Cuireadh chun iarratas a dhéanamh ar phátrúnacht sé iar-bhunscoil nua

Aug 19, 2019

Inniu, thug an Roinn Oideachais & Scileanna cuireadh do phátrúin ionchasacha iarratais a dhéanamh ar phátrúnacht na sé scoil nua atá le hoscailt i 2020, le freastal ar an éileamh ó dhaonraí méadaitheacha i Mórcheantar Bhaile Átha Cliath, sa Mhí/Cill Dara agus i gCill Mhantáin.

Osclóidh na scoileanna nua sna ceantair seo a leanas:

  • Baile Átha Cliath 15: Limistéir pleanála scoile Bhaile Bhlainséir Thiar agus Shráidbhaile Bhaile Bhlainséir, láthair na scoile le deimhniú
  • Baile na nGabhar: san áit ina raibh Láithreán áineasa Irish Glass Bottle
  • An Bóthar Buí: Limistéar pleanála scoile Chill Choca, láthair na scoile le deimhniú
  • Iarthar na Cathrach/Teach Sagard: ar láithreán Bord Oideachais agus Oiliúna i Lána Bhaile Uí Fhoirtcheirn
  • Crois Araild: san áit ina raibh Staid Con Chrois Araild
  • Cill Mhantáin: Limistéir pleanála scoile Chill Chomhghaill agus na gCloch Liath, láthair na scoile le deimhniú

Nuair a bheidh a gcuid iarratais déanta ag na pátrúin leis an Roinn, reáchtálfar suirbhé ar líne ar shainroghanna tuismitheoirí maidir leis na scoileanna nua. Beidh tuismitheoirí a mbeidh a leanaí ag tosú na chéad bhliana ar an meánscoil idir na blianta 2020 agus 2024 agus atá ina gcónaí sna limistéir pleanála scoile lena mbaineann i dteideal a sainroghanna pearsanta a chur in iúl sa suirbhé, agus rogha a chur in iúl cé acu ab fhearr leo oideachas trí Ghaeilge nó oideachas trí Bhéarla.

Le tuilleadh eolais a fháil maidir leis an bpróiseas, nó maidir le buntáisti an oideachas lán-Ghaeilge, tá an-fháilte romhat teagmháil a dhéanamh linn ar 01 8535195 nó eolas@gaeloideachas.ie. Tá eolas luachmhar eile do thuismitheoirí ar an suíomh: Eolas do Thuismitheoirí

Roinnfear gach eolas agus nasc chuig an suirbhé do thuismitheoirí a luaithe is a mbeidh sé ar fáil (i ndiaidh an spriocdháta do na pátrúin ar an 28 Lúnasa).