Clárúcháin ar oscailt anois do Thionól Forbartha Gaeloideachas i bpáirt le COGG 2023!

Jul 4, 2023

TF2023   Sábháil an Dáta

Tá ríméad orainn a fhógairt go bhfuil clárúcháin ar oscailt anois do Thionól Forbartha Gaeloideachas i bpáirt le COGG 2023.

Beidh an Tionól Forbartha ar siúl in Óstán Slieve Russell, Contae an Chabháin, ar an 10 Samhain 2023. 

Bí linn don ócáid fhíorspeisialta seo agus Gaeloideachas ag ceiliúradh 50 bliain ar an bhfód!

Tá Óstán Slieve Russell suite i mBéal Átha Conaill, Co. an Chabháin, timpeall 25 nóiméad lasmuigh de bhaile Chabháin. Tá an t-óstán suite timpeall 2 uair a chloig ó Bhaile Átha Cliath agus Béal Feirste, agus 2 uair go leith ó Ghaillimh.

Tá an Tionól Forbartha ar cheann de himeachtaí is mó éileamh in earnáil an oideachais lán-Ghaeilge agus Gaeltachta. I mbliana, agus muid ag ceiliúradh 50 bliain ó bunaíodh Gaeloideachas sa bhliain 1973, tá muid ag súil go mór le deis a chur ar fáil do phobail na scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta teacht le chéile agus plé a dhéanamh ar shaincheisteanna, dea-chleachtas, forbairt churaclaim agus an taighde is nuálaí san earnáil, agus le ceiliúradh a dhéanamh le pobal an oideachais lán-Ghaeilge agus Gaeltachta. 

Ticéid

An mbeidh tú linn? Cláraigh anseo chun do spás a chur in áireamh.

Seolfar tuilleadh eolais de réir mar a shocrófar an clár. Beidh deireadh leis an ráta mochóirí do scoileanna le ballraíocht ar an 23 Meán Fómhair.

Lóistín

Bíonn an-éileamh ar lóistín le linn an Tionóil Forbartha i gcoitinne agus molann muid go láidir do dhaoine lóistín a chur in áirithe chomh luath agus is féidir. Meastar go mbeidh an-éileamh ar lóistín i mbliana i comparáid le blianta eile agus ní mór seomra a chur in áirithe go pras má tá sé ag teastáil.

Tá ráta speisialta ar fáil do rannpháirtithe an Tionóil in Óstán Slieve Russell roimh an 6ú Deireadh Fómhair (ag brath ar sheomraí bheith fós ar fáil) agus caithfear é a chur in áirithe trí shuíomh an óstáin amháin.

Chun leas a bhaint as an ráta seo (€125 do sheomra singil, €80 in aghaidh an duine do sheomra dúbailte/dhá leaba – bricfeasta san áireamh i ngach ceann), bain leas as an gcód GAEL23 ar shuíomh an óstáin www.slieverussell.ie agus lean na treoracha iniata.

Tá an-fháilte romhat teagmháil a dhéanamh linn má tá cúnamh de dhíth uait le ticéid a cheannach, nó ceist ar bith agat ina leith: eolas@gaeloideachas.ie nó 01 8535195.

Tá an fógra seo á scaipeadh againn ar phobal uile na scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta, ach más fearr leat gan a bheith san áireamh ar an liosta seo, ní gá ach freagra a chur ar an ríomhphost seo le ‘díchlárú’ agus bainfear tú láithreach.