Comhdháil RSO

Comhdháil ar Riachtanais Speisialta Oideachais 2022

Beidh Comhdháil ar Riachtanais Speisialta Oideachais á reáchtáil ag Gaeloideachas i bpáirt le COGG 2022 in Óstán Pháirc an Mhuilinn Chearr, Co. na hIarmhí, Déardaoin, an 24 Samhain 2022.

Téama

Bláthú – Deiseanna Forbartha, Deiseanna Fáis

An Clár

Beidh réimse leathan cheardlann ar siúl do mhúinteoirí agus príomhoidí bunscoile agus iar-bhunscoile arís i mbliana le seisiúin chomhthreomhara ar siúl ag an am céanna. I measc na réimsí éagsúla a phléifear, beidh na réimsí thíos agus go leor eile!

Clár Bláthú 24 Samhain 2022

Tá clárúchán dúnta anois (22 Samhain) don Chomhdháil ach roinnfear ábhar na comhdhála lenár bpobal amach anseo. 

Bunleibhéal

  • An cothú do pháistí a bhfuil riachtanais bhreise acu
  • An disléicse
  • An féidir le scoileanna lán-Ghaeilge freastal éifeachtach a dhéanamh ar dhaltaí le deacrachtaí litearthachta?
  • Dea-chleachtais i leith an uathachais i scoil lán-Ghaeilge nó Ghaeltachta – moltaí ón gCigireacht
  • Dearadh uilíoch do mhúineadh na Gaeilge: Gach páiste a chur san áireamh sa cheacht Gaeilge ag leibhéal na bunscoile
  • Rang speisialta a bhunú agus a bhuanú: Comhairle phraiticiúil agus leideanna cabhracha ó scoileanna eile (painéal)
  • Seisiúin leis an gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta ar acmhainní praiticúla nua (Léigí amach é, Córas Cumarsáide Méadaithe agus Malartach do dhaltaí uathacha, Fios Folláine & Aire Duit)

Iar-bhunleibhéal

  • Cláir, scéimeanna agus acmhainní praiticúla atá in úsáid ag Coláiste de hÍde chun tacú le scoláirí a bhfuil riachtanais bhreise acu
  • Cómhúinteoireacht
  • Difreáil sa rang príomhshrutha
  • Rang speisialta a bhunú agus a bhuanú: Comhairle phraiticiúil agus leideanna cabhracha ó scoileanna eile (painéal)
  • Uilechuimsitheacht ag leibhéal na hiar-bhunscoile: Nodanna ó Choláiste Feirste

Anuas ar na seimineáir agus ceardlanna praiticúla, seolfar acmhainní ó Gaeloideachas agus COGG le linn na hócáide.

Ceisteanna, cleachtais agus comhairle ó eagraíochtaí tacaíochta: Seisiún ceisteanna agus freagraí

Tá an-áthas orainn go mbeidh pléphainéal/seisiún ceisteanna agus freagraí ag an gComhdháil Riachtanais Speisialta le hionadaíocht ón tSeirbhís Náisiúnta Síceolaíochta Oideachais (NEPS), ón gCigireacht agus ón gComhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta (NCSE). Cuirigí bhur gceisteanna maidir le riachtanais speisialta oideachais /obair na n-eagraíochtaí seo chuig Ciara ciara@gaeloideachas.ie (roimh 31/10) agus déanfar iarracht na ceisteanna is coitianta agus an méid is mó agus gur féidir a fhreagairt ar an lá.

Ionadaíocht do Mhúinteoirí agus Phríomhoidí atá ag teagasc

De bharr gur oiliúint ghairmiúil atá i gceist, tá ionadaíocht ar fáil don Chomhdháil seo arís i mbliana. Is féidir le scoileanna cur isteach ar ionadaíocht do mhúinteoir amháin freastal ar an gcomhdháil ach ainm an mhúinteora a chlárú roimh ré le COGG (eolas@cogg.ie) agus éileamh a dhéanamh tríd an gcóras OLCS i ndiaidh na comhdhála. Maidir le hionadaíocht do phríomhoidí atá ag teagasc is gá teagmháil a dhéanamh le COGG (eolas@cogg.ie) le breis eolais agus na foirmeacha cuí a fháil.

Lóistín

Bíonn an-éileamh ar lóistín le linn na n-imeachtaí seo i gcoitinne agus molann muid go láidir do dhaoine lóistín a chur in áirithe chomh luath agus is féidir. Tá ráta speisialta ar fáil do rannpháirtithe na Comhdhála in Óstán Pháirc an Mhuilinn Chearr roimh an 24ú Deireadh Fómhair. Chun leas a bhaint as an ráta seo (€99 do sheomra singil, €150 do sheomra dúbailte/dhá leaba – bricfeasta san áireamh i ngach ceann), caithfear an cód speisialta Gael22 a úsáid ar shuíomh idirlín an óstáin. Tá roghanna eile ar fáil sa cheantar máguaird freisin.

Polasaí Cealaithe

Tá sé de cheart ag toscairí duine eile a ainmniú ina n-áit am ar bith roimh an gComhdháil. Ní ghearrfar aon táille ar thoscairí seo a dhéanamh. Forchoimeádann Gaeloideachas an ceart againn clár na Comhdhála a leasú de réir mar is gá ag brath ar chúinsí éagsúla nach mbeifear ag súil leo roimh an imeacht.

Covid-19

Tá Covid-19 fós linn, faraor. Le sláinte agus sábháilteacht toscairí a chosaint ag an gComhdháil, cloífear leis na treoirlínte agus comhairle chuí sláinte phoiblí atá bailí le linn an imeachta maraon le comhairle ó EMS ina leith freisin. Fáilteofar agus léireofar meas ar rannpháirtithe ar mian leo masc a chaitheamh.

Taifead ag an gComhdháil

Déanfar taifead ar roinnt de na seisiúin éagsúla le linn na Comhdhála ag baint leasa as comhlacht tríú páirtí le tabhairt faoi. Sa chás nach bhfuil tú sásta go mbeifeá le feiceáil sa taifead le linn an imeachta abair le cúntóir an tseomra é agus aimseofar réiteach air. Roinnfear taifid ar shuíomhanna idirlín Gaeloideachas agus COGG, meáin shóisialta, foilseacháin agus áiteanna eile ina measc.

Grianghraif ag an gComhdháil

Beidh grianghraif agus físeáin éagsúla á dtógáil le linn na Comhdhála. Bainfear úsáid as na grianghraif/físeáin seo go hinmheánach agus go seachtrach le poiblíocht/margaíocht a dhéanamh ar obair Gaeloideachas. D’fhéadfadh Gaeloideachas an t-ábhar seo a úsáid i bhfoirm chlóite nó i bhfoirm dhigiteach in áiteanna éagsúla: cuir i láthair, fógraíocht, suíomhanna idirlín, meáin shóisialta, foilseacháin agus áiteanna eile ina measc.

Sa chás nach bhfuil tú ag iarraidh go dtógfar grianghraf díot, ní mór sin a chur in iúl do bhall foirne Gaeloideachas ar an lá. Is féidir iarratas a chur go Gaeloideachas gan íomhá(anna) díot a úsáid ag am ar bith. Sa chás seo, ní bhainfear úsáid as íomhánna díot in aon ábhar nua sa todhchaí ach d’fhéadfadh go mbeadh siad fós le feiceáil i bhfoilseacháin agus ábhair eile a bhí ar fáil roimh d’iarratas.

Tá féidearthacht ann go gcoinneofar roinnt grianghraf agus físeán go buan mar chuid de chartlann na heagraíochta.

Cosaint Sonraí

Bailíonn Gaeloideachas sonraí ó thoscairí, aíonna agus cainteoirí ar mhaithe leis an gComhdháil a phleanáil, a reáchtáil agus a bhainistiú go héifeachtach, mar aon leis an eolas is deireanaí a scaipeadh maidir leis an imeacht féin agus an gclár.

Glacann Gaeloideachas go dáiríre lena ról do chuid sonraí a chosaint agus déanfar gach iarracht a chinntiú go bhfuil do shonraí á mbailiú, á bpróiseáil, á stóráil, agus á scriosadh de réir na reachtaíochta reatha um chosaint sonraí. Ní choinneofar sonraí pearsanta lena bhféadfar duine a aithint níos faide ná mar is gá.

Ní roinnfidh Gaeloideachas sonraí ar aon tríú páirtí gan toiliú sainráite feasach a fháil ar dtús.

Cúiseanna a bhfuil sonraí á mbailiú:

  • Chun an Chomhdháil a phleanáil, a reáchtáil agus a bhainistiú go héifeachtach
  • Chun íocaíochtaí a phróiseáil
  • Chun eolas agus agus uasdátaithe cuí a scaipeadh orthu siúd a bheidh ag freastal
  • Chun staitisticí a bhailiú maidir le freastal