Comhdháil na Luathbhlianta 2025

Oct 28, 2025

Reáchtáil Gaeloideachas, an cheanneagraíocht náisiúnta a thacaíonn le forbairt an oideachais lán-Ghaeilge agus Gaeltachta, comhdháil do mhúinteoirí naíonra i Luineach ar an Satharn, 18 Deireadh Fómhair. Bhí slua breá múinteoirí ó naíonraí lasmuigh den Ghaeltacht rannpháirteach san ócáid.

Cuireadh clár spreagsúil ar fáil do na rannpháirtithe, le ceardlanna ar théamaí ealaíne agus amhránaíochta. Ina measc, bhí Ríona Sally Hartman  linn ag tabhairt ceardlanna ar rainn nua do pháistí óige agus cluichí a ghabhann leo. Ina dhiaidh sin, thug sí faoi cheardlann spraíuil, ina dhírigh sí ar cheol atá in oiriúint do pháistí gan aon chaint, agus conas dul i ngleic leis sin sa seomra ranga. Chríochanigh Bairbre Nic Fhlannchadha an lá le ceardaíocht praiticúil atá in oiriúint do pháistí réamhscoile. Rinne sí taispeántas ceardaíochta ina bhfuil taithí chéadfach ionsuite iontu.

Ghlac Ardfheidhmeannach Gaeloideachas, Bláthnaid ní Ghréacháin buíochas mór ó chroí leis na múinteoirí naíonraí “as an obair mhór thábhachtach, tiomantas agus dílseacht a léiríonn siad de shíor don teanga, don tumoideachas agus thar aon ní eile, do na páistí faoina gcúram lá i ndiaidh lae. D’aithin sí cur chuige na múinteoirí, a chuireann a gcuid croíthe agus anamacha isteach in eispéaras álainn a thabhairt do na páistí. Tugann comhdháil na luathbhlianta, a deir ní Ghréacháin, “údar misnigh dúinn mar eagraíocht chun leanúint ag achainí go tréan ar son tacaíocht chuí agus chothrom do na múinteoirí. Tá súil againn, an oiread céanna, go dtugann sé misneach do na múinteoirí go bhfeictear an luach dochreidte a bhaineann lena gcuid oibre agus lena gcuid iarrachtaí ar son na Gaeilge agus na bpáistí”.

Deir Katie Ní Riain, Bainisteoir Luathbhlianta na heagraíochta, gur ócáid speisialta a bhí ann arís i mbliana, agus gurb é rannpháirtíocht agus ionchur na múinteoirí a dhéanann í a spreagadh gach bliain agus í i mbun pleanála don chomhdháil. “Ní féidir fuinneamh na comhdhála a bhualadh, bíonn comhráití agus smaointe fíorspéisiúla ann gach bliain i measc na múinteoirí, an fhoireann agus na haoichainteoirí. Tá ag éirí linn, mar eagraíocht, pobal láidir a bhunú agus a bhuanú san earnáil seo, agus is ábhar bróid sin dom.”