Cruinnithe Earnála na mBunscoileanna
Beidh Gaeloideachas ag reáchtáil cruinnithe earnála do na scoileanna ar-líne roimh Cruinniú Ginearálta na heagraíochta (a bheidh ar siúl ar an 17 Aibreán). Tá dhá earnáil bunscoile ann de réir bunreacht na heagraíochta, sé sin earnáil na mBunscoileanna Gaeltachta agus earnáil na mBunscoileanna lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht. Dá réir beidh dhá cruinniú éagsúla ar siúl do na bunscoileanna. Seo hiad na dátaí don dá cheann:
Cruinniú earnála na mBunscoileanna Lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht – Céadaoin, 10 Aibreán ag 14.00. Seo chugat an nasc don chruinniú.
Cruinniú earnála na mBunscoileanna Gaeltachta – Déardaoin, 11 Aibreán ag 14.00. Seo chugat an nasc don chruinniú.
Thíos uaidh seo tá dréachtchlár don chruinniú:
- Aithne a cur ar bhaill reatha agus nua Bord Stiúrtha Gaeloideachas
- Nuashonrú maidir le gníomhaíochtaí Gaeloideachas i réimse na hearnála
Ní leanfaidh an cruinniú ach 1/2 uair nó mar sin. Bheadh muid buíoch dá bhféadfadh duine ó do scoil freastail ar an gcruinniú seo. Scaip an scéal le’d thoil! Ag tnúth le buaileadh libh ann.