agus iad ag iarraidh aireachais a thabhairt isteach ina saol laethúil.
Le linn an tseisiúin beidh deis agat suigh siar agus cleachtaí difriúla aireachais a dhéanamh le strus an lae agus buairimh an tsaoil a ligean le sruth. Beidh deis agat cúpla cineál cleachtadh aireachais a fhoghlaim le linn an tseisiúin seo le fáil amach céard é an cheann is fearr duitse. Mothóidh tú suaimhneach, síochánta agus níos sona faoi dheireadh an uair an chloig. Beidh tú i do shuí i gcathaoir don seisiún seo.