Aililiú, liú, liú, liú, liú, liú
Aililiú, táim sásta
Tá an diabhal ina chodladh is na haingil linn
is muid uile ar stad na ngrásta
Bhabh-bhabh-bhabh! a deir madraí an bhaile
Beidh fleá againn is pléaráca
Tá liamhás sa bpota, turcaí san oigheann
Beidh feoil againn ar chnámha
curfá
Mí-amh-ú! a deir cait an bhaile
is iad i mbun crónána
Tá bradán deataithe acu ar bord
Is beidh a chraiceann againn amárach
curfá
Í-í-í! a deir lucha an bhaile
Beidh císte á ithe ag leanaí
Titfidh dhá trian de síos go talamh
is íosfaimid ár sáith de
curfá
Ársa Deaide Na Nollag: Fó-fá-fum!
Cá bhfuil mo bhuachaill dána?
Tabharfaidh mé faire dó anocht
is beidh sé go maith amárach
curfá x2
Tuilleadh ar fáil ar 🎶 Amhráin na Nollag 👼🎄🎅