Conas Iar-Bhunscoil a Bhunú

Feb 16, 2022

Bíonn Gaeloideachas ag obair le pobail i dtreo scoileanna lán-Ghaeilge nua a bhunú. Braitheann rathúlacht na n-iarratas ar scoileanna nua ar thacaíocht láidir ón bpobal agus ar léirithe spéise ó thuismitheoirí.  

Bunaítear scoileanna lán-Ghaeilge nua i mbealaí éagsúla, ach is é an bealach is coitianta ná nuair a fhógraíonn an Roinn Oideachais agus Scileanna go bhfuil scoil nua ag teastáil i gceantar faoi leith. Tarlaíonn sé seo nuair a shocraíonn siad nach bhfuil go leor spásanna i scoileanna áitiúla le freastal ar phobal an cheantair atá ag fás nó ag athrú. Cé nach bhfuil sé chomh coitianta céanna, féadtar soláthar nua lán-Ghaeilge a bhunú i scoil atá ann cheana freisin:  

  • nuair a shocraíonn scoil a fheidhmíonn trí mheán an Bhéarla éiteas teanga na scoile a athrú go héiteas lán-Ghaeilge; 
  • nuair a shocraíonn scoil a fheidhmíonn trí mheán an Bhéarla aonad nó sruth lán-Ghaeilge a oscailt (tá breis eolais ar céard is aonad ann anseo); 
  • nó nuair a thagann dhá scoil nó níos mó i gceantar le chéile le cónascadh a dhéanamh idir na scoileanna le scoil lán-Ghaeilge a bhunú. 

Nuair a shocraíonn an Roinn go bhfuil gá le scoil nua, tugtar cuireadh do phátrúin iarratas a dhéanamh ar oscailt na scoile nua mar chuid de phróiseas iomaíoch. Samplaí de phátrúin ná An Foras Pátrúnachta, Educate Together agus na Boird Oideachais agus Oiliúna. De ghnáth, téitear i gcomhairle le tuismitheoirí mar chuid den phróiseas seo agus bíonn feachtas ar bun ag pátrúin le tuismitheoirí a spreagadh vóta a chaitheamh ar a múnla oideachais faoi leith. Déantar seo trí chóras ar líne a ndéanann an Roinn bainistiú air. Le linn thréimhse an chomhairliúcháin, is féidir le tuismitheoirí a rogha pátrúin leis an scoil a bhainstiú a chur in iúl, mar aon lena rogha i taobh éiteas teanga na scoile (Béarla nó Gaeilge) de.  

Faoi láthair, táthar ag fanacht ar fhógra nua ón Roinn Oideachais maidir le scoileanna nua.  

Conas gur féidir liom tacaíocht a léiriú… 

… má tá vóta agam? 

Is féidir le tuismitheoir vóta a chaitheamh má tá siad ina gcónaí sa limistéar pleanála scoile agus páiste nó páistí acu atá ag aois faoi leith (Rang a haon go Rang a cúig mar shampla). Má tá vóta agatsa, is féidir leat cabhrú leis an bhfeachtas tríd é a chaitheamh ar son an oideachais lán-Ghaeilge. Is comhartha tacaíochta é seo seachas gealltanas go bhfuil tú chun do pháiste a chur chuig an scoil nua, agus tá fáilte romhat do pháiste a chlárú i scoil eile más mian leat. Cabhróidh sé cinntiú, áfach, go mbeidh rogha ag tuismitheoirí eile sa cheantar. 

Nuair a bhíonn feachtas ar siúl faoi chóras na Roinne, is ar an suíomh seo a bhíonn vótaí le clárú ag tuismitheoirí: patronage.education.gov.ie/  

… mura bhfuil vóta agam? 

Mura bhfuil tú sa limistéar pleanála scoile, nó má tá tú ag iarraidh do chuid tacaíochta a léiriú don bhfeachtas, ba bhreá linn fós do chuid cúnaimh. Cláraigh don liosta seachadta satá ag an bhForas Pátrúnachta dá gcuid feachtas ag http://gaelscoil4all.ie/ga/claraigh/ agus coinneofar suas chun dáta thú.