Curaclam Teanga na Bunscoile Seolta

Sep 13, 2019

Sheol Joe McHugh TD, an tAire Oideachais agus Scileanna, Curaclam Teanga na Bunscoile/Primary Language Curriculum inniu. Is é atá sa Churaclam ná athrú bunúsach sa dóigh a bhfoghlaimíonn leanaí Béarla agus Gaeilge ar scoil.

Tá an curaclam nua á thabhairt isteach do dhaltaí de gach cumas i ngach bunscoil, idir rang na naíonán sóisearach agus rang a sé i scoileanna Béarla, scoileanna Gaeltachta, scoileanna lán-Ghaeilge agus scoileanna speisialta.

Is ionann an struchtúr agus na snáitheanna sa leagan Béarla agus sa leagan Gaeilge den churaclam, rud a thacaíonn le foghlaim leanaí sa dá theanga agus a aithníonn éagsúlacht na dteangacha a labhraítear inár mbunscoileanna.

Dúirt an tAire McHugh: “Is forbairt iontach í seo a bhunathróidh an dóigh a dteagasctar Béarla agus Gaeilge inár seomraí ranga agus a mhúnlóidh foghlaim ár ndaltaí sna blianta atá le teacht.

“Is fusa do dhaoine foghlaim nuair atá an t-ábhar tarraingteach agus ábhartha agus nuair a bhaintear taitneamh as na modhanna foghlama. Sa churaclam nua, aithnítear go bhfuil múinteoirí ina ngairmithe oilte a dhéanann cinntí tábhachtacha faoi fhoghlaim agus teagasc. Ag an am céanna, soláthraítear leis an gcuraclam na huirlisí agus an tacaíocht a theastaíonn ó leanaí chun a chinntiú go mbeidh siad in ann fás agus forbairt agus go mbeidh siad ullmhaithe don chéad chéim eile dá gcuid oideachais agus don saol ina dhiaidh sin.”

I mí Mheán Fómhair 2016, cuireadh tús le Curaclam Teanga na Bunscoile a thabhairt isteach de réir a chéile sna ranganna ó rang na naíonán sóisearach go rang a dó.

Aithnítear ar fud an domhain gur fusa do leanaí scileanna comhchosúla i dteanga eile a fhorbairt tar éis dóibh scileanna i dteanga amháin a fhorbairt. Cuid thábhachtach den timpeallacht foghlama teanga sin sa churaclam nua a bheidh i mbéim ar eispéiris spraíúla tharraingteacha a sholáthar do leanaí níos óige. Sa seomra ranga, tugtar spreagadh do leanaí caint agus a gcuid tuairimí agus smaointe a thabhairt mar aon leis an obair chun léitheoireacht agus scríbhneoireacht a fhorbairt.

Tá sé mar aidhm leis an gcuraclam tacaíocht a thabhairt do leanaí agus cur ar a gcumas dul chun cinn a dhéanamh ar a luas féin agus trí chaidreamh atá tacúil, tarraingteach agus cuimsitheach.

Úsáideadh an t-aiseolas ó thabhairt isteach Churaclam Teanga na Bunscoile sa bhliain 2016 i leith chun eolas a dhéanamh d’fhorbairt an churaclaim. Is é an toradh atá ar an aiseolas ná curaclam níos cuíchóirithe agus níos sorochtana a éascaíonn eispéiris tharraingteacha shaibhre foghlama teanga do leanaí inár scoileanna.

Tá Curaclam Teanga na Bunscoile á thabhairt i bhfeidhm anois do gach rang.

Éascóidh sé leanúnachas an eispéiris agus an dul chun cinn de réir mar a aistríonn leanaí ón réamhscoil chuig an mbunscoil agus ar aghaidh chuig an iar-bhunscoil. I gcás leanaí a bhfuil riachtanais oideachais speisialta acu, glactar cur chuige difreáilte ar fud an churaclaim, áit a ndírítear ar riachtanais shainaitheanta gach linbh chun a chinntiú go mbainfidh siad lán a gcumais amach.

Dúirt an tAire McHugh: “Tá súil agam go mbainfidh na múinteoirí go léir a bheidh ag obair leis an gcuraclam nua taitneamh as na deiseanna nua a chruthaíonn sé chun grá do theangacha agus d’fhoghlaim a spreagadh i measc ár leanaí. Is eol dom go dtógfar roinnt ama chun a chinntiú go mbeidh gach duine dea-eolach ar an gcuraclam nua agus ar an líon ard tacaí atá ar fáil. Ní mór dúinn obair le chéile chun a chinntiú go n-éireoidh linn. D’éist mé leis an aiseolas a fuarthas ó mhúinteoirí agus ó cheannairí scoile ina n-iarrann siad am agus tacaíocht chun an curaclam nua seo atá bunaithe ar thorthaí foghlama a leabú.

“Táimid ag tabhairt cineál marthanach tacaíochta scoilbhunaithe, mar atá cuairteanna ag ár seirbhísí tacaíochta ar scoileanna, agus ábhar tacaíochta nua agus athraithe chun dáta do mhúinteoirí.

“Ní sa seomra ranga amháin a tharlaíonn foghlaim teanga, ach tarlaíonn sí an t-am ar fad. Tá ríméad orm, mar sin, go bhfuilimid ag seoladh faisnéis nua ar líne freisin chun cabhrú le tuismitheoirí tuiscint a ghnóthú ar an gcuraclam nua agus cúnamh a thabhairt dá leanaí le linn a n-aistir foghlama teanga.

Rinneadh méid ollmhór oibre ar an gcuraclam agus na hacmhainní tacaíochta a fhorbairt. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le gach duine a ghlac páirt san obair sin agus leis na daoine sin a thug aiseolas rí-úsáideach ar an gcuraclam dúinn le trí bliana anuas chun cabhrú linn é a fheabhsú agus eispéireas foghlama ár leanaí a bhreisiú.”

Preasráiteas iomlán ar www.education.ie