Cnuasach Amhrán do Naíonraí – Seisiún Amhránaíochta na Nollag, 05.12.2019
Tugaimid cuireadh do stiúrthóirí agus múinteoirí naíonra bailiú in Oifig Gaeloideachas (Oifig Bhaile Átha Cliath, D09 K4P6) an Déardaoin seo chugainn, 5 Nollaig, ag 17:00 – 18:30pm le cúpán tae a ól, pióga míonra a ithe agus amhrán na Nollag a chanadh!
Beimid ag múineadh cúpla amhrán nua daoibh le hatmaisféar na Nollag a chruthú sa seomra naíonra ag druidim i dtreo deireadh na bliana.
Más mian libh, tabhair libh bhur n-amhráin nó dánta féin le roinnt ar mhúinteoirí naíonraí eile, agus éinne atá toillteanach cur lenár gCnuasach Amhrán do Naíonra, beidh deis taifead fuaime a dhéanamh!
Mura bhfuil tú ar fáil le freastal an Déardaoin seo chugainn, is féidir libh bhur n-amhráin a sheoladh chuig jill@gaeloideachas.ie nó fiú na cinn nua a bhéas á mbailiú an tseachtain seo chugainn a fháil anseo ar SoundCloud.
Tá an ócáid seo saor in aisce – ní gá ach clárú le ríomhphost a sheoladh chuig jill@gaeloideachas.ie!
Moltar duit do gheansaí Nollag agus do hata Saintí a chaitheamh!