Comórtas do Naíonraí: Mise i mo Shárlaoch

Apr 24, 2020

Comórtas do Naíonraí

  1. Roghnófar triúir buaiteoirí i gcatagóir na naíonraí.
  2. “Dá mbeinnse i mo shárlaoch…” Is gá don pháiste iad féin a tharraingt mar shárlaoch! Cén sarchumhacht a bheidh acu? Cén dath a chaithfidh siad? Níl téama ar leith i gceist agus fáiltítear roimh shamhlaíocht an pháiste.
  3. Níl teorainn le tomhais an phíosa a fhad is gur féidir é a sheoladh thar grianghraif.
  4. Is féidir píosa ealaíne d’aon ábhar a úsáid (mar shampla péint, cairtchlár, olann, srl.).
  5. Ba dheas teideal a chur leis an bpíosa ach níl sé seo riachtanach.
  6. Ní mór do thuismitheoirí / caomhnóirí grianghraf den phíosa ealaín a sheoladh isteach tríd an suíomh. Ní ghlacfar leis an mbunleagan sa phost.
  7. Is é 5i.n., 5 Bealtaine 2020 an spriocdháta.
  8. Beidh ar gach iarratasóir na sonraí seo a chur leis an iarratas: ainm an pháiste, ainm an naíonra, ainm an phictiúir, dáta breithe agus sonraí teagmhála an thuismitheora/chaomhnóra.
  9. Tá an comórtas teoranta d’iarratas amháin in aghaidh an duine.
  10. Tá painéal de mholtóirí ann a bheidh ag úsáid scéim mharcála chuí.
  11. Tá sé tábhachtach go dtuigeann an tuismitheoir/caomhnóir go mbeidh ainm agus grianghraf na n-iontrálacha ar fad á roinnt ar ár suíomh agus ar ár meáin shóisialta, ach amháin ach amháin sa chás go sonraítear nach dteastaíonn ón tuismitheoir / caomhnóir go ndéanfaí amhlaidh.
  12. Beidh dearbhán de €20 mar dhuais chun leabhar a cheannach ar line ag gach buaiteoir. Cuirfear teastas ar fáil freisin do gach buaiteoir.
  13. Is féidir iarratas a dhéanamh trí an suíomh anseo.