Comhairliúchán ar an Scéim RACE

Tá Coimisiún na Scrúduithe Stáit (CSS) i mbun athbhreithniú a dhéanamh ar an Scéim Socruithe Réasúnta ag na Scrúduithe Teastais (RACE). Tá Comhairliúchán Poiblí ar bun ó mhí Feabhra go Bealtaine 2026
Cuidíonn RACE le scoláirí a bhfuil deacrachtaí fisiceacha, radhairc, éisteachta nó foghlama acu leis na scrúduithe Stáit a dhéanamh trí líon tacaíochtaí a chur i bhfeidhm (ar a dtugtar socruithe uaireanta).
Is é atá i gceist leis na tacaíochtaí seo ná laghdú a dhéanamh ar thionchar míchumais ar fheidhmíocht scrúdaithe an iarrthóra, ina ligtear dó/di a f(h)íorchumas a thaispeáint.
Comhairliúchán Poiblí faoin scéim Socruithe Réasúnta ag na Scrúduithe Teastais (RACE)
Tá sé i gceist ag Gaeloideachas aighneacht a chur isteach mar chuid den Chomhairliúchán ar an Scéim RACE ag deireadh na míosa seo. Má tá moltaí ag tuismitheoirí, múinteoirí, nó ceannairí scoile, go háirithe moltaí praiticiúla ón talamh a rachadh chun leasa bhur gcuid páistí nó scoláirí a bheadh úsáideach nó tábhachtach a áireamh, is féidir leo iad a chur in iúl ag an nasc thuas nó is féidir iad a sheoladh go ciara@gaeloideachas.ie le cur in aighneacht Gaeloideachas.