Comórtas Ealaíne

Mar 20, 2020

Critéir agus Rialacha

  1. Tá dhá chomórtas ealaíne ann – ceann do naíonraí agus ceann do na bunscoileanna lán-Ghaeilge / Gaeltachta. Is ionann na critéir agus rialacha don dá chomórtas. 
  2. Roghnófar buaiteoir ó gach scoil bhliain – sé sin, páiste amháin ó naíonáin bheaga, páiste amháin ó naíonáin mhóra srl. San iomlán sa chomórtas seo beidh 8 mbuaiteoir ar bhonn náisiúnta.
  3. Níl téama ar leith i gceist agus fáiltítear roimh shamhlaíocht an pháiste.
  4. Níl teorainn le tomhais an phíosa a fhad is gur féidir é a sheoladh thar grianghraif.
  5. Is féidir píosa ealaíne d’aon ábhar a úsáid (mar shampla péint, peann luaidhe, cairtchlár).
  6. Ba dheas teideal a chur leis an bpíosa ach níl sé seo riachtanach.
  7. Ní mór do thuismitheoirí / caomhnóirí grianghraf den phíosa ealaín a sheoladh isteach thar ríomhphost chuig cormac@gaeloideachas.ie nó thar na meáin shóisialta (féach thíos). Ní ghlacfar leis an mbun-leagan sa phost.
  8. Is é 5i.n. ar an 25 Márta 2020 an spriocdháta.
  9. Beidh ar gach iarratasóir na sonraí seo a chur leis an iarratas: ainm an pháiste, ainm an naíonra/na scoile, bliain ina bhfuil sé/sí, dáta breithe agus sonraí teagmhála.
  10. Tá an comórtas teoranta d’iarratas amháin in aghaidh an duine.
  11. Tá painéal de mholtóirí ann a bheidh ag úsáid scéim mharcála chuí.
  12. Beidh dearbhán de €20 mar dhuais chun leabhar a cheannach ar line ag gach buaiteoir. Cuirfear teastas ar fáil freisin do gach buaiteoir. Roinnfear ainm an bhuaiteora agus an píosa ealaíne ar na meáin shóisialta i ndiaidh an chomórtais, ach amháin sa chás go sonraítear nach dteastaíonn ón tuismitheoir/caomhnóir go ndéanfaí amhlaidh.
  13. Is féidir iarratas a dhéanamh thar ríomhphost ag cormac@gaeloideachas.ie
  14. Is féidir iarratas a dhéanamh tríd na meáin shóisialta: Facebook @Gaeloideachas, Twitter @Gaeloid & Instagram @gaeloideachas.

Go n-éirí libh!