Comórtais Ghreannán 2026 faoi Chomórtais Liteartha an Oireachtais

Apr 28, 2026

Tá Comórtais Ghreannán do na Bunscoileanna Gaeltachta agus Lán-Ghaeilge mar chuid de Chomórtais Liteartha an Oireachtais 2026 fógartha. Tá Gaeloideachas ag déanamh urraíochta ar na comórtais seo le blianta agus i mbliana tá Dalen Éireann, an chomhlacht a fhoilsíonn na greannáin is fearr sa domhan i nGaeilge agus i dteangacha Ceilteacha eile i bpáirt linn. Éiríonn thar cionn leis na comórtais ghreannán agus tagannn iarrachtaí iontacha cruthaitheacha isteach gach bliain.

Is é 1 Iúil 2026 an spriocdháta le cur isteach ar na comórtais bunscoile seo. Fáilteofar roimh gach iarracht agus tá postaeir bhreátha deartha i mbliana le crochadh i Ranganna 3,4,5,6 chun na daltaí a spreagadh – ba bhreá linn  a mhúinteoirí dá ndéanfadh sibh íoslódáil ar na postaeir  atá ar fáil ag na naisc thíos agus iad a chrochadh in bhur ranganna.

Is féidir foirm iarratais, rialacha agus eolas faoi na duaiseanna a fháil ANSEO.

Rang 3

Postaer Rang 4

Postaer Rang 5

Postaer Rang 6