Cúinne COMHAR: Comórtas Leabhar

Oct 21, 2025

Tá an-áthas orainn dul i gcomhpháirtíocht le foilsitheoir COMHAR i mbliana, agus lena chéile, ba mhaith linn béim a chur ar an léitheoireacht sna naíonraí. Mar chuid de seo, beidh deis leabhar a bhuachan i ngach nuachtlitir ó seo ar aghaidh. Ní ghá ach súil a choinneáil anseo, i gCúinne COMHAR.

Chun an leabhar thuas a bhuachan, freagair an cheist thíos trí ríomhphost a sheoladh chuig katie@gaeloideachas.ie

Oíche Shamhna’ le Marie Whelton, maisithe ag Frank Endersby

Blurba: Céard a dhéanfaidh tú Oíche Shamhna? Conas a ghléasfaidh tú? An mbeidh tú i do thaibhse? An ngléasfaidh tú mar chailleach? Nó an mbeidh tú i do vaimpír?

Ar an oíche is spraíúla sa bhliain, cabhróidh an dán gutha seo le páistí ar gach aois róil éagsúla a ghlacadh.

Cuirtear acmhainní breise ar fáil sa leabhar seo le scileanna a fhorbairt chun cumarsáid faoi Oíche Shamhna a éascú ar bhealach spraíúil.

  • Ceist 1: Cad iad na trí acmhainn breise a chuirtear ar fáil sa leabhar seo? Leid anseo 
  • Ceist 2: Cén bliain inar foilsíodh an leabhar seo? Leid anseo