Comhdháil na Luathbhlianta 2023

Sep 7, 2023

Comhdháil na Luathbhlianta (2)

Tá ríméad orainn a fhógairt go mbeidh Comhdháil na Luathbhlianta Gaeloideachas 2023 ar siúl i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh, ar an 30 Meán Fómhair 2023.

Bí linn don ócáid fhíorspeisialta seo. Níl aon chostas i gceist agus tá sé oscailte d’éinne atá ag obair i naíonra. Is féidir clárú le freastal thíos. 

Téama agus Clár

Sealbhú Teanga sa Naíonra a bheidh mar théama. Seo thíos clár ama an lae. Seomra na Comhdhála ná Hub 4.04, Dr. Dora Allman.

10.30-11.00: Clárúchán

11.00-12.00: Pléphainéal ‘Sealbhú Teanga sa suíomh Luathbhlianta’

Aisling Breathnach (Cathaoirleach)
Tá baint ag Aisling Breathnach le ceannaireacht, bainistíocht agus meantóireacht Naíonraí agus oideachas na luath-óige le breis agus scór bliain anuas agus le déanaí tá ról bainte amach aici mar Speisialtóir Foghlama agus Forbartha Luathbhlianta Gaeilge le Tús Níos Fearr (Better Start) agus Pobal. Tá céim sa Luathoideachas agus Cúram aici, chomh maith le Máistreacht sa Cheannaireacht agus san Abhcóideacht. Tiomáineann a saineolas mar léachtóir agus mar oiliúnóir i modúil amhail ‘Luathbhlianta sa Naíonra’ agus ‘Spraoi, Teanga agus Foghlaim’, in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath. Is é a misean an dátheangachas a chur chun cinn agus sealbhú na teanga a fheabhsú i measc foghlaimeoirí óga i suíomhanna luath-óige. Is í an sprioc atá aici ná todhchaí a chinntiú do na leanaí seo.

An Dr T.J. Ó Ceallaigh
Is Léachtóir Sinsearach/Ollamh Comhlach i Scoil an Oideachais, Coláiste na hOllscoile Corcaigh é an Dr T.J. Ó Ceallaigh. An phríomhspéis taighde atá aige is ea díriú ar an oideolaíocht atá ag teastáil chun teagasc na teanga agus an ábhair agus an measúnú a chomhtháthú go rathúil, go háirithe i gcomhthéacsanna tumoideachais agus dátheangacha.

An Dr Ciara O’Toole
Is Léachtóir Teiripe Urlabhra agus Teanga í an Dr Ciara O’Toole leis an Roinn Eolaíochtaí Urlabhra agus Éisteachta i gColáiste na hOllscoile Corcaigh. Tá a spéiseanna teagaisc agus taighde i réimse na forbartha cumarsáide péidiatraí agus neamhoird. Tá suim ar leith aici i sealbhú dátheangach na teanga, go háirithe le leanaí atá ag sealbhú na Gaeilge mar chéad/dara teanga agus i bhforbairt teanga na bpáistí atá faoi mhíchumas intleachta.

Jen Uí Dhuibhir
Is Múinteoir Bunscoile í Jen Uí Dhuibhir le sé bhliain is fiche de thaithí sa Tumoideachas. Tógadh i nGaeltacht na nDéise i gCo. Phort Láirge í. Tá sí cáilithe mar áisitheoir Aistear ag an gComhairle Náisiúnta Churaclaim agus Measúnachta (CNCM). Reáchtáil sí ceardlanna agus cúrsaí ar Chreatchuraclam na Luath-Óige d’Ionad na Múinteoirí Phort Láirge. Bhain sí céim Mháistreacht amach san Oideachas Lán-Ghaeilge agus Gaeltachta i 2020. Ina cuid taighde soilsíodh na dea-chleachtais atá i bhfeidhm le dul i ngleic leis an mBéarla i ranganna na naíonán mór i Scoileanna Lán-Ghaeilge agus Gaeltachta. I láthair na huaire múineann sí i Scoil Lán-Ghaeilge i nDún Garbhán ag teagasc páistí i rang na naíonán mór ina bhfuil an Luath-thumoideachais Iomlán (LTI) i bhfeidhm.

Máire Uí Chonghaile
Eolas le teacht.

12.00-13.00: Ceardlann 1 – An Rince & An Ceol sa Naíonra

Is iarstiúrthóir Naíonra í Máire Uí Mhurchú, atá anois ag obair go páirtaimseartha le hInstitiúid Oideachais Marino ar an chéim luathbhlianta, ag díriú ar luath-thumoideachas agus sealbhú teanga. Tá sí mar chuid den grúpa oibre atá faoi láthair ag déanamh uasdátú ar Aistear. Tá sí, freisin, cáilithe mar mhúinteoir rince agus déanann sí moltóireacht ag fleadhanna agus an Oireachtais.

Cur síos ar an gceardlann: Forbairt éisteachta: Páistí ag éisteacht le rithimí éagsúla agus ag déanamh aithris orthu, simplí agus níos casta. Forbairt Gluaiseachta/ Bogadh: Páistí ag foghlaim gluaiseachtaí simplí agus níos casta agus iad a dhéanamh in am le ceol. Forbairt ar chomhordú idir baill den chorp; Forbairt ar threoir a leanúint agus ábhar a thabhairt ar ais chun chuimhne; Taitneamh a bhaint as rince agus ceol.

13.00-14.00: Lón

14.00-15.00: Ceardlann 2 – An Fhorbairt Urlabhra & Teanga sa Naíonra

Is as An Spidéal i gContae na Gaillimhe ó dhúchas d’Áine Ní Dhomhnaill. Is Teiripeoir Urlabhra agus Teanga í a bhíonn ag obair le páistí. Tá sí ag obair i nGaeltacht Chonamara le dhá bhliain anuas. Tá neart taithí faighte aici ag obair le páistí, a dteaghlaigh agus le Gaelscoileanna sa cheantar. Tá Áine ag obair le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte i láthair na huaire.

Cur síos ar an gceardlann: Sa cheardlann seo, díreofar ar straitéisí praiticiúla chun tacú le páistí sa naíonra a bhfuil deacrachtaí urlabhra agus teanga acu. Cabhróidh an cheardlann seo leat tuiscint níos fearr a fháil ar:

      • Gnáthfhorbairt urlabhra agus teanga
      • Cén chaoi páiste atá ag streachailt a aithint.
      • Cén chaoi leas a bhaint as na Seirbhísí Urlabhra agus Teanga
      • Na bealaí ar féidir leat tacú le scoláirí a bhfuil deacrachtaí Urlabhra agus Teanga acu.

Beidh an cheardlann seo feiliúnach do chuile mhúinteoir naíonra.

15.00-16.00: Ceardlann 3 – Scéalaíocht sa Naíonra

Rugadh Muireann Ní Chíobháin i gCorcaigh agus tógadh idir cathair Chorcaí agus Gaeltacht Chorca Dhuibhne í. Tá a saol gairmiúil caite aici ag plé leis an gcraoltóireacht agus an fhoilsitheoireacht i nGaeilge agus i mBéarla. Cé go mbíonn sí ag scríobh do réimse leathan seánraí, is ar an aos óg go príomha atá a cuid saothar dírithe.

Cur síos ar an gceardlann: Beidh Muireann ag múineadh scileanna nua scéalaíochta agus drámaíochta daoibh, bunaithe ar a cuid saothair féin.

Cláraigh anseo do Comhdháil na Luathbhlianta

Seoladh ríomhphoist(Required)
Seolfar cóip den fhoirm agus meabhrú chuig an seoladh ríomhphoist seo.
Cé a bheidh ag freastal?(Required)
Cliceáil ar an + ar dheis le hainmneacha bhreise a chur leis an liosta sa chás go bhfuil níos mó ná duine amháin le clárú agat.
An bhfuil aon riachtanais ar leith agat maidir leis an lón?

Taisteal agus Páirceáil

Tá Coláiste na hOllscoile, Corcaigh, suite 1km ó lár na cathrach. Is féidir teacht ar threoracha taistil chun na hollscoile ar shuíomh UCC anseo https://www.ucc.ie/en/discover/visit/getting-here/. Beidh pairceáil saor in aisce ar champas na hOllscoile ar an lá.

Grianghraif ag an gComhdháil

Beidh grianghraif agus físeáin éagsúla á dtógáil le linn na Comhdhála. Bainfear úsáid as na grianghraif/físeáin seo go hinmheánach agus go seachtrach le poiblíocht/margaíocht a dhéanamh ar obair Gaeloideachas. D’fhéadfadh Gaeloideachas an t-ábhar seo a úsáid i bhfoirm clóite nó i bhfoirm dhigiteach in áiteanna éagsúla: cuir i láthair, fógraíocht, suíomhanna idirlín, meáin shóisialta, foilseacháin agus áiteanna eile ina measc.
Sa chás nach bhfuil tú ag iarraidh go dtógfar grianghraf díot, ní mór sin a chur in iúl do bhall foirne Gaeloideachas ar an lá. Is féidir iarratas a chur go Gaeloideachas gan íomhá(anna) díot a úsáid ag am ar bith. Sa chás seo, ní bhainfear úsáid as íomhánna díot in aon ábhar nua sa todhchaí ach d’fhéadfadh go mbeadh siad fós le feiceáil i bhfoilseacháin agus ábhair eile a bhí ar fáil roimh d’iarratas.
Tá féidearthacht ann go gcoinneofar roinnt grianghraf agus físeán go buan mar chuid de chartlann na heagraíochta.