Clár Tionól Forbartha 2026

Tá dath glas le ♥ dírithe ar an mbunleibhéal, dath gorm le ♦ dírithe ar an iar-bhunleibhéal agus dath liath feiliúnach do gach duine.

Aoine 13 Samhain 2026

9.00-9.25 Clárúchán agus Aonach na Seastán

9.30-11.00 Ollseisiún agus Eochairaitheasc

Seomra Cranaghan: Cainteoirí Muiníneacha a Spreagadh trí Labharthacht

Focal fáilte le Clodagh Ní Mhaoilchiaráin, Uachtarán Gaeloideachas

Ein Llais Ni – Inspiring Confident Speakers Through Oracy | Cainteoirí Muiníneacha a Spreagadh trí Labharthacht – Catrin Fflur Roberts agus Osian Hughes, Ceannasaithe Cláir Ein Llais Ni

Tabharfaidh an seisiún iomlánach léargas ar an gclár Ein Llais Ni (Ár nGuth), a chuireann labharthacht na Breataine Bige i gcroílár churaclam na scoile. Múnlaíonn an clár oideolaíocht éifeachtach trí thascanna saibhre labharthachta a phleanáil a spreagann fiosracht agus taitneamh i measc foghlaimeoirí de gach aois.

Le linn an tseisiúin, roinnfear smaointe, cuir chuige agus acmhainní praiticiúla a bheidh úsáideach do mhúinteoirí na hearnála lán-Ghaeilge agus Gaeltachta chun deiseanna nua a spreagadh le labharthacht a fhorbairt i gcomhthéacs lán-Ghaeilge. Spreagfar rannpháirtithe le machnamh a dhéanamh ar a gcleachtais féin agus deiseanna a aithint a bhféadfaí a fhorbairt níos mine.

Tá foireann Ein Llais Ni an-tiomanta tacaíocht a thabhairt do scoileanna a gcuraclam a shaibhriú agus cultúr a chruthú ina bhfuil meas ar labhairt agus éisteacht mar scileanna riachtanacha saoil. Léiríonn a dtaithí go méadaítear muinín, taitneamh agus tuiscint na bhfoghlaimeoirí nuair a chuirtear eispéiris shaibhre labhartha agus éisteachta trí mheán na Breatnaise ar fáil agus go n-ardaítear caighdeán agus cáilíocht a gcuid cumarsáide chomh maith – a gcumarsáid lena chéile agus leis an domhan mór trí chéile.

Catrin Fflur Roberts, Ceannasaí Cláir Ein Llais Ni
Le breis agus 30 bliain de thaithí in earnáil an oideachais mar mhúinteoir bunscoile, mar phríomhoide agus mar Chomhairleoir Feabhsúcháin Scoile, tá Catrin paiseanta faoi thacaíocht a thabhairt do cheannairí agus do mhúinteoirí chun torthaí a fheabhsú dá bhfoghlaimeoirí.

Le linn a tréimhse le Cuibhreannas Réigiúnach Tacaíochta Oideachais Thuaisceart na Breataine Bige, bhí Catrin ina Ceannaire Straitéiseach ar fhorbairt na Breatnaise. Faoi láthair, tá sí ina comh-cheannasaí ar an gclár Ein Llais Ni go náisiúnta. Díríonn a réimse saineolais ar oideolaíocht labharthachta Breatnaise agus conas ceannairí a fhorbairt laistigh de thimpeallacht chomhoibríoch thacúil.

Osian Hughes, Ceannasaí Cláir Ein Llais Ni
Chuir Osian tús lena ghairm san oideachas in 1991 mar mhúinteoir iar-bhunscoile Deartha agus Teicneolaíochta. Ina dhiaidh sin, bhí róil aige mar Chomhordaitheoir TFC agus mar Chomhairleoir TFC ag tacú le scoileanna i dtrí údarás áitiúla. Níos deireanaí, d’oibrigh sé mar Chomhairleoir Feabhsúcháin Scoile laistigh den Chuibhreannas Réigiúnach Tacaíochta Oideachais, ag cabhrú le ceannairí scoile agus múinteoirí feabhas, nuálaíocht agus comhoibriú a spreagadh i measc cnuasaigh scoileanna. Tá sé anois ina chomhcheannasaí ar an gclár Ein Llais Ni go náisiúnta le Catrin.

Eolas breise faoi Ein Llais Ni
Cuireann an clár treoir phraiticiúil, smaointe agus straitéisí éagsúla ar fáil gur féidir le scoileanna agus múinteoirí a úsáid chun scileanna labhartha agus éisteachta foghlaimeoirí a fhorbairt trí mheascán de chur chuige traidisiúnta, digiteach agus fíorshaoil. Tacaíonn sé le scoileanna cainteoirí óga a chothú atá ina in ann cumarsáid go muiníneach ar scoil, sa mbaile agus ina bpobail.

Maoinithe ag Rialtas na Breataine Bige mar chuid dá thairiscint náisiúnta Forbartha Gairmiúla chun tacú le litearthacht ar fud na n-earnálacha bunscoile agus iar-bhunscoile, cuireann Ein Llais Ni acmhainní agus foghlaim ghairmiúil ar fáil d’oideoirí a aistríonn taighde go cuir chuige phraiticiúla sa seomra ranga. Tugann suíomh gréasáin cuimsitheach agus raon seisiún Foghlama Gairmiúla atá deartha go cúramach treoir do chleachtóirí agus do cheannairí maidir le hoideolaíocht éifeachtach labharthachta a fhorbairt.

Ceangail le Ein Llais Ni ar Instagram, Facebook agus LinkedIn chun breis eolais a fháil ar acmhainní, smaointe agus samplaí de chleachtas éifeachtach labharthachta trí Bhreatnais. Féach www.einllaisni.cymru

Focal fáilte le Cathnia Ó Muircheartaigh, Cathaoirleach COGG

11.00-11.15 Sos agus Aonach na Seastán

11.15-12.05 Ceardlanna Sraith 1

Seomra Cranaghan: An Intleacht Shaorga san Oideachas lán-Ghaeilge: Deiseanna, Dúshláin agus Cur Chuige Praiticiúil

Andy Caomhánach, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na Gaillimhe, Cormac Ó Tuairisg, Leas-Uachtarán Gaeloideachas/Scoil Éinne, Maria Ní Bheatsúin, Gaelcholáiste Dhoire, agus Robbie Irwin, Institiúid Oideachais Marino.

Cara Cuidiúil nó Constaic Chonspóideach? Déanfaidh an pléphainéal seo plé bríomhar ar thionchar na hintleachta saorga (IS) ar mhúineadh agus ar fhoghlaim san oideachas lán-Ghaeilge agus Gaeltachta, agus ar na bealaí ar féidir í a úsáid chun tacú le hobair an oideora. Pléifidh an ceathrar aoichainteoirí na deiseanna agus na dúshláin a bhaineann leis an IS d’oideoirí ag gach leibhéal sa lá atá inniu ann.

Roinnfidh na cainteoirí noda praiticiúla, uirlisí agus acmhainní úsáideacha, agus pléifidh siad conas is féidir an IS a úsáid i gcomhthéacs an oideachais lán-Ghaeilge le tascanna laethúla a éascú, tacú leis an teagasc agus leis an bhfoghlaim, agus acmhainní Gaeilge ar ardchaighdeán a chruthú. Pléifear freisin an úsáid a bhaineann na cainteoirí féin as an teicneolaíocht seo, na mórcheisteanna atá ag teacht chun cinn i réimse na hintleachta saorga, agus na forbairtí atá ag tarlú anseo in Éirinn agus go hidirnáisiúnta, go háirithe mar a bhaineann leis an oideachas, an tumoideachas, agus mionteangacha.

Déanfaidh an painéal machnamh feasach ar cheisteanna tábhachtacha eiticúla agus praiticiúla chomh maith – an príobháideachas, slándáil sonraí, úsáid fhreagrach eiticiúil na hintleachta saorga i gcomhthéacs an oideachais, mar aon le caighdeán agus cruinneas na Gaeilge, ina measc.

Má tá tú ag baint úsáide as IS cheana féin nó fiosrach faoi na féidearthachtaí a bhaineann léi, beidh deis agat éisteacht leis an bplé, do thuairimí féin a roinnt, ceisteanna a chur agus a bheith rannpháirteach sa bplé.

Andy Caomhánach, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na Gaillimhe

Is léachtóir agus taighdeoir é Andy Caomhánach in Ollscoil na Gaillimhe, áit a múineann sé teicneolaíocht agus gnó trí mheán na Gaeilge. Tá breis agus fiche bliain de thaithí aige san ardoideachas, in oiliúint múinteoirí agus i gcur chun cinn na teicneolaíochta san oideachas. Tá spéis ar leith aige in úsáid uirlisí digiteacha agus na hintleachta saorga chun tacú le teagasc agus foghlaim sa seomra ranga lán-Ghaeilge. Chomh maith lena chuid oibre acadúla, cuireann sé ceardlanna praiticiúla ar fáil do mhúinteoirí agus d’fhoghlaimeoirí. Is é Fear na Ríomhairí ar RTÉ Raidió na Gaeltachta é, áit a bpléann sé forbairtí teicneolaíochta agus a dtionchar ar an saol laethúil.

Cormac Ó Tuairisg, Leasuachtarán Gaeloideachas agus Príomhoide Cúnta II, Scoil Éinne, An Spidéal

Is múinteoir bunscoile agus Príomhoide Cúnta II é Cormac Ó Tuairisg i Scoil Éinne sa Spidéal. Tá breis agus cúig bliana déag de thaithí aige sa bhunoideachas, agus tá taithí na mblianta aige ag plé le teicneolaíocht dhigiteach agus leis an eolaíocht. D’oibrigh sé i ranganna príomhshrutha agus i suíomhanna tacaíochta agus oideachais speisialta. Sula ndeachaigh sé leis an múinteoireacht, rinne sé staidéar ar an innealtóireacht mheicniúil agus d’oibrigh sé san earnáil aerloingseoireachta. Tá MSc sa tSíceolaíocht aige ó Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath. Tá sé ag forbairt ábhar gairmiúil do mhúinteoirí faoi úsáid phraiticiúil na hintleachta saorga chun acmhainní teagaisc a chruthú.

Maria Ní Bheatsúin, Gaelcholáiste Dhoire

Is as Machaire Fíolta, Co. Dhoire, ó dhúchas do Maria. Is múinteoir Teicneolaíochta Faisnéise is Cumarsáide í atá anois mar mheáncheannaire i nGaelcholáiste Dhoire. Tá Maria sa ról seo le trí bliana anuas agus an-taithí aici ag plé le teagasc TFC san iar-bhunscolaíocht. Úsáideann sí intleacht shaorga le heispéireas foghlama an scoláire agus le hualach oibre an mhúinteora a éascú.

Robbie Irwin, Léachtóir Cúnta san Oideachas (Múineadh na Gaeilge agus Teicneolaíochtaí Cruthaitheacha), Institiúid Oideachais Marino

Is léachtóir cúnta é Robbie in Institiúid Oideachais Marino agus tá spéis mhór aige in úsáid na teicneolaíochta le cuidiú le múineadh na Gaeilge. Bhí a chéim mháistreachta i nDearadh agus Forbairt na Ríomhfhoghlama agus tá áiseanna teicneolaíochta cruthaithe aige d’Údaras Oideachais Thuaisceart Éireann. Beidh a thaighde doctúireachta ag fiosrú úsáid na hintleachta saorga i measc múinteoirí faoi oiliúint ó thaobh ardú muiníne agus cumais de. Sular thosaigh sé i Marino, chaith sé bliain mar Oifigeach Oideachais Bunscoile le COGG agus blianta mar mhúinteoir bunscoile. Chomh maith leis sin, ceapadh é mar speisialtóir ábhair le Duolingo nuair a chruthaigh sé aonaid nua Gaeilge don aip.

Seomra Woodford: Ó Léamh go Tuiscint: Cur Chuige Praiticiúil don Seomra Ranga | Giglets: Ag spreagadh léitheoireachta agus ag cothú tuisceana

Sa cheardlann phraiticiúil seo, díreofar ar straitéisí chun suim na bpáistí sa léitheoireacht a spreagadh agus chun a dtuiscint ar théacsanna a fhorbairt. Cuirfear Giglets, acmhainn dhigiteach léitheoireachta ina bhfuil réimse leathan téacsanna Gaeilge, i láthair agus léireofar conas is féidir leas a bhaint aisti chun stór focal, líofacht agus scileanna tuisceana a fhorbairt agus an teanga ó bhéal a shaibhriú. Roinnfear smaointe agus gníomhaíochtaí praiticiúla don seomra ranga agus tabharfar blaiseadh d’acmhainní litearthachta eile de chuid COGG.

Máire Ní Mhaoileoin, ILT Education

Is as Co. an Chláir do Mháire ó dhúchas. Chaith sí a saol múinteoireachta san earnáil ghaeloideachais, i Scoil Neasáin i mBaile Átha Cliath. Tá dioplóma iarchéime san Oideachas Riachtanas Speisialta aici agus taithí aici ar mhúineadh ag gach leibhéal sa bhunscoil, chomh maith le taithí fhairsing mar mhúinteoir tacaíochta foghlama. Tá spéis ar leith aici i múineadh na litearthachta.

Is í Máire Ceannaire Rannpháirtíochta Oideachais ILT Education in Éirinn. Le dhá bhliain anuas, tá sí ag obair le scoileanna chun tacú leo an t-ardán digiteach Giglets a leabú ina gcleachtas teagaisc agus foghlama, go háirithe i réimse na léitheoireachta.

Seomra Erne: An Ghaeilge mar Theanga Foghlama trasna an Churaclaim: Buntuscint ar an Litearthacht Disciplín sna Bunscoileanna

Éabha Ní Chualáin, Niamh Ní Chorra, Ciara Ní Chuilinn, An GaelAonad, Oide

San Eispéireas Foghlama Gairmiúla seo, fiosrófar forbairt agus dul chun cinn na Gaeilge sa cheacht ábhair i suíomhanna tumoideachais trí lionsa na litearthachta disciplíní. Díreofar ar an gcaoi a n-úsáidtear teanga chun foghlaim agus chun smaointeoireacht a fhorbairt laistigh d’ábhair éagsúla den churaclam. Trí phlé agus machnamh comhoibríoch, beidh deiseanna ag rannpháirtithe tuiscint a fhorbairt ar na héilimh teanga atá bainte le disciplíní éagsúla agus ar bhealaí chun tacú le foghlaimeoirí páirt iomlán a ghlacadh sa cheacht ábhair. Déanfar iniúchadh freisin ar straitéisí praiticiúla chun forbairt teanga agus tuiscint ábhair a chothú go comhtháite.

An GaelAonad, Oide

Is í Oide an tseirbhís tacaíochta do cheannairí scoile agus do mhúinteoirí atá á maoiniú ag an Roinn Oideachais agus Óige. Cuireann Oide réimse leathan deiseanna foghlama gairmiúla – idir chroídheiseanna agus dheiseanna roghnacha – ar fáil do cheannairí scoile agus do mhúinteoirí ag leibhéal na bunscoile agus na hiarbhunscoile. Nuair a bunaíodh Oide, socraíodh rannán ar leith – An GaelAonad – a bhunú laistigh de struchtúr na heagraíochta chun tacú leis na riachtanais foghlama ghairmiúla a bhaineann go sonrach leis an gcomhthéacs lán-Ghaeilge, chomh maith le réimse curaclaim na Gaeilge. Comhoibríonn an GaelAonad le rannáin eile in Oide le cinntiú go gcuirtear deiseanna foghlama ar fáil trí Ghaeilge go comhuaineach leis na deiseanna atá ar fáil i mBéarla, agus go gcuirtear sainriachtanais na hearnála lánGhaeilge san áireamh agus tacaíochtaí á bhforbairt agus á gcur ar fáil.

Seomra Cuilcagh: Fealsúnacht do Pháistí san Iar-bhunscoil agus an Smaointeoireacht Chriticiúil: Ó Theoiric go Cleachtas Praiticiúil

Sam Soirtéil, Coláiste Cois Life / An Coláiste Ollscoile, Báile Átha Cliath (UCD)

Roinnfear eolas agus acmhainní praiticiúla ar an oideolaíocht P4C (Fealsúnacht do Pháistí) sa seisiún seo. Tá an seisiún feiliúnach do mhúinteoirí iar-bhunscoile ar bith, is cuma cén t-ábhar a bhíonn á mhúineadh agat, beidh rud le tabhairt ar ais leat chuig do sheomra ranga féin. Déanfar cur síos gairid ar theoiric agus stair na hoideolaíochta. Leagfar béim faoi leith ar an tairbhe a bhaineann leis an gcur chuige maidir le smaointeoireacht chriticiúil na ndaltaí a chothú, na buntáistí cognaíocha agus neamhchognaíocha eile a bhaineann leis, agus an fiúntas a bhaineann lena leithéid, go háirithe in aois na hintleachta saorga. Déanfar eiseamláiriú ar mhodh na hoideolaíochta P4C mar a chuirfí i bhfeidhm go praiticiúil sa seomra ranga é. Beidh deis ag rannpháirtithe an cur chuige a fheiceáil agus a thriail dóibh féin agus cuirfear acmhainní fealsúnachta trí mheán na Gaeilge ar fáil do chuile rannpháirtí ag deireadh an tseisiúin.

Sam Soirtéil, Coláiste Cois Life / An Coláiste Ollscoile, Báile Átha Cliath (UCD)

Is múinteoir agus taighdeoir dochtúireachta é Sam, a bhfuil suim faoi leith aige i bhfealsúnacht an oideachais agus san oideolaíocht ‘Fealsúnacht do Pháistí’ (P4C – ‘Philosophy4Children’). Rinne Sam ceannródaíocht ar an bhfealsúnacht mar ábhar i gColáiste Cois Life, Leamhcán, áit a bhfuil sé ag múineadh le trí bliana anuas.

Tá céim aige san fhealsúnacht agus sa cheol ó Ollscoil Mhá Nuad agus baineann a chuid taighde dochtúireachta reatha le múinteoireacht na fealsúnachta trí mheán na Gaeilge trí lionsa na feiniméaneolaíochta agus na heirméineotaice—an fealsamh, Hans-Georg Gadamer (1900-2002) ach go háirithe—agus maoiniú aige ón PESGB (Philosophy of Education Society of Great Britain). Bronnadh deontas Féilte ón gComhairle Mhúinteoireachta ar an scoil chun an fhealsúnacht trí mheán na Gaeilge a chur chun cinn agus mar aon leis sin, tá Sam faoi chonradh ag COGG faoi láthair chun suíomh gréasáin oideachasúil fealsúnachta a chruthú – seolfar an suíomh i mí Lúnasa 2027.

Seomra Claddagh: Cur chun cinn na Gaeilge mar theanga shóisialta sa mheánscoil

Gemma Ní Bhroin, Coláiste Pobail Osraí/Bord Stiúrtha Gaeloideachas

Pléifear modhanna praiticiúla le daltaí a spreagadh leis an nGaeilge a úsáid go sóisialta mórthimpeall na scoile. Déanfar tagairt d’imeachtaí nó ócáidí speisialta chomh maith le nithe beaga laethúla.

Gemma Ní Bhroin, Coláiste Pobail Osraí/Bord Stiúrtha Gaeloideachas

Is múinteoir Gaeilge agus Tíreolaíochta í Gemma i gColáiste Pobail Osraí, Cill Chainnigh, le nach mór fiche bliain anuas. Bhain sí Máistreacht san Oideachas san Fhoghlaim Inniúlach, M.Ed (I.L.), amach in Ollscoil Mhá Nuad in 2024. Tá sí ina príomhoide cúnta sa scoil agus i measc na ndualgas atá aici tá cur chun cinn na Gaeilge i measc phobal na scoile.

12.05-12.55 Ceardlanna Sraith 2

Seomra Carrigan: Ag Tabhairt Aire Duit Féin agus Tú ag Tabhairt Aire do Dhaoine Eile

Marian Ní Chonghaile, Thrive with Marian

Tá áthas orainn spás suaimhneach a chur ar fáil ag an Tionól Forbartha agus trí sheisiún folláine agus aireachais a chur ar fáil do rannpháirtithe na comhdhála. Tabharfaidh na seisiúin seo deis do thoscairí sos a ghlacadh, am a thógáil dóibh féin agus agus cleachtais shimplí phraiticiúla a chleachtadh chun tacú lena bhfolláine féin.

Rachaidh na seisiúin seo chun leasa gach duine a bheas i láthair agus fágfaidh siad le smaointe praiticiúla ar bhealaí le strus a bhainistiú, athléimneacht a chothú agus aire níos fearr a thabhairt dóibh féin, go háirithe i saol cruógach an oideachais. Comhcheanglaíonn Máirín obair anála, gluaiseacht mhín, feasacht choirp agus machnamh chun cabhrú le daoine moilliú, teannas a scaoileadh agus athcheangal leo féin.

Marian Ní Chonghaile, Saineolaí Folláine, Thrive with Marian

Is saineolaí folláine, cóitseálaí saoil agus éascaitheoir obair anála í Marian Ní Chonghaile, bunaitheoir Thrive with Marian. Tá breis agus fiche bliain de thaithí aici san oideachas agus sa teicneolaíocht, agus cúig bliana de thaithí aici i réimse na folláine. Cruthaíonn sí spás fáilteach idirghníomhach ina bhfoghlaimíonn rannpháirtithe cleachtais shimplí ar féidir leo a úsáid ina saol laethúil agus ina gcuid oibre.

Seomra Erne: Taifid Reatha Léitheoireachta a Chur i bhFeidhm go hÉifeachtach sa Seomra Ranga

Máire Ní Mhiacháin, Gaelscoil Chaladh an Treoigh, agus Caoimhe Nioclás, Coláiste Mhuire gan Smál

Ceardlann idirghníomhach agus phraiticiúil í seo atá dírithe ar thaifid reatha léitheoireachta a chur i bhfeidhm go héifeachtach i seomraí ranga na Naíonán go Rang 2. Bunaithe ar phrionsabail na foghlama, an teagaisc agus an mheasúnaithe, scrúdóidh rannpháirtithe ról na dtaifead reatha mar uirlis mheasúnaithe chun tacú le dul chun cinn na léitheoireachta. Trí ghníomhaíochtaí agus samplaí praiticiúla, beidh rannpháirtithe ag obair i ngrúpaí chun straitéisí a fhoghlaim, a phlé agus a chur i bhfeidhm. Forbróidh siad a dtuiscint ar conas léargais ó thaifid reatha a úsáid chun teagasc na léitheoireachta a phleanáil, chun riachtanais foghlama na bpáistí a aithint agus chun barr feabhais a chur ar dul chun cinn na léitheoireachta sa seomra ranga.

Príomhfhócas na ceardlainne:

  • Taifid reatha a dhéanamh agus a anailísiú go héifeachtach
  • Fianaise mheasúnaithe a úsáid chun teagasc na léitheoireachta a threorú
  • Cur chuige praiticiúla a fhiosrú chun dul chun cinn léitheoireachta páistí a chothú
  • Naisc a dhéanamh idir measúnú, pleanáil agus teagasc laethúil.

Tá an cheardlann seo deartha chun scileanna praiticiúla agus muinín rannpháirtithe a fhorbairt agus iad ag cur taifid reatha léitheoireachta i bhfeidhm mar chuid lárnach de mheasúnú chun foghlama.

Máire Ní Mhiacháin, Gaelscoil Chaladh an Treoigh

Is Cláiríneach í Máire Ní Mhiacháin. Tá sí ag obair sa san earnáil tumoideachais ó cáilíodh í mar mhúinteoir bunscoile. Ceapadh Máire mar phríomhoide bunaithe ar Ghaelscoil Chaladh an Treoigh in 2001. Thosaigh sí ag obair mar chomhalta leis an gClár Náisiúnta Ionduchtaithe do Mhúinteoirí (NIPT) in 2016. Ina theannta leis sin, is scríbhneoir páirtaimseartha í leis an bhForas Taighde ar Oideachas (ERC). Chuir sí cúrsa samhraidh dar teideal Teagasc, Foghlaim agus Múineadh na Litearthachta i gcomhthéacs RSO i láthair i mbliana agus é urraithe ag COGG.

Creideann Máire go láidir san Fhorbairt Ghairmiúil Leanúnach. Thapaigh sí an deis Dioplóma Iarchéime san Oideachas Speisialta mar aon le M.Oid san Oideachas Lán-Ghaeilge agus Gaeltachta a bhaint amach i gColáiste Mhuire gan Smál. Is léachtóir páirtaimseartha sa Roinn um Oideachas Teanga agus Litearthachta, Coláiste Mhuire gan Smál, í chomh maith.

Caoimhe Nioclás, Ollamh Cúnta san Oideachas le saineolas sa Ghaeilge, Coláiste Mhuire gan Smál

Is múinteoir bunscoile í Caoimhe Nioclás atá ag obair anois mar léachtóir san oideachas i gColáiste Mhuire gan Smál. Tá taithí fhairsing aici ar oideachas lán-Ghaeilge, ar fhoghlaim teangacha agus ar fhorbairt litearthachta. Chaith sí tréimhse ag obair leis an gClár Náisiúnta Ionduchtaithe do Mhúinteoirí (NIPT), áit ar thacaigh sí leis an bpróiseas Droichead ar bhonn náisiúnta. Faoi láthair, is léachtóir san oideachas í le saineolas sa Ghaeilge, sa litearthacht agus san oideachas múinteoirí. Tá sainspéis aici i dteagasc agus i bhfoghlaim na Gaeilge, i bhfoghlaim teangacha agus i bhforbairt litearthachta.

Seomra Woodford: Códú trí Ghaeilge: Experience CS, Raspberry Pi agus acmhainní nua eile don seomra ranga

Frank Ó Tormaigh, COGG

Sa cheardlann phraiticiúil seo, taispeánfaidh Frank conas an t-ardán códaithe, ExperienceCS, atá forbartha ag Google agus ag Fondúireacht Raspberry Pi, a úsáid chun códú a mhúineadh trí mheán na Gaeilge. Tá an t-ardán á stiúradh ag Creative Hut agus is in Éirinn amháin atá sé ar fáil san Eoraip faoi láthair. Tabharfaidh Frank léargas freisin ar na hacmhainní is tionscadail eile atá idir lámha aige chun tuilleadh acmhainní códaithe a fhorbairt agus a chur ar fáil trí Ghaeilge.

Moltar do rannpháirtithe ríomhaire glúine a thabhairt leo le bheith in ann an leas is mó a bhaint as an seisiún seo.

Frank Ó Tormaigh – Oifigeach Oideachais (Digiteach), COGG

Tá Frank ag obair le COGG ó 2020. Roimhe sin, d’oibrigh sé mar mhúinteoir bunscoile i nGaelscoil Eiscir Riada, Baile Átha Claith. Tá M.Oid. aige san Fhoghlaim Dhigiteach chomh maith le hiarchéim sa Nuálaíocht. Tá an-suim aige i gcúrsaí teicneolaíochta, sa chódáil agus in acmhainní digiteacha a chruthú don churaclam ar fad.

Seomra Cranaghan: Spreagadh na Gaeilge: Dea-chleachtas

Aisling Uí Fhéich, Gaelscoil na Fuinseoige, Colmán Ó Drisceoil, Scoil Lorcáin, agus Deirble Nic Congamhna, Scoil Neasáin

Ceardlann idirghníomhach a bheidh anseo. Cuirfidh Aisling, Deirble agus Colmán roinnt moltaí atá bailithe acu i láthair agus beidh deis ag agus fáilte roimh rannpháirtithe moltaí óna dtaithí féin a chur leis an liosta agus na moltaí éagsúla a phlé. Tá súil againn go bhfágfaidh gach duine an cheardlann agus smaoineamh maith amháin acu a mbainfidh said triail as ar scoil ina dhiaidh sin.

Aisling Uí Fhéich, Príomhoide Ghaelscoil na Fuinseoige, Colmán Ó Drisceoil, Príomhoide Scoil Lorcáin, agus Deirble Nic Congamhna, Príomhoide Scoil Neasáin

Triúr príomhoidí ghaelscoileanna is ea Aisling, Deirble agus Colmán a bhfuil níos mó blianta caite acu le gaelscolaíocht ná mar ba mhaith leo a admháil! Tá staidéar acadúil déanta ag Deirble ar an ábhar, tá taithí i réimse suíomhanna ag Aisling agus is maith le Colmán a bheith ag caint!

Seomra Cuilcagh: An Caighdeán a Ardú: Daltaí Ardchumais a Spreagadh sa Rang Gaeilge Ardteistiméireachta

Cian Ó Tuathaláin, Coláiste Ghlór na Mara

Bainfear leas as ceann de na téacsanna nua ar chúrsa Gaeilge na hArdteistiméireachta chun iniúchadh a dhéanamh ar straitéisí praiticiúla a spreagfaidh daltaí ardchumais agus tréitheacha le dul i ngleic leis an teanga ar bhealach níos doimhne agus níos dúshlánaí. Díreofar ar an bhfoghlaim ghníomhach, ar an smaointeoireacht chriticiúil agus ar an difreáil mar bhealaí chun acmhainneacht na ndaltaí seo a chothú agus cabhrú leo barr a gcumais a bhaint amach.

Cian Ó Tuathaláin, Múinteoir Gaeilge, Coláiste Ghlór na Mara, Baile Brigín

Is múinteoir Gaeilge agus Tíreolaíochta é Cian a bhfuil breis agus deich mbliana de thaithí aige san earnáil lán-Ghaeilge. Bhain sé céim Mháistreachta amach san Oideachas Lán-Ghaeilge agus Gaeltachta ó Choláiste Mhuire gan Smál, Ollscoil Luimnigh, áit ar dhírigh a chuid taighde ar chruinneas teanga a chothú agus a fheabhsú i measc daltaí Ardteistiméireachta.

Tá réimse leathan taithí aige i ngort an oideachais, mar shampla, ina chuid oibre mar Phríomhoide ar choláiste samhraidh Gaeltachta, mar scrúdaitheoir sna scrúduithe béil agus scríofa le Coimisiún na Scrúduithe Stáit, agus mar éascaitheoir le hOide, an tseirbhís tacaíochta do mhúinteoirí agus do cheannairí scoile. Tá taithí léachtóireachta aige freisin i gColáiste Mhuire gan Smál agus, le déanaí, is teagascóir páirtaimseartha é i gColáiste na Tríonóide.

Chomh maith lena chuid oibre san oideachas, tá saineolas aige ar chomhairleoireacht teanga sna meáin chraolta, agus é tar éis obair mar chomhairleoir Gaeilge le TG4 ar chláir teilifíse, an clár reatha, Bia Úr ina measc.

Seomra Claddagh: Ceart agus dúchas na teanga sa tseomra ranga: ó fheasacht go cleachtas

An Dr Gearóid Ó Domagáin, Ollscoil Uladh

Sa cheardlann phraiticiúil seo, fiosrófar an rud is feasacht teanga ann agus an tábhacht atá léi do gach múinteoir, beag beann ar an ábhar a bhíonn á theagasc acu. Beidh deis ag rannpháirtithe earráidí coitianta a aithint, a cheartú agus a mhíniú, agus straitéisí a phlé leis an fhoghlaim teanga a fhí isteach ina gceachtanna féin. Roinnfear fosta leideanna praiticiúla dea-chleachtais maidir le teagasc na teanga.

Tá an Dr Gearóid Ó Domagáin ina léachtóir le Nua-Ghaeilge in Ollscoil Uladh ó 2014. Bíonn sé ag teagasc na teanga, na litríochta, na canúineolaíochta agus na sochtheangeolaíochta. Díríonn a chuid taighde go príomha ar an fhoclóireacht, ar an chaighdeánú teanga, ar an teagmháil teanga agus ar an tsealbhú teanga sa tumoideachas.

12.55-14.15 Lón agus Aonach na Seastán

14.15-15.05 Ceardlanna Sraith 3

Seomra Carrigan: Ó Strus go Suaimhneas: Uirlisí don Saol Laethúil

Marian Ní Chonghaile, Thrive with Marian

Tá áthas orainn spás suaimhneach a chur ar fáil ag an Tionól Forbartha agus trí sheisiún folláine agus aireachais a chur ar fáil do rannpháirtithe na comhdhála. Tabharfaidh na seisiúin seo deis do thoscairí sos a ghlacadh, am a thógáil dóibh féin agus agus cleachtais shimplí phraiticiúla a chleachtadh chun tacú lena bhfolláine féin.

Rachaidh na seisiúin seo chun leasa gach duine a bheas i láthair agus fágfaidh siad le smaointe praiticiúla ar bhealaí le strus a bhainistiú, athléimneacht a chothú agus aire níos fearr a thabhairt dóibh féin, go háirithe i saol cruógach an oideachais. Comhcheanglaíonn Máirín obair anála, gluaiseacht mhín, feasacht choirp agus machnamh chun cabhrú le daoine moilliú, teannas a scaoileadh agus athcheangal leo féin.

Marian Ní Chonghaile, Saineolaí Folláine, Thrive with Marian

Is saineolaí folláine, cóitseálaí saoil agus éascaitheoir obair anála í Marian Ní Chonghaile, bunaitheoir Thrive with Marian. Tá breis agus fiche bliain de thaithí aici san oideachas agus sa teicneolaíocht, agus cúig bliana de thaithí aici i réimse na folláine. Cruthaíonn sí spás fáilteach idirghníomhach ina bhfoghlaimíonn rannpháirtithe cleachtais shimplí ar féidir leo a úsáid ina saol laethúil agus ina gcuid oibre.

Seomra Cranaghan: Tacú le Daltaí a bhfuil Deacrachtaí Litearthachta acu san Oideachas Lán-Ghaeilge

Fionnuala Ní Chonaill, Máiréad Ní Chatháin Uí Chonchúir agus Úna Ní Fhlatharta, An Chomhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta (NCSE)

Mar chuid den phléphainéal seo, déanfar iniúchadh ar na deiseanna agus na dúshláin a bhaineann le tacú le daltaí a bhfuil deacrachtaí litearthachta acu sa bhunscolaíocht lán-Ghaeilge agus i scoileanna Gaeltachta. Pléifear an taighde is déanaí ar shealbhú na litearthachta agus an dátheangachais, chomh maith leis na himpleachtaí atá aige sin do chleachtas laethúil na múinteoirí sa seomra ranga.

Roinnfidh baill an phainéil léargais óna dtaithí féin mar mhúinteoirí agus mar thaighdeoirí ar réimsí amhail teanga ó bhéal, feasacht fóineolaíochta, fónaic, stór focal, léitheoireacht, litriú agus tuiscint léitheoireachta. Déanfar plé freisin ar chur chuige ionchuimsitheach i leith na litearthachta, ar úsáid éifeachtach mheasúnaithe chun riachtanais daltaí a aithint, agus ar straitéisí is féidir le múinteoirí a chur i bhfeidhm chun tacú le foghlaimeoirí éagsúla.

Pléifear ról na scoile uile i gcothú cultúr dearfach litearthachta, an tábhacht a bhaineann le folláine agus guth an dalta, agus an acmhainn atá ag teicneolaíocht oiriúnaitheach chun rannpháirtíocht agus neamhspleáchas foghlama a neartú. Beidh deis ag rannpháirtithe ceisteanna a chur agus páirt ghníomhach a ghlacadh sa phlé, agus iad ag machnamh ar bhealaí praiticiúla chun tacú le gach uile dhalta.

Fionnuala Ní Chonaill, Máiréad Ní Chatháin Uí Chonchúir agus Úna Ní Fhlatharta, An Chomhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta (NCSE)

Is múinteoirí iad Fionnuala Ní Chonaill, Máiréad Ní Chatháin Uí Chonchúir agus Úna Ní Fhlatharta a bhfuil saineolas acu ar an litearthacht, ar an tumoideachas agus ar an oideachas ionchuimsitheach. Tá taithí fhairsing ag Fionnuala sa Mhúinteoireacht Oideachais Speisialta agus tá céim mháistreachta aici ar chleachtais éifeachtacha ionchuimsitheacha i scoileanna lán-Ghaeilge. Tá taighde ceannródaíoch déanta ag Máiréad ar an gclár luathidirghabhála Preabchlár na Litearthachta agus tá taithí aici ar thacú le forbairt cleachtas litearthachta atá bunaithe ar fhianaise. Tá sainspéis ag Úna i sealbhú na litearthachta sa tumoideachas agus tá taighde déanta aici ar fheasacht fhóinéimeach agus ar fhorbairt litearthachta sna luathbhlianta. Le chéile, roinnfidh siad léargais phraiticiúla agus taighdebhunaithe ar thacú le daltaí a bhfuil deacrachtaí litearthachta acu sa bhunscolaíocht lán-Ghaeilge.

Seomra Woodford: Rann, Rím agus Rithim: Focail ag rince, Gaeilge ag fás

Ceardlann phraiticiúil ina dtugtar léiriú ar an agallamh beirte, ar an lúibín agus ar dhráma véarsaíochta agus iad go léir in oiriúint don aos óg. Beidh daoine ón lucht féachana gníomhach mar chuid de na carachtair!

Ray Mac Mánais, Léachtóir le Gaeilge, Institiúid Oideachais Marino

I bparóiste Ard Eoin i mBéal Feirste a rugadh Ray Mac Mánais. Cé go bhfuil sé ina chónaí i gContae na Mí le fada an lá, tá a shaol oibre go dtí seo caite aige i mBaile Átha Cliath, áit a raibh sé ina phríomhoide ar Ghaelscoil Míde i gCill Bharróg sula ndeachaigh sé le léachtóireacht i Roinn na Gaeilge in Institiúid Oideachais Marino. Tá dhá bheathaisnéis dá chuid curtha i gcló, chomh maith le drámaí agus agallaimh bheirte do dhaoine óga. Tá bailiúcháin éagsúla d’agallaimh bheirte ó Ray foilsithe ag An Gúm don tsraith Séideán Sí, atá in úsáid i ngaelscoileanna agus i scoileanna Gaeltachta. Is iomaí agallamh beirte agus lúibín do dhaoine fásta atá scríofa aige fosta, chomh maith le hamhráin agus ceoldrámaí. Ag ócáid chomórtha céad bliain an Oireachtais, bronnadh gradam saoil air as a shaothar i gcaomhnú agus i bhforbairt na n-ealaíon béil traidisiúnta.

Oireachtas na Gaeilge

Is ceanneagraíocht é Oireachtas na Gaeilge atá tiomanta do dheiseanna úsáidte Gaeilge agus do bhunú gréasáin úsáidte Gaeilge.

Seomra Erne: “A hAon, a Dó, a Dlí – Nuair a thagann an dlí isteach doras na scoile”

Colm Breathnach, Gaelscoil Adhamhnáin

Sa chur i láthair idirghníomhach seo, úsáidfear cásanna réalaíocha ó shaol na bunscoile le plé a dhéanamh ar na cinntí dlíthiúla a bhíonn le déanamh ag ceannairí scoile. Beidh deis ag an lucht freastail a mbarúil féin a thabhairt ar gach cás sula bhféachfar ar na breithiúnais ábhartha ó chúirteanna na hÉireann agus ar chinntí ón gCoimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre. Beidh an bhéim ar na ceachtanna praiticiúla atá le foghlaim againn agus muid ag feidhmiú inár róil lárnacha sna scoileanna. Tá an seisiún dírithe go príomha ar phríomhoidí agus ar bhaill reatha de Bhoird Bhainistíochta, ach beidh sé ábhartha do mhúinteoirí le dualgais bhreise chomh maith.

Colm Breathnach, Príomhoide Ghaelscoil Adhamhnáin, Leitir Ceanainn

Is as Gaeltacht na Rinne, Co. Phort Láirge do Cholm Breathnach ó dhúchas, a chaith tréimhse ag teagasc i ngaelscoileanna i mBaile Átha Cliath roimhe. Tá sé lonnaithe anois i nDún na nGall ó 200 agus mar phríomhoide ar Ghaelscoil Adhamhnáin ó 2015. Ghnóthaigh Colm máistreacht in 2017 i gCeannaireacht Oideachais ó Ollscoil Uladh. In 2025, bhain sé diplóma i nDlí Oideachais amach ó Dhlí-Chumann na hÉireann chomh maith leis an duais acadúil 2025. Tá sé tar éis ceardlanna a éascú do ghrúpaí scoile i gcúrsaí ríomhaireachta, forbairt teicneolaíochta agus ábhair dlí le roinnt blianta anuas.

Seomra Claddagh: An Club Leabhar ag leibhéal na hiar-bhunscoile

Joanne Ní Choileáin, Coláiste Íosagáin agus An Dr Róisín Ní Mhulláin, COGG

Sa cheardlann seo, tabharfar spléachadh ar an gClub Leabhar (tionscadal COGG le tacaíocht ó Fhoras na Gaeilge) agus an cur chuige leis an tionscadal a reáchtáil in iar-bhunscoileanna. Déanfar cur síos ar ábhar tacaíochta agus acmhainní atá ann le léitheoireacht neamhspléach a chur chun cinn agus pléifear straitéisí praiticiúla chun suim a mhúscailt i leabhair Ghaeilge agus léitheoireacht sa chéad bhliain agus sna blianta eile.

An Dr Róisín Ní Mhulláin, Oifigeach Oideachais Iar-bhunscoile, COGG

Is oifigeach oideachais iar-bhunscoile í Róisín Ní Mhulláin le COGG. Tá tréimhsí caite aici ag teagasc ag an mbunleibhéal agus ag an iar-bhunleibhéal. Ba léachtóir le Gaeilge í i gColáiste San Aingeal, Sligeach ar feadh 16 bliain agus tá sí le COGG ó shin. Tá an-spéis aici i leabhair Ghaeilge, litearthacht agus léitheoireacht na Gaeilge agus bhain a taighde dochtúireachta leis na réimsí spéise sin.

Joanne Ní Choileáin, Coláiste Íosagáin, Baile Atha Cliath

Is as Corca Dhuibhne do Joanne Ní Choileáin. Tá sí ag múineadh Gaeilge i gColáiste Íosagáin, Baile Átha Cliath agus tá an-spéis aici sa léitheoireacht agus i litríocht na Gaeilge.

Seomra Cuilcagh: An Ghaeilge mar Theanga Foghlama trasna an Churaclaim: Buntuiscint ar an Litearthacht Disciplín sna hIar-Bhunscoileanna

Donncha Ó Duinnín  agus Ciarán Ó Murchú, An GaelAonad, Oide

San Eispéireas Foghlama Gairmiúla seo, fiosrófar forbairt agus dul chun cinn na Gaeilge sa cheacht ábhair i suíomhanna tumoideachais trí lionsa na litearthachta disciplíní. Díreofar ar an gcaoi a n-úsáidtear teanga chun foghlaim agus chun smaointeoireacht a fhorbairt laistigh d’ábhair éagsúla den churaclam. Trí phlé agus machnamh comhoibríoch, beidh deiseanna ag rannpháirtithe tuiscint a fhorbairt ar na héilimh teanga atá bainte le disciplíní éagsúla agus ar bhealaí chun tacú le foghlaimeoirí páirt iomlán a ghlacadh sa cheacht ábhair. Déanfar iniúchadh freisin ar straitéisí praiticiúla chun forbairt teanga agus tuiscint ábhair a chothú go comhtháite.

An GaelAonad, Oide

Is í Oide an tseirbhís tacaíochta do cheannairí scoile agus do mhúinteoirí atá á maoiniú ag an Roinn Oideachais agus Óige. Cuireann Oide réimse leathan deiseanna foghlama gairmiúla – idir chroídheiseanna agus dheiseanna roghnacha – ar fáil do cheannairí scoile agus do mhúinteoirí ag leibhéal na bunscoile agus na hiarbhunscoile. Nuair a bunaíodh Oide, socraíodh rannán ar leith – An GaelAonad – a bhunú laistigh de struchtúr na heagraíochta chun tacú leis na riachtanais foghlama ghairmiúla a bhaineann go sonrach leis an gcomhthéacs lán-Ghaeilge, chomh maith le réimse curaclaim na Gaeilge. Comhoibríonn an GaelAonad le rannáin eile in Oide le cinntiú go gcuirtear deiseanna foghlama ar fáil trí Ghaeilge go comhuaineach leis na deiseanna atá ar fáil i mBéarla, agus go gcuirtear sainriachtanais na hearnála lánGhaeilge san áireamh agus tacaíochtaí á bhforbairt agus á gcur ar fáil.

15.05-15.55 Ceardlanna Sraith 4

Seomra Carrigan: Spás Duit Féin: Anáil, Gluaiseacht agus Folláine

Marian Ní Chonghaile, Thrive with Marian

Tá áthas orainn spás suaimhneach a chur ar fáil ag an Tionól Forbartha agus trí sheisiún folláine agus aireachais a chur ar fáil do rannpháirtithe na comhdhála. Tabharfaidh na seisiúin seo deis do thoscairí sos a ghlacadh, am a thógáil dóibh féin agus agus cleachtais shimplí phraiticiúla a chleachtadh chun tacú lena bhfolláine féin.

Rachaidh na seisiúin seo chun leasa gach duine a bheas i láthair agus fágfaidh siad le smaointe praiticiúla ar bhealaí le strus a bhainistiú, athléimneacht a chothú agus aire níos fearr a thabhairt dóibh féin, go háirithe i saol cruógach an oideachais. Comhcheanglaíonn Máirín obair anála, gluaiseacht mhín, feasacht choirp agus machnamh chun cabhrú le daoine moilliú, teannas a scaoileadh agus athcheangal leo féin.

Marian Ní Chonghaile, Saineolaí Folláine, Thrive with Marian

Is saineolaí folláine, cóitseálaí saoil agus éascaitheoir obair anála í Marian Ní Chonghaile, bunaitheoir Thrive with Marian. Tá breis agus fiche bliain de thaithí aici san oideachas agus sa teicneolaíocht, agus cúig bliana de thaithí aici i réimse na folláine. Cruthaíonn sí spás fáilteach idirghníomhach ina bhfoghlaimíonn rannpháirtithe cleachtais shimplí ar féidir leo a úsáid ina saol laethúil agus ina gcuid oibre.

Seomra Cranaghan: Cur Chuige Scoile Uile chun Cruinneas Teanga a Fhorbairt i nGaelscoileanna

An Dr Caitríona Ní Mhurchú, Institiúid Oideachais Marino, An Dr T.J. Ó Ceallaigh, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh, agus An Dr Sylvaine Ní Aogáin, Coláiste Mhuire gan Smál

Tugtar le fios sa taighde go mbíonn deacrachtaí ag daltaí tumoideachais cruinneas sa dara teanga a fhorbairt agus go bhfuil gá le cur chuige a chomhtháthaíonn aird ar fhoirm na teanga agus ábhar á mhúineadh. Le cur chuige mar seo, cuirtear deiseanna ar fáil do mhúinteoirí aird na ndaltaí a dhíriú go córasach ar na gnéithe gramadaí is mó a chruthaíonn dúshláin dóibh laistigh de cheachtanna ábharbhunaithe.

Sa cheardlann idirghníomhach seo cuirfear múnla praiticiúil i láthair a forbraíodh mar chuid de thaighde dochtúireachta i ngaelscoil inar cuireadh cur chuige foirm-dhírithe i bhfeidhm ar bhonn scoile uile. Léireofar conas a aithníodh spriocghnéithe teanga bunaithe ar earráidí coitianta na ndaltaí, conas a dearadh ceachtanna dírithe ar fhoirm na teanga agus conas a comhtháthaíodh iad trasna an churaclaim.

Beidh deis ag rannpháirtithe eiseamláirí ó ranganna éagsúla a scrúdú, acmhainní praiticiúla a thriail agus plean a fhorbairt chun fócas ar fhoirm a chur i bhfeidhm ina gcomhthéacs féin. Roinnfear na príomhthorthaí a d’eascair as an taighde maidir le cur chuige scoile uile, comhphleanáil agus forbairt ghairmiúil leanúnach a thacaíonn le hathrú cleachtais agus le forbairt chruinneas teanga na ndaltaí.

An Dr Caitríona Ní Mhurchú, Institiúid Oideachais Marino

Is léachtóir í an Dr Caitríona Ní Mhurchú ar an MGO (Conair lán-Ghaeilge) in Institiúid Oideachais Marino. Is múinteoir bunscoile í. Tá spéis aici i ngramadach na Gaeilge, in oideolaíochtaí teagaisc sainiúil don suíomh tumoideachais agus i bhforbairt ghairmiúil leanúnach múinteoirí sa chomhthéacs tumoideachais.

An Dr T.J. Ó Ceallaigh, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh

Tá an Dr T.J. Ó Ceallaigh mar Ollamh Comhlach i Scoil an Oideachais, Coláiste na hOllscoile Corcaigh. An phríomhspéis taighde atá aige is ea díriú ar an oideolaíocht atá ag teastáil chun teagasc na teanga agus an ábhair agus an measúnú a chomhtháthú go rathúil, go háirithe i gcomhthéacsanna tumoideachais agus dátheangacha. Glacann T.J. páirt ghníomhach i bpobail tumoideachais in Éirinn agus thar lear, bíonn sé ina chomhairleoir ar chláir thumoideachais, is minic é a bheith ina chainteoir ag comhdhálacha agus tá sé mar bhall freisin de roinnt comhfhiontair thaighde ar bhonn náisiúnta agus idirnáisiúnta.

An Dr Sylvaine Ní Aogáin, Coláiste Mhuire gan Smál

Is Ollamh Cúnta í an Dr Sylvaine Ní Aogáin san Oideachas le saineolas sa Ghaeilge i gColáiste Mhuire gan Smál, Luimneach. Tá suim mhór aici i gcúrsaí mhúineadh, fhoghlaim agus shealbhú an dara teanga. Is Uachtarán Chumann Litearthachta na hÉireann í Sylvaine i mbliana.

Seomra Woodford: Coincheapa a dhaingniú sa Mhatamatic trí chluichí - go praiticiúil agus ar líne

Aingeal Nic an tSábhaisigh, An tÁisaonad, Coláiste Ollscoile Naomh Muire

Sa seimineár seo breathnóimid ar acmhainní úra atá ar fáil go digiteach (agus saor in aisce) le cuidiú le teagasc na Matamaitice i nGaelscoil – teanga na Matamaitice, ach go háirithe. Ina theannta sin, beidh deis ag cleachtóirí triail a bhaint as réimse de chluichí Mata boird trí Ghaeilge a chuidíonn le daltaí coincheapa éagsúla na Matamaitice a chleachtadh agus a dhaingniú go spraíúil ó bhun go barr na bunscoile.

Seomra Erne: Pleanáil Iomlán Scoile do Theagasc na Fónaice

An Dr Jacqueline de Brún, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath

Sa cheardlann seo pléifear cur chuige na fónaice i gcomhthéacs an tumoideachais ag leibhéal na bunscoile. Pléifear na chéad chéimeanna eolais ar fhóinéimí na Gaeilge agus traschur scileanna nuair a chuirtear tús le fónaic an Bhéarla agus forbairt na gcéimeanna eolais agus na moirfeolaíochta sna meán agus sna hardranganna.

An Dr Jacqueline de Brún, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath

Is léachtóir san oideachas in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath í Jacaí de Brún a thosaigh amach mar mhúinteoir Gaelscoile. Tá PhD aici ar theagasc agus fhoghlaim na léitheoireachta Gaeilge. Bhí sí ina stiúrthóir ar an chlár léitheoireachta Cleite agus ina bainisteoir tionscadail ar dhearadh clár fónaice don Ghaeilge, Fónaic na Gaeilge agus Cód na Gaeilge.

Tá sí aitheanta mar údar do pháistí ar Phortráidí na Scríbhneoirí Gaeilge.

Seomra Cuilcagh: Guth na Scoláirí, Éiteas Teanga agus Cleachtas Ionchuimsitheach ag Leibhéal na hIar-Bhunscoile

Maedhbh Daltún, Coláiste Ghlór na Mara

Sa cheardlann seo, roinnfear straitéisí praiticiúla ar chonas guth scoláirí uile na scoile a chur chun cinn ag an iar-bhunleibhéal ag díriú ar éiteas teanga agus ar chleachtas ionchuimsitheach.

Roinnfear acmhainní agus eolas ar choistí agus ar fheachtais éagsúla atá idir lámha i gColáiste Ghlór na Mara faoi láthair agus conas a d’fhéadfadh scoileanna eile na smaointe seo a chur i bhfeidhm go héifeachtach ar mhaithe le hionchur a fháil ó raon leathan scoláirí. I measc na n-ábhar a phléifear go mion, beidh:

  • Pleanáil agus cur chuige ionchuimsitheach ag díriú ag ghuth scoláirí uile na scoile a chur chun cinn i gcúrsaí pleanála na scoile
  • Guth scoláirí na ranganna uathachais agus scoláirí a bhfuil riachatanais bhreise oideachais acu a bheith lárnach sa phróisis
  • Éiteas teanga na scoile a dhaingniú trí na próisis thuasluaite

Maedhbh Daltún, Príomhoide, Coláiste Ghlór na Mara

Is príomhoide Choláiste Ghlór na Mara, Gaelcholáiste, i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath í Maedhbh le naoi mbliana go leith anuas. Is Gaelcholáiste comhoideachais ionchuimsitheach í an scoil a bunaíodh in 2014 agus tá éiteas ilchreidmheach aici. Tá trí rang uathachais sa scoil. Tá caoga múinteoir agus ochtar CRS ag obair sa scoil. Tá Comhairle na nDaltaí agus go leor coistí eile scoláirí thar bheith gníomhach sa scoil.

Is as Sord Cholmcille i mBÁC do Mhaedhbh. Tá Gaeilge aici ó dhúchas. Cháiligh sí mar mhúinteoir meánscoile Ceoil agus Gearmáinise i gColáiste na Tríonóide. Tá Máistreacht aici san Oideachas ó Ollscoil Mhá Nuad freisin a dhírigh i measc cúrsaí eile ar ghuth an scoláire agus Riachtanais Bhreise Oideachais.

Bhí sí ag obair mar phríomhoide i scoil DEIS i lár chathair Bhaile Átha Cliath ar feadh 5 bliana sular bhog sí go Baile Brigín agus mar theagmhálaí baile, scoile agus pobail roimhe sin. Tá an-dúil ag Maedhbh sa Ghaeilge, sa cheol agus suim ar leith aici béim a chur ar ghuth gach uile scoláire i gcúrsaí pleanála scoile. Tá an-suim aici freisin i gcúrsaí riachtanais bhreise oideachais in earnáil na Gaelscolaíochta.

 

é.

Seomra Claddagh: Micreamhodúl do Ghaeilge na hIdirbhliana – Deiseanna Gairmeacha le Gaeilge

An Dr Emer Davitt, COGG

Sa seisiún seo, déanfar iniúchadh ar an micreamhodúl nua Deiseanna Gairmeacha le Gaeilge, atá ar fáil do mhúinteoirí Gaeilge na hIdirbhliana. Tugann an micreamhodúl deis do dhaltaí an Ghaeilge a bhlaiseadh mar theanga bheo agus an iliomad deiseanna gairme a bhaineann leis an nGaeilge a fhiosrú.

Déanfar plé ar bhunús an mhicreamhodúil, ar na straitéisí agus ar na gníomhaíochtaí atá ann chun tacú le múinteoirí agus iad ag plé an ábhair seo lena gcuid daltaí.

An Dr Emer Davitt, Oifigeach Oideachais Iar-bhunscoile (An Tobar), COGG

15.55-16.10 Sos agus Aonach na Seastán

16.10-17.00 Fóraim Tacaíochta, Pobail Chleachtais agus Grúpaí Sainspéise

Seomra Erne: Grúpa Tacaíochta do bhunscoileanna a bhfuil stádas DEIS acu

Fíona O Fiaich, Lisa Nic Oireachtaigh, agus Sadhbh Uí Cheallaigh, Scoil Chaitlín Maude

Is spás é seo do phríomhoidí agus mhúinteoirí atá ag obair i scoileanna DEIS teacht le chéile le deiseanna agus dúshláin sa chomhthéacs DEIS lán-Ghaeilge agus Gaeltachta a phlé. Beidh deis cleachtais, acmhainní is straitéisí éifeachtacha a mhalartú, mar aon le fadhbanna a réiteach trí chomheagna agus saineolas a roinnt.

Is gaelscoil lán-Ghaeilge, ilchreidmheach, chomhoideachais, agus DEIS Plus í Scoil Chaitlín Maude, atá suite i gCill an Ardáin, Tamhlacht, Baile Átha Cliath 24. Bunaithe in 1985, tá sí ainmnithe in ómós don fhile, amhránaí, agus gníomhaí teanga clúiteach Caitlín Maude.

Mar scoil faoi phatrúnacht An Foras Pátrúnachta, fáiltítear roimh pháistí ó gach cúlra. Mar gheall ar a stádas DEIS Plus, cuirtear tacaíocht bhreise, acmhainní sainiúla, agus eispéiris shaibhre oideachais ar fáil do na scoláirí go léir. Soláthraíonn an scoil oideachas den scoth trí mheán na Gaeilge i dtimpeallacht chothrom, charthanach, agus spreagúil.

Seomra Carrigan: Ó fhís go Gaelscoil: Ag tacú leis an aistriú sainmheoin teanga ó Bhéarla go Gaeilge

Clare Spáinneach, Gaeloideachas, agus Micheál S. Mac Donnacha, COGG

Is grúpa sainspéise é seo dírithe ar scoileanna atá ag smaoineamh ar iompú ó bheith ina scoileanna a fheidhmíonn trí mheán an Bhéarla go scoileanna tumoideachais lán-Ghaeilge.

Seomra Claddagh: Tionscadail Náisiúnta na Scoileanna Beaga – Féidearthachtaí don Todhchaí

Seosamh Mac Donnacha, Comhordaitheoir, Cnuasach Scoileanna Iorras Aithneach

Déanfar plé ar thaithí Scoileanna Iorras Aithneach agus iad rannpháirteach i dTionscadal Náisiúnta na Scoileanna Beaga, agus ar na deiseanna a fheiceanna siad do chnuasaigh scoileanna beaga sa todhchaí. Beidh an plé seo suimiúil agus ábhartha do gach scoil bheag.

Is taighdeoir agus saineolaí i réimse na pleanála teanga é Seosamh Mac Donnacha. I measc na mórthuarascálacha taighde a raibh sé mar chomhúdar orthu, tá Staid Reatha na Scoileanna Gaeltachta 2004 (2005) agus an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht (2007). Ghlac sé páirt i dTionscadal Náisiúnta na Scoileanna Beaga (2022 – 2026) thar cheann Gaeloideachas, agus é ag obair mar chomhordaitheoir le Cnuasach Scoileanna Iorras Aithneach, i gContae na Gaillimhe.

Seomra Woodford: Athchumraíocht: Céard atá i gceist do bhunscoileanna faoin bhForas Pátrúnachta? An próiseas agus na céimeanna

Tim Ó Tuachaigh, An Foras Pátrúnachta

Tuigeann An Foras Pátrúnachta an tábhacht a bhaineann le cur chuige córasach, soiléir agus inbhuanaithe a bheith ar fáil do scoileanna agus iad ag tabhairt aghaidh ar athchumrú.

Tá Bainisteoir Sainspioraid & Athchumraithe lán-aimseartha ceapaithe againn chun tacaíocht leanúnach a chur ar fáil do scoilphobail maidir leis an bpróiseas.

Tim Ó Tuachaigh, An Foras Pátrúnachta

Is Bainisteoir Sainspiorad agus Athchumraithe é Tim Ó Tuachaigh leis an bhForas Pátrúnachta. Sular ceapadh é sa ról seo, bhí Tim mar phríomhoide ar Ghaelscoil an Bhradáin Feasa, Co. na Mí. Mar chuid dá ról nua, tugann sé treoir agus tacaíocht ar fáil do scoileanna mar gheall ar athrú pátrúnachta agus ar chúrsaí sainspioraid.

Seomra Cuilcagh: Dea-chleachtas san iar-bhunscoil lán-Ghaeilge a aithint, a chothú agus a leabú

I measc na moltaí a d’eascair ón gcomhairliúchán ar an bPolasaí don Oideachas lán-Ghaeilge, bhí critéir dea-chleachtais do scoileanna lán-Ghaeilge, amhail na gcritéar atá ann don Scéim Aitheantas sa Ghaeltacht. Tá critéir á bplé ag leibhéal an Tascfhórsa faoin bPOLG faoi láthair do bhunscoileanna. Ina dhiaidh sin, pléifear critéir dea-chleachtais d’iar-bhunscoileanna. Cé na critéir a mholfá agus ar chóir a bheith san áireamh dá mbeadh critéir dea-chleachtais d’iar-bhunscoileanna lán-Ghaeilge ann? Cé na hionchais atá agat d’fheidhmiú éifeachtach Gaelcholáiste? Céard iad na dea-chleachtais a chuirfeadh go mór le héiteas teanga láidir a chothú agus a chosaint i scoileanna fud fad na tíre?

Is grúpa sainspéise é seo dírithe ar mhúinteoirí agus phríomhoidí iar-bhunscoile ach go háirithe. Beidh fáilte roimh ionadaithe ó eagraíochtaí tacaíochta oideachais agus Gaeilge freisin agus éinne a bhfuil suim acu sa gceist thábhachtach seo. 

Déaglán Ó Laoire, Príomhoide Ghaelcholáiste na Mara, an tInbhear Mór

Múscraíoch ó dhúchas é Déaglán, a chaith seal fada ag múineadh Gaeilge i mBaile Átha Cliath. Tá BA sa Ghaeilge agus Iarchéim san Oideachas aige agus bhain sé MA sa Cheannaireacht Scoile amach in 2016. Tá an M.Oid. san Oideachas Lán-Ghaeilge agus Gaeltacht ai gColáiste na Tríonóide idir lámha aige faoi láthair chomh maith.

17.00-17.55 Craoladh beo Tús Áite ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, á chur i láthair ag Fachtna Ó Drisceoil

Is clár cúrsaí reatha é Tús Áite ar Raidió na Gaeltachta a bhíonn á chur i láthair ag Fachtna Ó Drisceoil. Beidh pléphainéal acu beo ar an aer le toscairí ón Tionól Forbartha ag plé ábhar tráthúil a bhaineann leis an oideachas lán-Ghaeilge agus Gaeltachta.

19.30 Fáiltiú – Cranaghan reception area

20.00 Dinnéar – Seomra Cranaghan