Cruinniú le hAire Leanaí nua, Norma Foley

D’fhreastal Katie, Bainisteoir Luathbhlianta na heagraíochta, ar chruinniú le gairid sa Roinn Leanaí. Thug an cruinniú seo deis do pháirtithe leasmhara eolas faoina n-earnáil féin a roinnt leis an Aire.
Phléadh na drochcoinníollacha pá, mí-éifeachtacht na bunmhaoiniú tríd an scéim ECCE, easpa múinteoirí luathbhlianta agus eile.
Anuas air sin, d’ardaigh Katie go bhfuil géarghá le stádas oifigiúil do na Naíonraí, go bhfuil gá le bunachar poiblí do thuismitheoirí agus go bhfuil gá le breis tacaíochtaí do sheirbhísí atá ag feidhmiú trí Ghaeilge.
Ghlac an Aire nóta ar an méid a roinneadh.