Comórtais Liteartha Don Scríbhneoir Óg – 2021
Fógraíodh le linn Oireachtas na Samhna 2020, go mbeadh trí chomórtas nua, urraithe ag Gaeloideachas, do Chomórtais Liteartha an Oireachtais. Is comórtais iad seo chun suim sa scríbhneoireacht a spreagadh i measc daltaí bunscoile agus daltaí iar-bhunscoile lán-Ghaeilge agus Gaeltachta. Greannán Gaeilge atá le scríobh ag daltaí bunscoile ó na ranganna 3 go 6 agus Script Ghearrscannáin nó Greannán atá le scríobh ag daltaí iar-bhunscoile. Tá dhá rannóg i gceist do na hiarbhunscoileanna – sóisir (blianta 1,2,3) agus sinsear (blianta 5,6).
Bhí na scéalta ar fad d’ard chaighdeán agus bhí sé dúshlánach go leor ag na moltóirí buaiteoirí a roghnú. Seo thíos na scéalta a bhuaigh na duaiseanna agus is féidir iad a léamh mar PDF ach gliogáil ar na naisc chuí.
COMÓRTAS C1: Greannán (Rang 3)
An Chéad Duais
Coiníní sa Spás Danu Ní Bhaoighill 7 Torin Ó Baoighill, Ard Aidhin, Baile Átha Cliath
COMÓRTAS C2: Greannán (Rang 4)
An Chéad Duais
An Bhábhóg Beo Sadhbh O’Rourke 7 Aisling Ní Dhonnchadha, Baile na hAbhann, Co. Na Gaillimhe
An Dara Duais
Dhá Mhadra Fiáin Oscar Ó Tuairisg 7 Mártan Ó Cualáin, Baile na hAbhann, Co. Na Gaillimhe
COMÓRTAS C3: Greannán (Rang 5)
An Chéad Duais
Arán go dtí Spás Anna Ní Airt, An tInbhear Mór, Co. Chill Mhantáin
An Dara Duais
Fuisín agus an Meaisín Manus Ó Baoighill, Ard Aidhin, Baile Átha Cliath
COMÓRTAS C5: Script ghearrscannáin nó greannán (Bliain 1,2,3 – Iarbhunscoileanna)
An Chéad Duais
Peileadóir Páid Fionnán Ó Baoighill, Ard Aidhin, Baile Átha Cliath