Products

Cart

Cúla4: An t-Earrach

by | Jan 26, 2021 | Ceannlíne, Ginearálta, Múinteoirí, Tuismitheoirí

Seachtain 3 – ón Luan 1 go Déardaoin 4 Feabhra agus Seachtain 4 – ón Luan 8 go Déardaoin 11 Feabhra

Díreofar ar an téama ‘An t-Earrach’ an choicís seo ar CÚLA4 AR SCOIL. Beidh Múinteoir Orla ag féachaint ar bhláthanna an Earraigh agus rachaidh sí trí na céimeanna linn le conas síol a chur. Taispeánfaidh sí dúinn cén chaoi le Cros Bhríde a dhéanamh chomh maith.

Breathnóidh Múinteoir Mícheál ar an bhféile Cheilteach, Imbolg, a cheiliúrtaí fadó an t-am seo den bhliain agus tabharfaidh sé léargas ar shaol na gCeilteach trí chéile sa stair. Chomh maith leis sin, taispeánfaidh sé dúinn conas snaidhm Cheilteach a tharraingt.

Sa mhatamaitic, díreoidh an bheirt mhúinteoirí ar Am.  Míneoidh Múinteoir Orla an clog analóige agus conas uair, leathuair tar éis, ceathrú huair tar éis agus ceathrú chun a léamh agus díreoidh Múinteoir Mícheál ar chriosanna ama agus ar an gclog digiteach.

Beidh Cúla4 ar Scoil ar TG4 gach lá ó Luan go Déardaoin ag 10am agus arís ag 4pm. 
Is féidir breathnú ar na cláracha ar cula4.com nó ar TG4.ie agus tá ceachtanna ar fáil ar YouTube Cúla4.  

https://www.youtube.com/playlist?list=PLbcLsUBW9b3B5DD8uXW0rJySgsqAeed1C

https://www.youtube.com/playlist?list=PLbcLsUBW9b3DVprPwU4hHT73VdmmY45b