Cuireadh Do Mhuire

An eol duit, a Mhuire,
cá rachair i mbliana
ag iarraidh foscaidh
dod leanbh naofa;
tráth bhfuil gach doras
dúnta ina éadan
ag fuath is uabhar
an chine daonna?

Deonaigh glacadh
le cuireadh uaimse
go hoileán mara
san iarthar chianda.
Beidh coinnle geala
i ngach fuinneoig lasta
is tine mhóna
ar theallach adhanta.

An eol duit, a Mhuire,
cá rachair i mbliana
ag iarraidh foscaidh
dod leanbh Naofa?
Beidh coinnle geala
i ngach fuinneoig lasta
is tine mhóna
ar theallach adhanta.

Físeán le TG Lurgan ar YouTube.
Tuilleadh ar fáil ar 🎶 Amhráin na Nollag 👼🎄🎅