Comórtas na Cásca do Naíonraí
Critéir & Rialacha
Tá an comórtas seo ar oscailt do naíonraí amháin.
Tá físeán teagaisc ar fáil ar ár gcainéal YouTube ag léiriú conas cluasa coinín a dhéanamh:
- Roghnófar triúir buaiteoirí i gcatagóir na naíonraí.
- Níl téama ar leith i gceist agus fáiltítear roimh shamhlaíocht an pháiste!
- Níl teorainn le tomhais an phíosa a fhad is gur féidir é a sheoladh thar grianghraif.
- Is féidir píosa ealaíne d’aon ábhar a úsáid (mar shampla péint, cairtchlár, olann, srl.).
- Ba dheas teideal a chur leis an bpíosa ach níl sé seo riachtanach.
- Ní mór do thuismitheoirí / caomhnóirí grianghraf den phíosa ealaín a sheoladh isteach thar ríomhphost chuig cormac@gaeloideachas.ie nó thar na meáin shóisialta (féach thíos). Ní ghlacfar leis an mbunleagan sa phost.
- Is é 5i.n. ar an 15 Aibreán 2020 an spriocdháta.
- Beidh ar gach iarratasóir na sonraí seo a chur leis an iarratas: ainm an pháiste, ainm an naíonra, dáta breithe agus sonraí teagmhála an thuismitheora/chaomhnóra.
- Tá an comórtas teoranta d’iarratas amháin in aghaidh an duine.
- Tá painéal de mholtóirí ann a bheidh ag úsáid scéim mharcála chuí.
- Tá sé tábhachtach go dtuigeann an tuismitheoir/caomhnóir go mbeidh ainm agus grianghraf na n-iontrálacha ar fad á roinnt ar ár suíomh agus ar ár meáin shóisialta, ach amháin ach amháin sa chás go sonraítear nach dteastaíonn ón tuismitheoir / caomhnóir go ndéanfaí amhlaidh.
- Beidh dearbhán de €20 mar dhuais chun leabhar a cheannach ar line ag gach buaiteoir. Cuirfear teastas ar fáil freisin do gach buaiteoir.
- Is féidir iarratas a dhéanamh thar ríomhphost ag cormac@gaeloideachas.ie
- Is féidir iarratas a dhéanamh tríd na meáin shóisialta: Facebook @Gaeloideachas, Twitter @Gaeloid & Instagram @gaeloideachas.