Coinbhinsiún Oideachais 2026

Tá Comhdháil um Oideachais fógartha ag an Roinn Oideachais agus Óige do 2026, le comhrá náisiúnta a spreagadh maidir leis an gcóras oideachais. Is deis aonuaire í an Chomhdháil um Oideachas do leanaí, do dhaoine óga, do thuismitheoirí, d’oideachasóirí agus don tsochaí i gcoitinne chun cabhrú le córas oideachais na hÉireann a mhúnlú sna blianta amach romhainn. Tiocfaidh an Chomhdháil le chéile thar cheithre dheireadh seachtaine in 2026 chun plé a dhéanamh ar phríomh-shaincheisteanna a bhaineann le todhchaí an oideachais:
21-22 Márta 2026 / 9-10 Bealtaine 2026 / 26-27 Meán Fómhair 2026 / 14-15 Samhain 2026
Tá deis a bheith páirteach tríd Suirbhé a líonadh nó Aighneacht a chur ar aghaidh.
Beidh Gaeloideachas san áireamh mar geallshealbhóir i 2026, agus beimid ag tapú gach deis le cinntiú go mbeidh forbairtí cinniúnacha chun tairbhe na naíonraí agus na scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta san áireamh sna moltaí a bheidh ag teacht ón gcomhdháil cinniúnach seo.
Tá lán-fháilte roimh ceisteanna agus moltaí ina leith. Seol iad chuig: oifig@gaeloideachas.ie.