Comórtas: Greannáin (Iar-bhunleibhéal)

Apr 24, 2020

Comórtas don Iar-bhunleibhéal

Application Form / Foirm Iarratais
  1. Comórtas ealaíne agus scríbhneoireachta i bhfoirm greannáin atá i gceist do na hiar-bunscoileanna lán-Ghaeilge / Gaeltachta amháin.
  2. Roghnófar buaiteoir ó gach scoil bhliain – blian 1, blian 2, blian 3 srl. Tá an idirbhliain san áireamh. San iomlán sa chomórtas seo beidh 6 mbuaiteoir ar bhonn náisiúnta.
  3. Tá teimpléid de ghreannáin curtha le chéile ag Gaeloideachas anseo ach tá fáilte roimh dhaltaí a teimpléid féin a chruthú nó cur leis an teimpléid atá cruthaithe ag Gaeloideachas.
  4. Beidh ar an téacs sa ghreannán a bheith scríofa go hiomlán i nGaeilge. Moltar go mbeadh an ealaín ildaite.
  5. Níl téama ar leith i gceist agus fáiltítear roimh shamhlaíocht an pháiste!
  6. Ní chóir don ghreannáin bheith níos mó ná leathanach A4 amháin.
  7. Is féidir píosa ealaíne d’aon ábhar a úsáid (mar shampla péint, cairtchlár, olann, srl.).
  8. Ba dheas teideal a chur leis an bpíosa ach níl sé seo riachtanach.
  9. Ní mór do thuismitheoirí / caomhnóirí grianghraf den phíosa ealaín a sheoladh isteach tríd an suíomh. Ní ghlacfar leis an mbunleagan sa phost.
  10. Is é 5i.n., 5 Bealtaine 2020 an spriocdháta.
  11. Beidh ar gach iarratasóir na sonraí seo a chur leis an iarratas: ainm an dhalta, ainm na scoile, ainm na healaíne, dáta breithe agus sonraí teagmhála an thuismitheora/chaomhnóra.
  12. Tá an comórtas teoranta d’iarratas amháin in aghaidh an duine.
  13. Tá painéal de mholtóirí ann a bheidh ag úsáid scéim mharcála chuí.
  14. Tá sé tábhachtach go dtuigeann an tuismitheoir/caomhnóir go mbeidh ainm agus grianghraf na n-iontrálacha ar fad á roinnt ar ár suíomh agus ar ár meáin shóisialta, ach amháin ach amháin sa chás go sonraítear nach dteastaíonn ón tuismitheoir / caomhnóir go ndéanfaí amhlaidh.
  15. Beidh dearbhán de €20 mar dhuais chun leabhar a cheannach ar line ag gach buaiteoir. Cuirfear teastas ar fáil freisin do gach buaiteoir.
  16. Is féidir iarratas a dhéanamh tríd an suíomh.