Comórtais Liteartha Don Scríbhneoir Óg
Tugann Comórtais Liteartha an Oireachtais deis speisialta do scríbhneoirí óga na Gaeilge. Tá Gaeloideachas rí-bhródúil as an maoiniú a dhéanann muid ar na comórtais greannán agus scripteanna scannán do dhaltaí scoile na Scoileanna Gaeltachta & Lán-Ghaeilge – ó Rang 3 go Bliain 6. Tá muid ag tacú leis na comórtais seo ó 2021 agus tá an rannpháirtíocht ag dul ó neart go neart. Tá Comórtais Liteartha an Oireachtais 2023 oscailte anois agus is é 1ú Iúil an spriocdháta d’iontrálacha. Mar spreagadh daoibh, is féidir na greannáin agus na scripteanna scannán a bhuaigh duaiseanna i 2022 a fháil ar an leathanach seo. Is féidir iad a léamh mar PDF ach gliogáil ar na naisc chuí. Spreag an scríbhneoireacht agus tiocfaidh an líofacht!