Comhdháil na Luathbhlianta

Comhdháil na Luathbhlianta

Comhdháil na Luathbhlianta 2026

Tá ríméad orainn a fhógairt go mbeidh Comhdháil na Luathbhlianta 2026 ar siúl ar Satharn an 17 Deireadh Fómhair 2026, in Ollscoil Teicneolaíochta na Sionnainne, Baile Átha Luain. 

Ag Fí na Teanga

10:00 Clárú & Tae / Caife
10:30 Oscailt oifigiúil
10:45 Ceardlann 1: Domhan draíochtúil na leabhar
11:30 Ceardlann 2: Spleodar spraoi le Puipéid
12:15 Plé idirghníomhach
13:00 Lón- Bialann na hOllscoile
14:00 Seoladh Suímh
14:30 Ceardlann 3: Anáil, láithreacht agus folláine do mhúinteoirí
15:30 Painéal: Ceisteanna & Freagraí
16:15 Clabhsúr & líonrú

  • Raifil don chéad 30 duine cláraithe d’oíche sa Radisson Blu, Baile Átha Luain
  • Bricfeasta agus lón
  • Costais taistil poiblí (bus/traein) íoctha le chur i láthair admhála
  • Teastas FGL do do phunann phearsanta

Comhdháil na Luathbhlianta 2026

Na cainteoirí

Tadhg Mac Dhonnagáin |Domhan draíochtúil na leabhar

Ceardlann I

Is iarmhúinteoir bunscoile agus láithreoir teilifíse é Tadhg Mac Dhonnagáin. In 2005, bhunaigh sé an comhlacht Futa Fata, a bhfuil os cionn 200 leabhar foilsithe aige le riar acu scríofa aige féingo háirithe bailiúcháin amhrán ar nós Bliain na nAmhrán, Ceol na Mara, Gugalaí
Gug! agus Peigín Leitir Móir – atá lárnach sa traidisiún.
In 2025, bhronn Children’s Books Ireland gradam speisialta air as a shaothar i gcúrsaí litríochta agus as an léitheoireacht a chur chun cinn i measc páistí na hÉireann.

@tadhgmacdh

Cillian Ó Donnachadha | Spleodar spraoi le puipéid

Ceardlann II

Is puipeadóir, drámadóir agus oideachasóir é Cillian a bhfuil breis agus fiche bliain de thaithí aige ag obair trí mheán na Gaeilge. Díríonn sé ar an oideachas trí dhrámaí puipéadóireachta agus ceardlanna a chur ar fáil ar fud na tíre, chomh maith le hoiliúint a chur ar mhúinteoirí faoi oiliúint i
modhanna teagaisc nuálacha trí dhrámaíocht.
Trína thaighde ar úsáid aclaíochta agus puipéadóireachta sa rang, cruthaíonn Cillian eispéiris foghlama teanga atá spraíúil agus éifeachtach, ag cinntiú go bhfaigheann rannpháirtithe seisiún lán de bhrí, de bheocht agus d’fhoghlaim dhomhain.

@cillianod1

Marian Ní Chonghaile | Anáil, láithreacht agus folláine do mhúinteoirí

Ceardlann III

Is cóitseálaí saoil agus éascaitheoir obair anála í Marian Ní Chonghaile, bunaitheoir Thrive with Marian. Tar éis di breis agus fiche bliain a chaitheamh i gcúrsaí oideachais agus teicneolaíochta, díríonn sí anois ar an bhfolláine trí chur chuige corplárnach. Éascóidh Marian ceardlann bunaithe ar an Oideolaíocht Mhall Chaidrimh, le fócas ar thacaíocht don néarchóras agus ar fheasacht chaidrimh i dtimpeallachtaí foghlama. Trí anáil agus machnamh, cabhraíonn sí le hoideachasóirí moilliú síos, athcheangal leo féin, agus cothromaíocht níos fearr a chothú ina saol proifisiúnta agus pearsanta.

@thrivewithmarian

Taisteal

Tá Gaeloideachas sásta costais taistil poiblí a chlúdach do gach múinteoir naíonra a fhreastalaíonn ar Chomhdháil na Luathbhlianta i mbliana. Clúdaíonn sé sin costas traein, costas LUAS agus costas bus amháin. Ní chlúdaítear costas cairr nó costas tacsaí. Is ar bhonn admhála atá sé seo. Is gá admhálacha cuí le hamanna, dáta agus praghas soiléir a chur ar fáil do Gaeloideachas tar éis na comhdhála.

Acmhainní Comhdhála

Is Comhdháil gan pháipéar a bheidh i gceist leis seo. Ní bheidh Gaeloideachas ag dáileadh aon acmhainní ar an lá. Is féidir i gcónaí ordú a chur isteach d’acmhainní agus ábhar bolscaireacht Gaeloideachas ónár siopa.

Taifead ag an gcomhdháil

Beidh taifead á dhéanamh ar roinnt de na seisiúin éagsúla le linn na comhdhála ag baint leasa as ardáin tríú páirtí. Sa chás nach bhfuil tú sásta go mbeifeá le feiceáil sa taifead abair le cúntóir an tseomra é agus aimseofar réiteach air. Roinnfear taifid ar shuíomhanna idirlín, meáin shóisialta, foilseacháin agus áiteanna eile ina measc.

Grianghraif ag an gcomhdháil

Beidh grianghraif agus físeáin éagsúla á dtógáil le linn na comhdhála. Bainfear úsáid as na grianghraif/físeáin seo go hinmheánach agus go seachtrach le poiblíocht/margaíocht a dhéanamh ar obair Gaeloideachas. D’fhéadfadh Gaeloideachas an t-ábhar seo a úsáid i bhfoirm clóite nó i bhfoirm dhigiteach in áiteanna éagsúla: cuir i láthair, fógraíocht, suíomhanna idirlín, meáin shóisialta, foilseacháin agus áiteanna eile ina measc.

Sa chás nach bhfuil tú ag iarraidh go dtógfar grianghraf díot, ní mór sin a chur in iúl do bhall foirne Gaeloideachas ar an lá. Is féidir iarratas a chur go Gaeloideachas gan íomhá(anna) díot a úsáid ag am ar bith. Sa chás seo, ní bhainfear úsáid as íomhánna díot in aon ábhar nua sa todhchaí ach d’fhéadfadh go mbeadh siad fós le feiceáil i bhfoilseacháin agus ábhair eile a bhí ar fáil roimh d’iarratas.

Tá féidearthacht ann go gcoinneofar roinnt grianghraf agus físeán go buan mar chuid de chartlann na heagraíochta.

Cosaint sonraí

Bailíonn Gaeloideachas sonraí ó thoscairí, aíonna agus cainteoirí ar mhaithe leis an gcomhdháil a phleanáil, a reáchtáil agus a bhainistiú go héifeachtach, mar aon leis an eolas is deireanaí a scaipeadh maidir leis an imeacht féin agus an gclár.

Glacann Gaeloideachas go dáiríre lena ról do chuid sonraí a chosaint agus déanfar gach iarracht a chinntiú go bhfuil do shonraí á mbailiú, á bpróiseáil, á stóráil, agus á scriosadh de réir na reachtaíochta reatha um chosaint sonraí. Ní choinneofar sonraí pearsanta lena bhféadfar duine a aithint níos faide ná mar is gá.

Ní roinnfidh Gaeloideachas sonraí ar aon tríú páirtí gan toiliú sainráite feasach a fháil ar dtús.

Cúiseanna a bhfuil sonraí á mbailiú:

  • Chun an chomhdháil a phleanáil, a reáchtáil agus a bhainistiú go héifeachtach
  • Chun íocaíochtaí a phróiseáil
  • Chun eolas agus agus uasdátaithe cuí a scaipeadh orthu siúd a bheidh ag freastal
  • Chun staitisticí a bhailiú maidir le freastal
Comhdháil na Luathbhlianta 2024